Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais - Cistí sa chúirt


Naisc ghaolmhara
Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais

Conas airgead a lóisteáil sa chúirt

Déantar sceideal le hordú cúirte nó cóip dhearbhaithe de mhionnscríbhinn a lóisteáil in oifig an Chuntasóra. Ansin lóisteálann tú an tsuim a bhfuil tagairt di sa doiciméad in Oifig an Chuntasóra agus eiseofar admháil ina leith. Ba chóir don seic nó don dréacht bainc a bheith iníoctha le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais.

Conas lóisteáil a dhéanamh le cosaint

Líonann na haturnaetha Foirm Uimh. 9 aguisín P de Rialacha na nUaschúirteanna le stampa €20, chomh maith le cóip den toghairm bunaidh, fógra lóisteála agus seic nó dréacht bainc don chosantóir/do na cosantóirí agus déantar iad a lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais. Déantar an fógra lóisteála a stampáil in Oifig an Chuntasóra agus a thabhairt ar ais don aturnae, a dhéanann é a sheirbheáil ar aturnaetha an ghearánaí ansin.

Ón 16 Aibreán 2012, ní mór lóisteáil le cásanna cosanta do na Cúirteanna Cuarda agus Dúiche a lóisteáil le hOifig an Chuntasóra seachas le hoifigí áitiúla Cúirte. Le páipéir a lóisteáil, lean na céimeanna, le do thoil, ar a dtugtar breac-chuntas don Ard-Chúirt ach cóip den bhille a mhalartú nó den phróiseas don ghairm bhunaidh.
Ceadaíonn Ordú 64A, Riail 9 de Rialacha na Cúirte Cuarda 12A, Riail 9 de Rialacha na Cúirte Dúiche úsáid na bhfoirmeacha lena leagtar síos Rialacha na Cuirte Uachtaraí (Foirm Uimh. 9, Aguisín P).

Conas airgead a fháil ón gcúirt tar éis dom 18 mbliana d'aois a bhaint amach

Má tá cistí lóisteáilte sa chúirt ar do shochar ar leithligh go dtí go mbeidh tú i lán-aois - sé sin 18 mbliana d'aois - ba chóir duit, tar éis lán-aois a bhaint amach, dul i dteagmháil le d'aturnaetha nó mar mhalairt ar sin is féidir iarratas a dhéanamh go díreach le hOifig an Chuntasóra.

Ní mór go ngabhfaidh Uimhir PSP an duine mhionaoisigh leis an uile iarratas le hairgead a fháil ón gcúirt.

Conas lóisteáil cosanta a fháil.

  1. Má tá rialú déanta ar an ábhar sa chúirt déanfaidh an Phríomh-Oifig an sceideal íocaíochtaí a lóisteáil leis an ordú chúirte in oifig an Chuntasóra agus déanfar na híocaíochtaí a phróiseáil i 2 - 3 de sheachtainí.
  2. Má tá an ábhar socraithe roimh dul chun cúirte is féidir leat, le toiliú aturnae an chosantóra, na foirmeacha seo a leanas a lóisteáil le cur ar do chumas an lóisteáil a fháil.
    (a) FOIRM 11 in Aguisín P de Rialacha na nUaschúirteanna Iarratas ar Íocaíocht, le stampa €20, atá le bheith sínithe ag an ngearánaí nó ag aturnae an ghearánaí.
    (b) FOIRM 11 in  Aguisín P de Rialacha na nUaschúirteanna Iarratas ar Íocaíocht, le stampa €20,  atá le bheith  curtha in oiriúint agus sínithe ag aturnae an ghearánaí.
    (c) FOIRM 6 in  Aguisín C de Rialacha na nUaschúirteanna Fógra Glactha  le seirbhís formhuinithe, cóip le seirbheáil ar aturnae an chosantóra le láimh nó trí phost cláraithe, caithfidh an admháil a bheith iniata más tá post cláraithe i gceist.
    (d) LITIR TOILITHE le glacadh déanach ó aturnae an chosantóra suas go dtí dáta ar leith.
    (e) Má tá an cás leagtha síos i gcomhair trialach - teastaíonn litreacha uait ón dá thaobh chuig an Príomh-Chláraitheoir, An Phríomh-Oifig, ag iarraidh air é a bhaint ó liosta na cúirte ag cóip de na litreach d'oifig an Chuntasóra.
    (f) Mura bhfuil an cás leagtha síos i gcomhair trialach - Deimhniú ar an bhFógra Glactha nach bhfuil an cás leagtha síos i gcomhair trialach.
  3. Más aturnae an chosantóra thú agus go dteastaíonn uait an lóisteáil a thógáil ar ais beidh na nithe seo a leanas ag teastáil:
    (a) FOIRM 11 in Aguisín P de Rialacha na nUaschúirteanna Iarratas ar Íocaíocht, le stampa €20, atá le bheith sínithe ag aturnae an ghearánaí. Foirm le bheith curtha in oiriúint don chuspóir seo.
    (b) Litir toilithe ó aturnaetha an ghearánaí.


Ní mór aon chistí a lóisteáladh in Oifig an Chuntasóra do chásanna na Cúirte Dúiche a ghlacadh ó Oifig an Chuntasaíochta.
Ceadaíonn Ordú 64A, Riail 9 de Rialacha na Cúirte Cuarda 12A, Riail 9 de Rialacha na Cúirte Dúiche úsáid na bhfoirmeacha lena leagtar síos Rialacha na Cuirte Uachtaraí (Foirm Uimh. 11 Aguisín P nó Foirm 6, Aguisín C).

Reachtaíocht, Rialacha agus Táillí Bainteacha

Reachtanna:

An tAcht Iontaobhaithe (Infheistíochtaí Údaraithe) 1958

An tOrdú Iontaobhaithe (Infheistíochtaí Údaraithe) 1998

An tOrdú Iontaobhaithe (Infheistíochtaí Údaraithe) 1998 Ordú (Leasú) 2002

Acht Ceárd-Chumann, 1941

Na hAchtanna um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe 1947, 1969 & 1973

An tAcht Árachais 1964

Trustee Act 1893

Acht na gCuideachtaí 1963, Alt 307(1)

Land Clauses Consolidation Act 1845

Rialacha Cúirte

Ordú 77, Rialacha na nUaschúirteanna

Ionstram Reachtúil Uimh. 344 de 1997

Ordú 22, Rialacha nanUaschúirteanna

Ionstram Reachtúil Uimh. 229 de 1990

Ionstram Reachtúil Uimh. 265 de 1993

Táillí:

Ordú Táillí na Cúirte Uachtaraí, na Cúirte Achomhairc agus na hArd-Chúirte






Teastaíonn tacaíocht do JavaScript chun an suíomh Gréasáin seo a úsáid. Déan cinnte go bhfuil do bhrabhsálaí cothrom le dáta agus go dtacaíonn sé le JavaScript.