Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Dúiche

Sceideal: B - Foirmeacha in imeachtaí coiriúla

Foirm: 17.18 Barántas chun coinneáil duine athghafa a fhadú - An tAcht um Cheartas Coiriúil 2007, alt 50

I.R. Uimh. 33 de 2010

Sceideal B
O17.r.12


17.18

AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL 2007, ALT 50

BARÁNTAS CHUN COINNEÁIL DUINE ATHGHAFA A FHADÚ


Ceantar Cúirte Dúiche

Dúiche Uimh.

DE BHRÍ, ar iarratas trí fhaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn ó

............, comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Príomh-Cheannfort de bhun

*alt 50(3)(c)den Acht thuasluaite, arna chur chun feidhme le hAlt 51(3)(a) den Acht sin ar bharántas á údarú an duine sin a choinneáil go ceann tréimhse breise nach faide ná 24 huaire an chloig,

*alt 50(3)(g)(i) den Acht thuasluaite, arna chur chun feidhme le hAlt 51(3)(b) den Acht sin ar bharántas á údarú an duine sin a choinneáil go ceann tréimhse breise nach faide ná 72 uair an chloig,

*alt 50(3)(h)(i) den Acht thuasluaite, arna chur chun feidhme le hAlt 51(3) den Acht sin ar bharántas á údarú an duine sin a choinneáil go ceann tréimhse breise nach faide ná 48 n-uaire an chloig,

gur léir gur gabhadh .........., as ........., an ... lá de ..... 20.. ar.... a.m./p.m. de bhun barántais faoi alt 51(1) den Acht um Cheartas Coiriúil 2007 (ar scaoileadh saor é/í roimhe seo tar éis é/í a ghabháil) mar gheall ar dhrochamhras go ndearna sé/sí cion lena mbaineann alt 50 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007, eadhon .................., agus go bhfuil sé/sí faoi choinneáil faoi láthair i ............... de bhun

*ordacháin faoi alt 50(3)(b) den Acht thuas, arna chur chun feidhme le hAlt 51(3) den Acht sin, is tréimhse choinneála údaraithe a rachaidh in éag an ... lá de ..... 20... ar .... a.m./p.m.

*barántais faoi alt 50(3)(d) den Acht thuas, arna chur chun feidhme le hAlt 51(3)(a) den Acht sin á údarú tréimhse choinneála a fhadú, is tréimhse choinneála údaraithe a rachaidh in éag an ... lá de ... 20... ar ..........a.m./p.m.

*barántais faoi alt 50(3)(g)(ii) den Acht thuas, arna chur chun feidhme le hAlt 51(3) den Acht sin á údarú tréimhse choinneála a fhadú, is tréimhse choinneála údaraithe a rachaidh in éag an .... lá de ..... 20... ar ..... a.m./p.m.

AGUS DE BHRÍ, TAR ÉIS AN FHAISNÉIS SIN A GHLACADH

TAR ÉIS an .............. sin, is é sin, an duine lena mbaineann an t-iarratas, a bheith tugtha os mo chomhairse,

*AGUS TAR ÉIS an fhianaise a tugadh ar aird agus an méid a chuir an t-iarratasóir sin agus an duine sin .......... faoi mo bhráid a éisteacht

*AGUS, á mheas gur ar mhaithe leis an gceartas déanamh amhlaidh, ar ordú do chomhalta eile den Gharda Síochána, eadhon .......... as .................., fianaise béil a thabhairt, ar éisteacht an iarratais a chur ar atráth chun an fhianaise sin a ghlacadh agus ar an bhfianaise sin a ghlacadh agus a éisteacht

GUR DEIMHIN LIOM gur gá an ............. sin a choinneáil níos faide chun imscrúdú cuí a dhéanamh ar an gcion lena mbaineann agus go bhfuil an t-imscrúdú á sheoladh go dícheallach dlúsúil.

ÚDARAÍM LEIS SEO .............. a choinneáil go ceann tréimhse breise .. huaire / n-uaire / uair an chloig, is tréimhse choinneála bhreise a thosóidh ag deireadh na tréimhse coinneála a údaraítear

*leis an ordachán faoi alt 50(3)(b) den Acht, arna chur chun feidhme le halt 51(3) den Acht

*leis an mbarántas faoi alt 50(3)(d) den Acht, arna chur chun feidhme le halt 51(3)(a) den Acht,

*leis an mbarántas faoi alt 50(3)(g)(i) den Acht, arna chur chun feidhme le halt 51(3) den Acht,

nó, más déanaí é, ar an iarratas a chinneadh tríd an mbarántas seo a eisiúint

Arna dhátú agus arna eisiúint an ... lá de ...... 20... ar ..... a.m./p.m.

Arna shíniú .................................

Breitheamh den Chúirt Dúiche

Do: *Príomh-Cheannfort an Gharda Síochána i

*An duine atá i bhfeighil an ionaid choinneála i

*Scrios i gcás nach n-oireann