Oifigí Riaracháin agus Tacaíochta
An Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Bonneagair
| Seoladh: | An tSeirbhís Chúirteanna, 15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7. |
| Teil: | +353 1 888 6057 |
| Facs: | +353 1 888 6729 |
Ceannaire: Paul Burns
Tá an Stiúrthóireacht seo freagrach as:
An tAonad Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide:
seirbhís chuimsitheach um theicneolaíocht faisnéise a chur ar fáil don eagraíocht trí chórais faisnéise a sheachadadh, córais a thacóidh le gnóthú chuspóirí gnó na Seirbhíse Cúirteanna;
córais nua faisnéise a sholáthar agus a bhainistiú;
bonneagar nua-aimseartha cumarsáide a chur ar fáil ar fud na tíre chun tacaíocht a thabhairt do bhainistíocht agus riaradh na Seirbhíse;
seirbhísí ríomh-Rialtais a sholáthar
An tAonad Eastát agus na Foirgneamh:
| Teil: | +353 1 888 6050 |
| Facs: | +353 1 888 6005 |
pleanáil i gcomhair riachtanais reatha chóireála agus riachtanais an todhchaí i gcomhair gach gné den tSeirbhís;
tionscadail tógála caipitil a phleanáil agus a fhorbairt, obair athchóirithe agus cóireáil ar léas;
cláir tógála agus cothabhála caipitil a réiteach agus a chostáil;
aistriú tithe cúirte, atá faoi úinéireacht ag údaráis áitiúla agus Oifigeach na nOibreacha Poiblí, chuig an tSeirbhís;
feistiú agus cothabháil a dhéanamh ar áiseanna cúirteanna chuig caighdeáin nua-aimseartha, rochtain do dhaoine faoi mhíchumas san
áireamh;
na caighdeáin sábháilteachta, sláinte agus leasa is fearr i ngach foirgneamh agus oifig a chinntiú; agus
bainisteoireacht ghinearálta a dhéanamh ar ollionad na Ceithre Cúirteanna.
An tAonad Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí:
| Teil: | +353 1 888 6593 |
| Facs: | +353 1 888 6005 |
Freagrach as Clár Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí na gCúirteanna a fhorfheidhmiú.
Tionscadail agus seirbhísí atá le seachadadh ag CPP a phleanáil agus a fhorbairt.
Freagrach as an Ollionad na gCúirteanna Coiriúla a sheachadadh.
Bainistíocht Acmhainní Daonna:
| Seoladh: | An tSeirbhís Chúirteanna, 15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7. |
| Teil: | +353 1 888 6824 |
| Facs: | +353 1 888 6090 |
| rPhoist: | HRHelpdesk@courts.ie |
Pléann an réimse seo le gach gníomhaíocht a bhaineann le soláthar foirne idir earcaíocht agus dhul ar scor, intreoir, tréimhsí promhaidh, cúrsaí a bhaineann le pá, arduithe céime, daoine ag éirí as oifig, aistrithe foirne, bainistíocht feidhmíochta, cód smachtaithe na státseirbhíse, agus caidreamh tionsclaíoch san áireamh. Oibríonn an t-aonad chun tionscnaimh um athrú eagraíochta a thionscnamh agusa éascú freisin trí Choistí Comhpháirtíochta agus fóraim eile.
An Comhordaitheoir Sláinte agus Sábháilteachta:
| Teil: | +353 1 888 6593 |
| Facs: | +353 1 888 6005 |
- Ag monatóireacht, forfheidhmiú agus athbhreithniú an Clár Sláinte agus Sábháilteachta laistigh den tSeirbhís.
- Comhairle a chur ar an Seirbhís maidir le sábháilteacht, sláinte agus leas sa láthair oibre.