Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Cúirt Dúiche d'Ógánaigh


Naisc ghaolmhara
Oifigí na Cúirte Dhúiche
Oifig Chúirt na Leanaí - BÁC

Bíonn an chúirt seo ag plé le cúrsaí coiriúla a bhaineann le leanaí agus le hógánaigh (gasúir idir 10 agus 17 mbliana).

Bíonn mórchuid oibre le déanamh ag an gcúirt seo ag plé le cúrsaí coiriúla a bhfuil ógánaigh páirteach iontu. Is é an Garda Síochána a chuireann tús leis an obair seo den chuid is mó trí dhuilleoga na gcúiseamh a chur ar fáil. Bíonn líon beag cásanna ann a ndéileáiltear leo trí thoghairmeacha.

Éistear le cásanna den sórt seo go léir in camera - éisteach chúirte nach gceadaítear don phobal freastal uirthi.

Tagann daoine fásta os comhair na cúirte seo sna cásanna nuair atá ógánach cúisithe mar chomhchúisí leo.

San idirghníomhaíocht a bhíonn ann leis an bpobal bíonn orthu déileáil le ceisteanna faoi dhátaí éisteachta, coinníollacha bannaí a mhíniú agus na torthaí a bheadh ann dá sárófaí na coinníollacha sin agus tábhacht bannaí promhaidh, bannaí síochána agus orduithe cúirte eile a mhíniú.

Ní bhíonn aon fhoirmeacha in úsáid ag an bpobal i gcás na hoifige seo de ghnáth ach amháin foirmeacha achomhairc. Bíonn foirmeacha fógraí achomhairc nó cúirtbhannaí ag teastáil sna cásanna sin a bhfuil cosantóirí féin i mbun achomharc agus tugtar cabhair dóibh maidir leo.

 






Teastaíonn tacaíocht do JavaScript chun an suíomh Gréasáin seo a úsáid. Déan cinnte go bhfuil do bhrabhsálaí cothrom le dáta agus go dtacaíonn sé le JavaScript.