Chúirt Dúiche - Gnó coiriúil
Naisc ghaolmhara
Oifigí Cúirte Dúiche
Pléitear ar bhonn laethúil, le fiosrúcháin a bhaineann le barántais bhinse atá le socrú, dátaí cúirte, torthaí cúirte, iarratais ar bhannaí/ceadú urraí, lóisteáil achomhairc, cúnamh dlíthiúil, iarratais ar chóip d'orduithe agus iarratais mhaoin póilíní.
Cuirtear tacaíocht riaracháin ar fáil don chúirt trí bharántais athchuir/cimithe/trialach/eiseachadta agus binse a eisiúint. Déantar achomhairc a phróiseáil agus déantar éilimh um chúnamh dlíthiúil a dheimhniú i gcomhair íocaíochta.
Ullmhaítear na cáipéisí ábhartha go léir le bheith réidh i gcomhair gach suí cúirte.
faisnéis, gearáin agus cúisimh achoimre, ar ina leith a ghabhfar an cúisí, seachas imeachtaí faoi alt 8 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte 1940 agus Acht na gCúirteanna (Uimh.2) 1986
imeachtaí um eistréatadh aon chúirtbhanna a dhéantar de bhun ordú a rinneadh agus iarratais chun athrú nó urscaoileadh
iarratais Gharda Síochána ar bharántais ghabhála nó cuardaigh
iarratais faoin Police (Property) Act, 1897
- iarratais ar chúnamh dlíthiúil saor in aisce
- iarratais ar bhannaí/ceadú urraí
síntí ama chun achomharc a dhéanamh, iarratais ar bhannaí chun críche achomharc a dhéanamh agus lóisteáil páipéar achomhairc.
sárú orduithe seirbhíse pobail
sárú promhaidh
coireanna agus cionta indíotáilte a chur ar aghaidh chun trialach agus éisteacht ar ionchúiseamh achomair atá coimhdeach le coireanna agus cionta den sórt sin