Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Talamh do Thógaint - Coiste Réitigh


 

I gcás go bhfaigheann Stát na hÉireann talamh faoi ordú éigeantach ceannacháin, tá ceart bunreachtúil ag úinéirí talún cúiteamh a fháil. I gcás go bhfuil díospóid faoi chúiteamh, ceapann an Coiste Réitigh eadránaí maoine faoi fhorálacha an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919. Déanann an tAcht sin foráil do Choiste Réitigh chun eadránaí maoine a cheapadh. Féadfaidh an t-údarás fála nó an duine nó an comhlacht a bhfuil a thalamh á fháil, iarratas a dhéanamh chuig an gCoiste Réitigh chun eadránaí a cheapadh.

Is iad an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na hArd-Chúirte agus Uachtarán Chumann na Suirbhéirí Cairte a bhíonn ar an gCoiste Tagartha. Rialaítear é le dhá shraith rialacha: the Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Rules, 1920 (S.R. & O. No. 600) agus the Property Values (Arbitrations and Appeals) Rules, 1961 (S.I. No. 91 of 1961).  Tá beirt eadránaithe maoine ann chun críche na nAchtanna.

Ba chóir duit bhur n-iarratais ar cheapadh eadránaí a chur chuig:
An Rúnaí, An Coiste Réitigh, Oifig An Chúirt Uachtarach, Na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath 7.

Ba chóir duit cárta táille do €31.74 nó seic agus é iníoctha leis an bPríomhchléireach, Oifig Cúirte Dúiche Cathrach, Bhaile Átha Cliath 7, a chur le d'iarratas.

Tá foirm iarratais agus mionsonraí ar fáil chomh maith maidir leis an méid ar cóir a bheith faoi iamh leis an bhfoirm sin.

 






Teastaíonn tacaíocht do JavaScript chun an suíomh Gréasáin seo a úsáid. Déan cinnte go bhfuil do bhrabhsálaí cothrom le dáta agus go dtacaíonn sé le JavaScript.