Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

An Chúirt Chuarda um an Dlí Teaghlaigh


  • Idirscaradh Breithiúnach agus orduithe coimhdeacha, m.sh. cothabháil, coimeád
  • Colscaradh agus orduithe coimhdeacha
  • Neamhniú
  • Achomhairc ón gCúirt Dúiche
  • Faoiseamh tar éis colscaradh nó idirscaradh eachtrach lasmuigh den dlínse
  • Dearbhú Stádais Phósta
  • Cinneadh díospóidí maoine
  • Leigheasanna i gcoinne eastát an chéile mhairbh
  • Dearbhuithe tuismíochta
  • Orduithe Urchoisc agus Urghairí

Nós Imeachta:

Nós imeachta:
Tá dlínse chomhthráthach idir na Cúirte Cuarda agus na hArd-Chúirt in imeachtaí teaghlaigh (lena n-áirítear idirscaradh breithiúnach, colscaradh, agus neamhnithe). Má tá an luacháil inrátaithe níos mó ná €253.95, féadfaidh na páirtithe iarratas a dhéanamh an cás a aistriú chuig an Ard-Chúirt.

D'fhonn imeachtaí a thionscnamh sa chúirt Chuarda Teaghlaigh, ní mór do dhaoine a bhfuil iarratas á dhéanamh acu, an cháipéis chuí tionscanta a eisiúint, ar a dtugtar Bille Sibhialta Dlí Teaghlaigh.
Baineann roinnt catagóirí éagsúla leis an mBille Sibhialta um an Dlí Teaghlaigh;

  • Colscaradh
  • Idirscaradh Breithiúnach
  • Faoiseamh tar éis colscaradh nó idirscaradh eachtrach lasmuigh den dlínse
  • Neamhniú
  • Dearbhú Stádais Phósta
  • Cinneadh díospóidí maoine
  • Leigheasanna i gcoinne eastát an chéile mhairbh
  • Dearbhuithe tuismíochta


Leantar na nó sanna imeachta céanna maidir le gach Bille Sibhialta um an Dlí Teaghlaigh. I ngach cás, déantar bille sibhialta agus dhá chóip de a lóisteáil in oifig na Cúirte Cuarda. arcáiltear an Bille Sibhialta agus na cóipeanna nuair a fhaightear iad, agus cuirtear stampa leis an dáta orthu agus cuirtear na cóipeanna ar ais ansin chuig an duine a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh acu.

Ní mór don duine atá ag déanamh an iarratais cóip den bhille sibhialta a sheirbheáil ar an duine a thugann freagra don chaingean. Tionscnaítear imeachtaí sa Chúirt Chuarda le heisiúint Bille Shibhialta, ina leagtar amach na príomhphointí a bhaineann le héileamh an ghearánaí faoin teideal "formhuiniú éilimh". Beidh mionsonraí na reachtaíochta a bhfuil an t-ordú á lorg fúithi ar fáil sa Bhille Sibhialta chomh maith leis na faoisimh a éilítear, agus tabharfaidh mionnscríbhinn forais a dhéanann cur síos ar roinnt mionsonraí a bhaineann le cúlra an cháis tacaíocht leis an mBille. Beidh ainmneacha agus seoltaí na bpáirtithe lena mbaineann sa Bhille chomh maith.

I gcásanna Colscartha agus Idirscartha Bhreithiúnaigh, beidh ar an duine a bhfuil iarratas á dhéanamh acu chuig an gcúirt teastas a eisiúint chomh maith, a dhearbhóidh gur seirbheáladh an bille sibhialta ar an duine atá ag tabhairt freagartha ar an gcaingean - is é sin, an freagróir. Bíonn deich lá ag an bhfreagróir ansin chun láithreas a lóisteáil .i. chun a chur in iúl go bhfuil sé beartaithe aige/aici an chaingean a chosaint.

Ceadaítear tréimhse eile dheich lá chun a chosaint nó a cosaint a chomhdú.

Mura bhfuil aon láithreas ann, féadfaidh an freagróir foriarratas a chur isteach ag déanamh iarratais ar fhoraithne trí mhainneachtain.

Má dhéanann an freagróir rogha chun an chaingean a chosaint, cuirtear an cás ar an liosta i gcomhair éisteachta.

Mura féidir leis na páirtithe an tsaincheist a réiteach eatarthu féin, féadfaidh siad a rogha a dhéanamh a iarraidh ar na cúirteanna cinneadh a dhéanamh. Déantar é sin trí Fhógra Foriarratais, lena ndéanann an t-iarratasóir iarratas chuig an gcúirt ar dháta a shocrú chun éisteacht leis an ábhar. Eiseoidh oifig na cúirte an dáta.

Más rud é gur comhaontaíodh ar na téarmaí idirscartha/colscartha, tionscnaíonn na páirtithe Fógra Foriarratais chun go ndéanfaidh an chúirt rialú ar an ábhar. Má bhíonn éisteacht iomlán de dhíth ar an ábhar, tugtar dáta éisteachta i leith iarratais chonspóidte trí Fhógra Trialach.

Éistear le gach cás sna cúirteanna Dlí Teaghlaigh in camera (istigh i gcúirt iata). Ní ligtear baill den phobal i gcoitinne isteach sa chúirt.

Nuair a dhéanann an chúirt ordú, scríobhtar mionsonraí an ordaithe ar an gcomhad cúirte i bhfoirm dréachta.

Má theastaíonn cóip oifigiúil den ordú ó aturnaetha nó a gcuid cliant, ní mór dóibh bualadh isteach chuig an oifig chun an dréachtordú a bhailiú agus é a thabhairt leo d'fhonn ceithre chóip a chlóscríobh. Cuirtear na ceithre chóip sin ar ais ansin chuig an oifig chúirte leis an dréacht, lena síniú go hoifigiúil ag an gCláraitheoir Contae.

Tá ról ag an gCúirt Chuarda maidir le lánúineacha a dteastaíonn uathu pósadh, a dhíolmhú ón gceanglas a éilíonn go dtabharfaí fógra trí mhí don Chláraitheoir Póstaí. Féadfar díolúintí a dheonú ar lánúineacha a thagann os comhair breithimh leis an fáth a mhíniú nach raibh siad in ann an fógra caighdeánach a thabhairt. Déantar coinní trí theagmháil a dhéanamh leis an oifig ábhartha Cúirte Cuarda.

Tá feidhm ag réimse mór reachtaíochta maidir leis an ábhar seo, ar féidir rochtain a fháil uirthi ón nasc go dtí na Reachtanna. Áirítear leo sin,

- Na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 (I.R. Uimhir 510 de 2001)
- An tAcht um Stádas Ban Pósta 1957 (Uimhir 5 de 1957)
- An tAcht um Chaomhnóireacht Naíon 1964 (Uimhir 7 de 1964)
- Acht na bPóstaí 1972 (Uimhir 30 de 1972)
- An tAcht um Orduithe Cothabhála 1974 (Uimhir 16 de 1974)
- An tAcht um Orduithe Cothabhála 1974, Ordú (Tosach Feidhme) 1975 (I.R. 23 de 1975)
- An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí) 1976 (Uimhir 11 de 1976)
- An tAcht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh 1976 (Uimhir 11 de 1976)
- An tAcht um an Dlí Teaghlaigh 1981 (Uimhir 22 de 1981)
- An tAcht um Stádas Ban Pósta 1957,
- s 12, An tAcht um Chaomhnóireacht Naíon 1964,
- An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí) 1976
- Leanaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta) agus
- Ordú 69, Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870 (I.R. 158 de 1982)
- An tAcht um Shainchónaí agus Aithint Colscarthaí Coigríche 1986 (Uimhir 24 de 1986)
- An tAcht um Stádas Leanaí 1987 (Uimhir 26 de 1987)
- An tAcht um an Dlí Teaghlaigh 1988 (Uimhir 31 de 1988)
- Rialacháin um Thástálacha Fola (Tuismíocht) 1988 (I.R. 215 de 1988)
- An tAcht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh 1989 (Uimhir 6 de 1989)
- Child Abduction and Enforcement of Custody Orders Act, 1991 (Uimhir 6 de 1991)
- An tAcht um Chúram Leanaí 1991 (Uimhir 17 de 1991)
- Rialacháin um Scéimeanna Pinsean Ceirde (Faisnéis a Nochtadh) 1991 (I.R. 215 de 1991)
- An tAcht Cothabhála 1994 (Uimhir 28 de 1994)
- An tAcht um an Dlí Teaghlaigh 1995 (Uimhir 26 de 1995)
- Domestic Violence Act 1996 (Uimhir 1 de 1996)
- An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) 1996 (Uimhir 33 de 1996)
- An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997 (Uimhir 18 de 1997)
- Acht na Leanaí 1997 (Uimhir 40 de 1997)
- Acht um an Dlí Teaghlaigh 1995 agus an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) 1996) (I.R. 84 de 1997)
- Rialacháin um Scéimeanna Pinsean (Dlí Teaghlaigh) (I.R. 107 de 1997)

 






Teastaíonn tacaíocht do JavaScript chun an suíomh Gréasáin seo a úsáid. Déan cinnte go bhfuil do bhrabhsálaí cothrom le dáta agus go dtacaíonn sé le JavaScript.