Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Gnó Coiriúil sa Chúirt Chuarda


Naisc ghaolmhara
Oifigí na Cúirte Cuarda

Déanann Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961, foráil go mbaineann an dlínse leis an gCúirt Chuarda chun gach cion indíotáilte a thabhairt chun trialach, seachas na cinn sin san Acht um Chionta in Aghaidh an Stáit 1939, lena n-áirítear dúnmharú, tréas agus píoráideacht.

Tugtar daoine a chúisítear sna cionta sin áit ar bith sa Stát chun trialach sa Phríomh-Chúirt Choiriúil nó sa Chúirt Choiriúil Speisialta i mBaile Átha Cliath.

Is cionta indíotáilte amháin iad na cionta a thugtar chun trialach sna Cúirteanna Cuarda Coiriúla. Is í an t-aon eisceacht a bhíonn air sin ná roinnt cionta achoimre nach mionchionta iad agus nach dtagann faoi dhlínse na Cúirte Dúiche.

Cuireann an Chúirt Dúiche comhaid sna cásanna go léir a n-éisteann an Chúirt Chuarda Choiriúil agus an Phríomh-Chúirt Choiriúil leo ar aghaidh agus cuirtear ar liosta iad i gcomhair díotchúisimh.

Téann tromlach na gcásanna sa Chúirt Choiriúil Speisialta díreach chuig an gcúirt sin gan teacht i láthair sa Chúirt Dúiche.

Léifear liosta na gcásanna i gcomhair trialach sa chúirt ag tús gach lá.

Sa chás go bpléadálann an ciontaí neamhchiontach, is amhlaidh a shocraítear dáta don triail.

Cuirtear an giúiré faoi mhionn ar dháta na trialach agus téann an cás ar aghaidh go dtí go dtugtar chun críche é.

I gcás go bpléadálann an ciontaí ciontach, gearrtar pianbhreith tar éis roinnt tuairiscí a bhreithniú, m.sh. tionchar an íobartaigh, síciatrach, promhadh.
Tagann gach duine a thugtar chun trialach sa Chúirt Chuarda os comhair breithimh agus giúiré.

Má dhéanann an Chúirt Dúiche iad a tharchur i gcomhair pianbhreithe, nó má phléadálann siad ciontach sa Chúirt Chuarda, is é breitheamh, a shuíonn leis nó léi féin, a ghearrann an phianbhreith.

Ní mór don chúisí pléadáil a dhéanamh as an úr, beag beann ar imeachtaí roimhe sin toisc gur chúirt chéadchéime í an Chúirt Chuarda.

Téann an triail ar aghaidh ar bhonn na díotála, ar cáipéis theicniúil í a shonraíonn ainm an chúisí, na cúirte trialach, na cionta a gcúisítear an cúisí ina leith agus mionsonraí an chiona.

Suíonn an chúirt ar cuaird agus éistear le hábhair inti a eascraíonn sa dúiche sin nó san áit a bhfuil cónaí ar an gcúisí nó san áit a choimeádtar é nó í.






Teastaíonn tacaíocht do JavaScript chun an suíomh Gréasáin seo a úsáid. Déan cinnte go bhfuil do bhrabhsálaí cothrom le dáta agus go dtacaíonn sé le JavaScript.