Gnó Sibhialta sa Chúirt Dúiche
Naisc ghaolmhara
Oifigí Cúirte Dúiche
Is é €15,000 dlínse na Cúirte Dúiche i ngach cás.
caingne sibhialta um chonradh,
sárú conartha,
tort agus éilimh ar dhamáistí nach mbaineann le conradh
aisghabháil an airgid a íocadh,
eisiachtainí ó áitribh phríobháideacha ar cíos.
iarratais um dhíobhálacha mailíseacha
leasuithe ar theastais bhreithe,
teastais phósta
eadóirseacht eachtrannach.
Is liosta é seo a leanas den ghnó sibhialta a dhéantar in oifig na Cúirte Dúiche;
toghairmeacha sibhialta/toghairmeacha sibhialta achoimre/toghairmeacha naíonán/toghairmeacha eisiachtana a eisiúint
dátaí fillte agus éisteachta a shocrú um éisteacht le gnó sibhialta
an t-airgead go léir a fháil a bhaineann le lóisteálacha, cuntais naíonán, barántais forfheimiúcháin
toghairmeacha féichiúnaí, toghairmeacha athraithe, toghairmeacha cimithe, orduithe um ghabháil agus príosúnacht, orduithe tráthchoda, orduithe athraithe a eisiúint
foraitheanta breithiúnais achoimre, meamram ar chlárú breithiúnais a eisiúint
achomharc i gcoinne orduithe a phróiseáil
airgead a infheistiú ar mhaithe le naíonáin mar thoradh ar orduithe cúirte a bhaineann leis na naíonáin sin
toghairmeacha díobhálacha mailíseacha a eisiúint agus na horduithe sin a fhoirfiú
toghairmeacha dlínse sheachtraí a eisiúint
toghairmeacha sibhialta a aistriú ó chúirt dúiche chuig an gcúirt chuarda
billí sibhialta a fháil ón gcúirt chuarda d'fhonn éisteacht leo sa chúirt dúiche
faisnéis a chur ar fáil don lucht gairme dlí, gearánaí, cosantóir agus an pobal, maidir le dátaí cúirte, dátaí éisteachta, foraitheanta a dhéantar agus atráthanna
mionnscríbhinn morgáiste breithiúnais a dheimhniú
mionnscríbhinní sásaimh a chur leis an taifead breithiúnais, teastais sásaimh agus/nó meamraim shásaimh a eisiúint ar chlárú breithiúnais