Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Dúiche

Sceideal: C - Foirmeacha in imeachtaí sibhialta

Foirm: 40.03 Toiliú
I.R. Uimh. 17 de 2014
40.03

Toiliú


Sceideal C
O.40, r.7

......... Éilitheoir

......... Freagróir


An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, alt 77A

Acht na gCúirteanna, 1991, alt 4(c)

TOILIÚ


Tá imeachtaí sibhialta tionscanta ag an éilitheoir sa Chúirt i gcoinne an fhreagróra lena n-éilítear [cuir isteach tuairisc ar an éileamh ón bhfógra éilimh, e.g. sárú conartha, faillí, etc]

Is imeachtaí sibhialta den chineál a luaitear in alt 77A den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 iad na himeachtaí sibhialta agus is mó an *(méid € ...... a éilítear) *(cíos bliantúil € ..... a shonraítear) ná an teorainn airgeadaíochta €15,000 ag a bhfuil feidhm de thuras na huaire faoin alt sin.

DÉANAIMIDNE, *an t-éilitheoir *(aturnae ar son an éilitheora) agus *an freagróir *(aturnae ar son an fhreagróra), A THOILIÚ AGUS A CHOMHAONTÚ LEIS SEO go ndéanfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúiche atá sannta don cheantar Cúirte thuas an dlínse a fheidhmiú sna himeachtaí sibhialta seo a thugtar leis an gcoinníoll (a cuireadh isteach le halt 4(c) d’Acht na gCúirteanna, 1991) a ghabhann le halt 77A den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 chun na himeachtaí sibhialta a éisteacht agus a chinneadh,

AGUS SÍNÍMID an toiliú seo i gcomhlíonadh théarmaí an choinníll sin.

Arna dhátú an ..... lá seo de ...... 20....

Arna shíniú: ..........

*An t-éilitheoir *(Aturnae ar son an éilitheora)

Arna shíniú: ...........

*An freagróir *(Aturnae ar son an fhreagróra)

Do: Cléireach Cúirte Dúiche i ........

*Scrios i gcás nach n-oireann