Ceadúnú na Cúirte Dúiche
Gearrchoimriú ar ghnóthaí ceadúnaithe;
gnóthaí ceadúnaithe a bhaineann le ceadúnais deochanna meisciúla (á n-aistriú nó agóidí ina n-aghaidh);
teastais bhialainne;
clárú clubanna;
ceadúnais le haghaidh damhsaí poiblí;
ceadúnais le haghaidh ceoil agus amhránaíochta poiblí;
orduithe díolúine agus a leithéidí.
Is i Meán Fómhair a bhíonn an chúirt ceadúnaithe bhliantúil ar siúl.
Roinnt de na cúrsaí lena mbítear ag plé:
athnuachan teastais bhialainne
athnuachan ar chlárú clubanna
athnuachan ar cheadúnais bhliantúla damhsa
athnuachan ar cheadúnais cheoil agus amhránaíochta poiblí
agóidí in aghaidh athnuachana ceadúnas alcóil
aistriú ceadúnas alcóil
Táillí
Ní mór táille a íoc i gcás fhormhór na n-iarratas ar cheadúnas. Is féidir sonraí faoi na táillí seo a fháil in orduithe um Tháillí na Cúirte Dúiche
Iarratais
Tá fasaigh maidir leis na hiarratais éagsúla ar féidir a dhéanamh chun na cúirte le fáil i Rialacha na Cúirte Dúiche.
Clárú ceadúnais
Coinnítear clár san oifig ina bhfuil 'sonraí faoi gach ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol i gcás gach áitreabh laistigh de cheantar na cúirte, agus faoi gach athnuachan, aistriú agus gach aon imeacht eile a bhfuil baint aige leis na ceadúnais sin'. Bíonn sonraí sa chlár faoi chiontuithe agus gach rud eile a bhaineann leis na ceadúnais. Lena chois sin is ea a bhíonn sonraí sa chlár faoi eischeadúnais (beoir agus biotáille) agus ceadúnais díoltóirí beorach ar an mórchóir.
Tá cead ag aon duine an clár seo a iniúchadh ach an táille chuí a íoc.
Clárú clubanna
Coinnítear clár na gclubanna ina bhfuil sonraí faoi ainmneacha na gclubanna i gceantar na cúirte; sonraí faoin dáta ar bronnadh teastas cláraithe orthu agus na dátaí ar athnuaíodh iad; seoladh gach club díobh mar aon le hainmneacha agus seoltaí coiste agus oifigigh an chlub.
Tá cead ag aon duine an clár seo a iniúchadh mar aon le cóip de rialacha an chlub ach an táille chuí a íoc.
Ba chóir na ordaithe seo a leanas a chur chuig an oifig dúiche (nó i mBaile Átha Cliath - an Oifig Ceadúnaithe) go síneoidh an breitheamh iad;
- deimhniú le haghaidh eischeadúnais mionreacaire biotáille, leanna agus fíona
- deimhniú le haghaidh ceadúnais mórdhíoltóra leanna
- orduithe chun chlár na gceadúnas a leasú
- deimhniú a athbheoite - orduithe faoi alt 30 den Acht Deocha Meisciúla, 1960
- ceadúnúcháin - crannchur / bingo