Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

An Chúirt Cuarda - Bunchíos


Naisc ghaolmhara
Oifigí na Cúirte Cuarda
Dátaí suí Chláraitheoirí an Chontae
Táillí na Cúirte Cuarda
Iarratas ar bhunchíos - teimpléid

Iarratas ar bhunchíos

Doiciméid atá le comhdú:

  • Fógra iarratais leis an dleacht stampa cuí agus mionnscríbhinn leis an dleacht stampa cuí
  • Iarratas le dréachtú faoi réir alt 4 de na hAchtanna um Thiarnaí Talún & Tionóntaí (Bunchíosanna) 1967 - 2005 - féach foirm 32A agus foirm 32B i Rialacha na Cúirte Cuarda
  • Caithfear fótachóipeanna de dhoiciméid léasa / teidil a chomhdú seachtain amháin roimh dáta na héisteachta
  • Doiciméid teidil bunaidh le tabhairt chun na cúirte.
  • Caithfidh an fógra bunaidh (an nuachtán ar fad) a bheith sa chúirt ar an lá. Caithfear an fógra a fhoilsiú 21 lá sular féidir an iarratas a lóisteáil sa Chúirt Chuarda - teimpléad an fhógra.

Uimhir Thaifid:

  • Ní thugtar an uimhir thaifid ag an gcuntar. Cuirfear an uimhir thaifid ar aghaidh chuig aturnaetha.

Seirbheáil:

  • Fógra go bhfuil sé beartaithe an t-uasleas/na huasleasanna cruthaithe ar fad a fháil - alt 4, an tAcht 1967 - féach fógra beartaithe samplach
  • Nuair atá uasleasanna anaithnid nó gan a bheith déanta amach, cur fógra san Iris Dlí / nuachtán náisiúnta.  Tabhair fógra 21 lá glan roimh dháta an iarratais.
  • Nuair nach féidir teacht ar aontú i gcás uasleas cruthaithe nó nuair atá an leas sin anaithnid nó gan a bheith déanta amach ansin déantar iarratas le Cláraitheoir an Chontae.

Lóisteálacha:

  • Nuair a dhéantar an bronnadh, má tá lóisteáil le déanamh ba chóir go mbeadh an seic iníoctha le Cláraitheoir an Chontae agus lóisteáilte in Oifig na Cúirte Cuarda.

Gníomhais:

  • Déanann an aturnae an gníomhas a dhréachtú agus a lóisteáil le bheith faofa ag Cláraitheoir an Chontae agus sínithe ag an oifigeach cúirte sannta.
  • Nuair atá an gníomhas á dhréachtú, - déan tagairt do na clásail samplacha

Achomhairc:

  • Caithfear achomhairc a lóisteáil taobh istigh de 6 sheachtaine ó dháta an bhronnta.  Fógra foriarratais agus mionnscríbhinn a lóisteáil.

Iarratas chun airgid a éileamh:

  • Déanfar an t-iarratas trí fhoriarratas agus mionnscríbhinn roimh bhreitheamh. Caithfidh an t-iarrthóir an teideal a chruthú (doiciméid teidil / foilseáin / mionnscríbhinní srl. bunaidh)





Teastaíonn tacaíocht do JavaScript chun an suíomh Gréasáin seo a úsáid. Déan cinnte go bhfuil do bhrabhsálaí cothrom le dáta agus go dtacaíonn sé le JavaScript.