Rialacha na Cúirte Dúiche
Sceideal: B - Foirmeacha in imeachtaí coiriúla Foirm: 21.9 Deimhniú faoi alt 58, an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008
I.R. Uimh. 94 de 2010
SCEIDEAL B
O. 21, r. 4
Uimh. 21.9
DEIMHNIÚ FAOI ALT 58, AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (CÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH), 2008
Ceantar Cúirte Dúiche
Dúiche Uimh.
............. Ionchúisitheoir
............. Cúisí
De bhrí go ndearnadh ordú forghéillte sna himeachtaí a bhfuil an teideal thuas orthu an ..... lá de ...... 20 ..... i leith [cuir isteach sonraí na maoine sa Stát ainmnithe]
DEIMHNÍMSE
*go bhfuil an tréimhse ama fhorordaithe chun achomharc i gcoinne an ordaithe sin a thaisceadh imithe in éag.
*maidir leis an tréimhse ama fhorordaithe chun achomharc i gcoinne an ordaithe sin a thaisceadh, go rachaidh sí in éag an ..... lá de ....... 20 ....
*[go bhfuil cóip den ordú forghéillte sin arna fíordheimhniú go cuí i gceangal leis an deimhniú seo]
(Arna shíniú)
An Cléireach Cúirte Dúiche
*Scrios de réir mar is cuí
|