Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Máistrí Fómhais na hArd-Chúirte


Naisc ghaolmhara
Oifig na Máistrí Fómhais
Cánachas ar chostais - leabhrán eolais

Cánachas ar Chostais

Nuair a thabhaíonn duine nó cuideachta, páirtí mar is aithne orthu chomh maith, costais de bharr caingne dlí, féadfar cáin a ghearradh ar na costais sin.

Is ionann cánachas ar chostais agus measúnú agus tomhas ar chostais dlíthiúla a dhéanann oifigeach ar a dtugtar an Máistir Fómhais.

Soláthraíonn an Máistir Fómhais próiseas measúnaithe ar chostais dlíthiúla atá neamhspleách agus neamhchlaonta agus é mar aidhm aige teacht ar chothromaíocht idir na costais íoctha agus na seirbhísí soláthraithe.

An Máistir Fómhais

Déanann an Máistir Fómhais feidhm de nádúr breithiúnach a chomhlíonadh maidir le costais. Soláthraíonn Acht na nOifigeach Cúirte, 1926 gur chóir d'Oifig na Máistrí Fómhais a bheith ceangailte leis an Ard-Chúirt. Tá post na Máistrí Fómhais agus oifig na Máistrí Fómhais rialaithe anois ag Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961. Soláthraíonn an tOchtú Sceideal ag Alt 19 "go mbeidh na dualgais a leanas agus comhlíonadh na ndualgas sin ag gach ceann de na máistrí Fómhais;

  • na cumhachtaí, údaráis, dualgais agus feidhmíochtaí mar atá don am á bhronnadh nó á shannadh dóibh ag reacht nó riail na cúirte;
  • murach agus go dtí go soláthraítear a mhalairt trí reacht nó riail na cúirte - na cumhachtaí, údaráis, dualgais, agus feidhmíochtaí ar fad maidir leis an Ard-Chúirt agus an gCúirt Uachtarach, mar a bhí cheana, agus comhlíonta ag na Máistrí Fómhais ón iar-Chúirt Uachtarach Breithiúnais i nDeisceart Éireann maidir leis an gCúirt sin;
  • murach agus go dtí go soláthraítear a mhalairt trí reacht nó riail na cúirte - na cumhachtaí, údaráis, dualgais, agus feidhmíochtaí ar fad maidir leis an gCúirt Achomhairc Choiriúil, an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na hArd-Chúirte, mar a bhí díreach roimh dháta oibritheach sealbhaithe nó feidhmithe acu maidir leis an gCúirt Achomhairc Choiriúil, an Príomh-Bhreitheamh agus Uachtarán na hArd-Chúirte atá ann cheana féin faoi seach;
  • cumhachtaí, údaráis, dualgais agus feidhmíochtaí eile mar a bhí díreach roimh i rith an Achta 1924 dílsithe nó leagtha trí dhlí ar roinn Máistrí Fómhais den iar-Chúirt Uachtarach Breithiúnais i nDeisceart Éireann; agus
  • an dualgas aon cháin ar chostais a bheith aimsithe, ceadaithe nó íoctha ag aturnae go cuí do ghnó ar nó tar éis an 1 lá Deireadh Fómhair 1957, maidir le feidhmíocht na gcumhachtaí ag údarás áitiúil faoi Achtanna (Éire) na nOibrithe 1883 go dtí 1958.

Tá sé mar dhualgas aige measúnú a dhéanamh maidir le luach saothair chothrom agus réasúnta atá le híoc ag páirtí amháin leis an taobh eile.

Ba chóir a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon chumhachtaí rialúcháin nó iniúchta ag an Máistir Fómhais maidir le líomhaintí de tháilli iomarcacha ó aturnaetha, agus é seo mar fheidhm reachtúil den Dlí-Chumann na hÉireann.

I láthair na huaire, tá beirt Mháistrí Fómhais.

An uair a ghearrtar cáin ar chostais

Go hiondúil déantar cáin a ghearradh ar chostais ag deireadh an cháis, ach ní mar sin a tharlaíonn i gcónaí agus d'fhéadfadh Cúirt costais a bhronnadh maidir le hiarratais áirithe roimh dheireadh iarbhír na cúise nó na ceiste os a chomhair.

Costais éilimh an pháirtí - go hiondúil an Gearánaí nó Cosantóir, a chaithfidh léiriú chun sásúlachta an Mháistir Fómhais go bhfuil na costais a tabhaíodh ceart agus réasúnta sna cúinsí ar fad. Tá an Máistir Fómhais á threorú ag taithí leathan, a baineadh ó chúlra gairmiúil mar aturnae agus i gcostais chánach.

Catagóirí na gCostas

Tá dhá phríomhchatagóir costais ann;

(i) Costais Pháirtí agus Páirtí, agus

(ii) Costais an Aturnae agus an Chliaint

Costais Pháirtí agus Páirtí:

Clúdaíonn costaisPháirtí agus Páirtí na costais ar fad, táilli agus caiteachais a tabhaíodh go réasúnta ag páirtí amháin do chuspóirí na n-imeachtaí ábhartha go bhfuil dualgas ar an taobh eile a íoc. D'fhéadfadh costais a bheith i gcaingean nach bhfuil ceadaithe mar chostais Pháirtí agus Páirtí. Caithfidh an páirtí atá ag éileamh costais a fhírinniú an fáth gur tabhaíodh iad agus an fáth gur chóir na costais sin a cheadú. D'fhéadfaí nach gclúdódh Costais Pháirtí agus Páirtí iomlán na gcostas a tabhaíodh i gcaingean agus tá sé seo inghlactha ag an gcúirt:-

Sna costais idir páirtí agus páirtí ní fhaigheann duine slánaíocht iomlán do chostais a tabhaíodh in aghaidh an chinn eile. An prionsabal atá le meas maidir le costais pháirtí agus páirtí ná go bhfuil tú faoi cheangal i stiúradh an cháis meas a bheith agat ar an bhfíric go bhféadfaí go mbeadh ar do choimhlinteoir ar deireadh do chuid costas a íoc. Ní féidir leat a bheith tugtha do 'shócúlacht na híocaíochta'; ...."

Breathnaítear ar na costais, táillí agus caiteachais sin a léirítear don Mháistir Fómhais mar riachtanach i dtéarmaí an dlí a bhaint amach nó forghníomhú nó cosaint na gceart do dhuine mar chostais atá ceadaithe go bunúsach.

Costais an Aturnae agus an Chliaint

Is iad costais an Aturnae agus an Chliaint ná na costais sin go bhfuil dualgas ar an gcliant íoc le haturnae agus nach féidir a aisghabháil faoi chostais Pháirtí agus Páirtí.

Tá glactha ag an gcúirt go bhfuil an t-idirdhealú a leanas déanta idir costais Pháirtí agus Páirtí agus costais Aturnae agus Cliaint i gcaingean éigin:-

"Ní chiallaíonn costais an Ghearánaí in aghaidh an pháirtí na costais ar fad atá tabhaithe aige ach na costais ar fad atá tabhaithe aige trí bheart an chosantóra. Sin í an difríocht idir costais pháirtí agus páirtí agus costais aturnae agus cliaint - m.sh. b'fhéidir go mbeadh sé réasúnta roinnt comhairliúchán a bheith agat ach ní leanann sé gur chóir dóibh iad ar fad a fháil in aghaidh an pháirtí."

Billí na gCostas

Soláthraíonn Alt 68 d'Acht na nAturnaetha (Leasú), 1994 do tháillí na gcliant. Faoi na forálacha seo ba chóir d'aturnae ráiteas sonraithe de na costais dlíthiúla ar fad a thabhairt dá chliant. Ba chóir go gcuimseodh ráiteas na gcostas:-

(a) achoimre ar na seirbhísí dlí soláthraithe;

(b) méid iomláin damáistí a aimsíodh nó airgid eile a rinneadh a aisghabháil;

(c) sonraí de na táillí ar fad tabhaithe agus nádúr na dtáillí céanna.

Ag deireadh an ghnó go ginearálta nó trí shocrú leis an gcliant, soláthróidh an t-aturnae ráiteas sonraithe de na costais ar a nglaoitear Bille Costais.

Go ginearálta, roimh aon íocaíocht a dhéanamh ar chostais, tá ceart ag an gcliant cáin a fháil ar a c(h)uid costas féin. Ag deireadh an chánachais tá dleacht gearrtha ar mhéid na gcostas ceadaithe ag an Máistir Fómhais - leagtha amach san Ordú Táillí um an gCúirt Uachtarach agus an Ard-Chúirt. Cibé ar bith, i gcánachais d'Aturnae agus Cliant, má chealaítear níos mó ná aon séú den mhéid a éilíodh, b'fhéidir nach mbeadh an cliant faoi dhliteanas na dleachta seo, ach más amhlaidh tá an dleacht seo iníoctha ón Aturnae a chur i láthair Bille Costais.

Nuair a ghearrtar cáin ar Bhille Costais léireoidh an Bille ar ceadaíodh míreanna áirithe i bpáirt nó ina iomláine agus beidh méid na hasbhainte sin le feiceáil i gcolún ar leith sa Bhille. Tá costais an chánachais faoi rogha an Mháistir Fómhais.

Cuimsíonn Bille Costais leathanaigh atá scoilte i seacht gcolún dhifriúla. Cuimseoidh na colúin eolas mar a leanas;

Colún 1 - dátaí

Colún 2 - an líon míreanna costais. Ba chóir uimhir ar leith a thabhairt do gach mír

Colún 3 - sonraí na seirbhísí ar gearradh táille orthu

Colún 4 - am méid maidir le heisíocaíochtaí - .i. na híocaíochtaí déanta ag aturnae ar son cliant maidir leis an gcás

Colún 5 - asbhaintí do na méideanna a éilíodh maidir le heisíocaíochtaí má mheasann an Máistir Fómhais go bhfuil na méideanna a éilíodh níos airde ná a mheasfaí mar chothrom agus réasúnta.

Colún 6 - méideanna a éilíodh maidir le táillí proifisiúnta

Colún 7 - asbhaintí atá déanta ag an Máistir Fómhais, más ann dóibh.

Maidir le hasbhaintí déantar an méid a baineadh a leagadh sa cholún oiriúnach in aice leis an mír lena dtagraíonn sé agus ríomhtar an méid ceadaithe tríd an méid a baineadh a dhealú ón méid a éilíodh.

Na céimeanna a bhaineann le cáin a ghearradh ar chostais

D'fhéadfadh cáin ar chostais tarlú mar thoradh ar;

  • ordú de chuid na cúirte,
  • éisteacht eadrána,
  • fógra scoir,
  • éileamh ó chliant cáin a chuir ar a chuid costas.
  • an costas a bhaineann le breithiúnais a chlárú mar mhorgáistí
  • fógra inghlactha lóisteála
  • ordú ó bhinse

Ba chóir do chliant atá ag iarraidh go ngearrfar cáin ar a gcuid costas iarratas a dhéanamh ar a (h)aturnae foirm Foréilimh ar Cháin a seoladh ar aghaidh chuige ionas gur féidir  Billí na gCostas a thagairt i leith cánachais.

Ar Fhoréileamh a fháil ba chóir don chliant é a shíniú agus a sheoladh ar ais chuig an aturnae a leagfaidh síos an cheist ansin i leith cánachais. Tabharfaidh an t-aturnae fógra don chliant faoi dháta an chánachais agus ba chóir dó/di freastal air sin. Tá rogha ag an gcliant ionadaíocht dhlíthiúil a choinneáil don éisteacht.

Má dhiúltaíonn aturnae an cheist a leagan síos do chánachas is féidir leis an gcliant de bhun Ordú 99, Riail 33 de Rialacha na nUaschúirteanna, 1986 tré:-

(i) comhlánú agus taisceadh na foirmeacha Foréilimh ar Cháin nó taisceadh na mBillí Costas mar mhalairt (de bhun Ordú 99, Riail 33(1) de Rialacha na nUaschúirteanna, 1986);

(ii) taisceadh na Toghairme Cánach/an Fhógra Chánach (i dtriarach), agus

(iii) taisceadh na mBillí Costas.

Tá an Foréileamh agus na Toghairmeacha ar fáil ón gcuid is mó de stáiseanóirí dlíthiúla agus ba chóir iad ar fad a thaisceadh in Oifig na Máistrí Fómhais. Cuirfear in iúl don chliant maidir le dáta an chánachais agus an uair ar chóir dó/di a bheith i láthair.

Teorainneacha ama

Ba chóir Fógra Cánach/Toghairm Chánach a eisiúint agus a sheirbheáil ionas go gceadófar do 14 lá soiléir imeacht idir lá na seirbhéala an dáta luaite le bheith i láthair.

Má dheachtaítear ar chúiseanna dlí gur chóir na teorainneacha ama a leathnú nó a theorannú, tá discréid ag na Máistrí Cánach breithiúnas mar seo a chur i bhfeidhm mar a dheachtaíonn an cás.

Tá teorainneacha ama an-tábhachtach agus nuair atá dabht ar bith, ba chóir comhairle a lorg ó bhall den ghairm dhlíthiúil.

Céard a tharlaíonn ag an éisteacht

Tosaíonn an cánachas leis an dá pháirtí á gcur féin in aithne agus ag cur in iúl cé dóibh a sheasann siad, nuair a dhéantar an cheist a ghlaoch chun éisteachta. Osclaíonn an páirtí atá ag gearradh cánach ar chostais an cás go hiondúil agus tá ionadaíocht dhlíthiúil acu ag an éisteacht. Tá gach páirtí maidir leis an gcánachas i dteideal a bheith i láthair agus éisteacht a fháil. Déantar gach mír den Bhille Costais a scrúdú.

Tá méideanna maidir le míreanna áirithe curtha i láthair in Aguisín W de Rialacha na nUaschúirteanna, 1986. Míreanna Sceidealta atá mar théarma orthu seo agus ní chruthaíonn siad fadhb ar bith go hiondúil. Cuid de na réimsí go bhféadfaí fadhbanna a chruthú ná costais maidir le finnéithe, táillí treoracha na ndlíodóirí agus táillí na n-abhcóidí. D'fhéadfadh ceachtar den bheirt pháirtithe iarratais a dhéanamh maidir le míreanna aighnis.

Tar éis an chánachais, déanfaidh an Máistir Fómhais na hiarratais atá déanta a mheas, agus meas acu ar aon cháipéisíocht a cuireadh faoi bhráid maidir leis an gcánachas and déanfaidh sé/sí measúnú ar tháillí le meas ar nádúr an cháis agus réimse na hoibre chomh maith le toscaí cosúil le castacht, méid, srl.

Déanfaidh an Máistir Fómhais, tar éis na hiarratais a mheas, an fhianaise a rinneadha thairiscint agus cáipéisíocht tacaíochta;

(i) rialú ex tempore a sheachadadh, [.i. ó bhéal]

 nó

(ii) cinneadh a fhorchoimeád le breithniú agus rialú scríofa (go hiondúil) a sheachadadh ag dáta éigin níos déanaí. Tá fógra tugtha do na páirtithe cuí den dáta molta seachadadh ina dhiaidh sin.

Ceadóidh sé ansin don mhéid a mheasann sé mar chostais chothroma agus réasúnacha. D'fhéadfadh ceachtar páirtí agóid a dhéanamh maidir le liúntais áirithe agus cuirtear nós imeachta achomhairc i bhfeidhm ina ndéanfaidh an Máistir Fómhais na méideanna ceadaithe a athbhreithniú. Tá freagracht ar an bpáirtí atá ag déanamh agóide liosta a sholáthar de na hagóidí áirithe atá mar bhunús na hagóide agus na cúiseanna dá réir. Tugtar deis freagartha ansin don pháirtí contrártha.

Tá teorainneacha ama infheidhmithe. Féach Ordú 99, Riail 38(1) Rialacha na nUaschúirteanna, 1986.

D'fhéadfadh duine nach bhfuil sásta leis na liúntais, roimh don Deimhniú Cánach a bheith sínithe ach gan a bheith ní ba dhéanaí ná 14 lá tar éis an chánachais, iarratas a dhéanamh ar an Máistir Fómhais maidir le hathbheithniú i leith an chánachais. D'fhéadfadh an Máistir Fómhais breis fianaise a aimsiú maidir le míreanna a rinneadh agóid ina n-aghaidh. D'fhéadfadh duine nach bhfuil sásta, tar éis éisteacht na n-agóidí ag an Máistir Fómhais, iarratas a dhéanamh ar an gcúirt ar athbhreithniú cánach. Maidir le teorainneacha ama - féach Ordú 99, Riail 38(3).

Ag leanúint an Phróisis Chánachais

Déanfaidh an Máistir Fómhais nóta ar an mBille Costais bunaidh de na méideanna ceadaithe, na méideanna nach bhfuil ceadaithe nó na hasbhaintí de réir mar is amhlaidh.

Tar éis an chánachais a chríochnú, eisíonn an Máistir Fómhais Deimhniú Cánach. Cibé ar bith, uaireanta, d'fhéadfaí deimniú idirthréimhseach a eisiúint, go háirithe nuair nach bhfuil míreanna agus méideanna faoi dhíospóid. Go hiondúil, ar chomhlanú an chánachais, eiseoidh an Máistir Fómhais Deimhniú Cánach.

Ba chóir don aturnae nó an duine atá i dteideal seilbh a ghlacadh ar an ndeimhniú laistigh de 21 lá nó tréimhse breise mar a bhféadfaí a dheachtú ón gcúirt nó ón Máistir Fómhais. Má theipeann ar an aturnae an deimhniú a thógáil suas laistigh den tréimhse cheadaithe, d'fhéadfadh an cliant an rud céanna a thógáil suas.

Is doiciméad an-tábhachtach an deimhniú agus riachtanach le cinneadh an Mháistir Fómhais a fhorghniomhú.

Rialacha agus Reachtaíocht

Attornies and Solicitors (Ireland) Act, 1849
Attornies and Solicitors Act, 1870
Solicitors' Remuneration General Order, 1884
The Legal Practitioners' (Ireland) Act, 1876
Solicitors' Remuneration Act, 1881
Ordú (Táillí) na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte, 2003 (I.R. Uimhir 89 de 2003)
Rialacha na nUaschúirteanna 1986 (I. R. Uimh.15 de 1986)
An tAcht Aturnaetha (Leasú)
Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte, 1995






Teastaíonn tacaíocht do JavaScript chun an suíomh Gréasáin seo a úsáid. Déan cinnte go bhfuil do bhrabhsálaí cothrom le dáta agus go dtacaíonn sé le JavaScript.