Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais - Infheistíocht cistí cúirte


 

Rinne an tSeirbhís Chúirteanna athbhreithniú mór, go gairid tar éis a bunaithe, ar shocruithe um bainistíocht agus infheistíocht cistí a shealbhaíonn na Cúirteanna ar iontaobhas thar ceann Mionaoiseach agus chistí na gCoimircithe Cúirte. Rinne Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta agus Mercer Investment Consulting an athbhreithniú sin a éascú. Ag eascairt as an athbhreithniú sin, cheadaigh Bord na Seirbhíse Cúirteanna cur i bhfeidhm socruithe nua, lena n-áirítear, ceapachán bainisteoirí tiomanta cistí (Bainistíocht Sócmhainní Bhanc na hÉireann agus State Street Global Advisors), comhairleoirí neamhspleácha infheistíochta (Mercer Investment Consulting) chomh maith le cur i bhfeidhm córais agus nósanna imeachta nua-aimseartha do chuntasaíocht cistí.

Cuireadh na socruithe nua i bhfeidhm go hiomlán i gcomhair chistí na hArd-Chúirte le dhá bhliain anuas agus, tar éis athruithe a ceadaíodh ar Rialacha na Cúirte do na Cúirteanna Cuarda agus Dúiche, beidh éifeacht leis na socruithe nua sin maidir le cistí sna dlínsí sin chomh maith.

Le héifeacht ón 11 Eanáir 2006, déanfar cistí a dhámhtar ar Mhionaoisigh/Coimircithe i gcásanna sna Cúirteanna Cuarda agus Dúiche a bhainistiú agus a infheistiú de réir na socruithe nua. Go bunúsach, ciallaíonn sé sin go ndéanfar cistí a infheistiú go lárnach i gcistí nua infheistíochta in ionad iad a infheistiú go háitiúil mar a rinneadh go dtí seo. Déanfar cistí a bhaineann le cásanna ar phléigh na Cúirteanna leo cheana agus a infheistíodh go háitiúil a aistriú, chomh maith, chuig na cistí nua infheistíochta in am agus i dtráth.

Tá Orduithe eisithe ag Uachtaráin na gCúirteanna Cuarda agus Dúiche araon a dhéanann cumasúchán do na forálacha sna rialacha athbhreithnithe cúirte agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ón 11 Eanáir 2006.

Tá cóipeanna thíos de na Nósanna Imeachta um lóisteáil chistí le haghaidh cásanna nua Mionaoiseach/Coimircí.

Má tá aon cheist agat maidir leis an ábhar seo, ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh lenár n-oifig trí ríomhphost ag accountantsoffice@courts.ie nó trí theileafón ag 01 888 6743.

Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais
9 Eanáir 2006

Nósanna Imeachta na Cúirte Cuarda um lóisteáil chistí nua mionaoiseach/coimircí san Oifig Chuntasaíochta.doc 

Nósanna Imeachta na Cúirte Dúiche um glacadh le cásanna nua mionaoiseach/coimircí san Oifig Chuntasaíochta.doc

 






Teastaíonn tacaíocht do JavaScript chun an suíomh Gréasáin seo a úsáid. Déan cinnte go bhfuil do bhrabhsálaí cothrom le dáta agus go dtacaíonn sé le JavaScript.