Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Dúiche

Sceideal: B - Foirmeacha in imeachtaí coiriúla

Foirm: 2.1 Fógra i dtaobh cúirt a chur ar atráth
Uimh. 2.1

FÓGRA I dTAOBH CÚIRT A CHUR AR ATRÁTH


Ceantar Cúirte Dúiche

Dúiche Uimh.

Ceanglaítear leis seo ar gach uile dhuine lena mbaineann fógra a ghlacadh *(de bhun treorach arna fáil ón mBreitheamh den Chúirt Dúiche atá sannta don Dúiche seo)

*(toisc gan an Breitheamh den Chúirt Dúiche atá sannta don Dúiche seo a bheith i láthair sa Chúirt Dúiche a bhí ceaptha a bheith ina suí anseo inniu laistigh den tréimhse atá forordaithe), go ndéanaimse leis seo, i mo Chléireach don cheantar cúirte thuasluaite, suí na Cúirte seo a chur ar atráth go dtí an ... lá de ..... 19.., ar ... .m. agus ceanglaítear leis seo ar gach uile dhuine, agus ní mór do gach uile dhuine, a toghaireadh chun freastal a dhéanamh nó ar ceanglaíodh air/uirthi le cúirtbhanna freastal a dhéanamh sa Chúirt seo a bhí le bheith ina suí anseo inniu, freastal a dhéanamh mar a dúradh gan aon fhógra eile.

Arna dhátú an .... lá seo de .... 19....

Arna shíniú .......................

Cléireach Cúirte Dúiche


*scrios cibé ceann nach n-oireann