An Chúirt Chuarda - Imeachtaí sibhialta a eisiúint
Naisc ghaolmhara
Oifigí na Cúirte Cuarda
Séanadh
An Bille Sibhialta / Toghairm Díobhála Pearsanta
Sa Chúirt Chuarda cuirtear imeachtaí sibhialta ar bun trí Bhille Sibhialta nó Toghairm Díobhála Pearsanta a eisiúint agus a sheirbheáil.
Tá cineálacha difriúla de Bhillí Sibhialta/Toghairmeacha Díobhála Pearsanta ann.
Seo roinnt samplaí:
Toghairm Díobhála Pearsanta
Gnáthbhille Sibhialta
Bille Sibhialta Cothromais
Bille Sibhialta Eisiachtana
Bille Sibhialta Thiarna Talún agus Tionóntaí
Bille Sibhialta Dlí Comharbais
Bille Sibhialta Tiomnach
Beidh formhuiniú éilimh sa Bhille Sibhialta/Toghairm Díobhála Pearsanta a dhéanann cur síos ar na sonraí den mhéid atá á éileamh agus á líomhain.
Tá dleacht stampa iníoctha ar gach Bille Sibhialta/Toghairm Díobhála Pearsanta.
Billí Sibhialta/Toghairmeacha Díobhála Pearsanta a Sheirbheáil
Féach Ordú 11 de Rialacha na Cúirte Cuarda, Acht na gCúirteanna 1964 (a.7) agus Acht na gCuideachtaí 1963.
Rialacha
Caithfidh an fhaisnéis seo a leanas a bheith san áireamh sa Bhille Sibhialta/Toghairm Díobhála Pearsanta.
Teideal. Déanann ainm an ghearánaí agus ainm an chosantóra suas an teideal atá ar na himeachtaí.
Ba chóir don bhille a rá cén cineál bille sibhialta/toghairm díobhála pearsanta atá ann, mar shampla 'Gnáthbhille Sibhialta'.
Cur síos ar na páirtithe. Caithfidh an bille sibhialta/toghairm díobhála pearsanta sloinne, céad ainm, áit cónaithe nó ionad gnó agus slí beatha an ghearánaí agus an chosantóra a shonrú.
Ráiteas den éileamh. Caithfidh an bille sibhialta/toghairm díobhála pearsanta cineál, méid agus forais éileamh an ghearánaí i gcoinne an chosantóra a shonrú. Ba chóir go leagfadh sé amach go soiléir na líomhaintí atá á dhéanamh ag an ngearánaí agus an damáiste a d'fhulaing an ghearánaí. Ba chóir dó a shonrú freisin céard atá an gearánaí ag éileamh ón gcúirt.
Caithfidh an bille sibhialta/toghairm díobhála pearsanta an chuaird chuí ina bhfuil an t-éileamh á thabhairt a rá.
Caithfidh an bille sibhialta/toghairm díobhála pearsanta a bheith dátaithe agus sínithe ag an ngearánaí nó ag a (h)aturnae.
Más cás díobhála pearsanta atá i gceist (ach amháin i gcás faillí leighis), caithfidh dearbhú a bheith sa thoghairm díobhála pearsanta go ndeachaigh an gearánaí chuig an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (PIAB) agus go bhfuil údarású faighte uathu dul ar aghaidh leis an iarratas chun na cúirte. Ba chóir go mbeadh an dearbhú seo mar an phointe tosaigh sa fhormhuiniú éilimh. Ba chóir go sonróidh sé freisin an dáta a deonaíodh an deimhniú ón PIAB agus uimhir an dheimhnithe. Caithfidh an Toghairm Díobhála Pearsanta uimhir PSP an ghearánaí. Mura bhfuil uimhir PSP ag an ngearánaí caithfidh an Toghairm Díobhála Pearsanta é seo a shonrú.
N.B. An Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (PIAB)
Má tá éileamh á dhéanamh agat maidir le díobháil phearsanta, ní féidir leat imeachtaí a eisiúint (ach amháin i gcás faillí leighis) gan iarratas a dhéanamh leis an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta ar dtús le gur féidir leo déileáil le d'éileamh. Mura bhfuil tú sásta le measúnú an PIAB, is féidir leo údarás a thabhairt duit do chuid imeachtaí a eisiúint sa chúirt chuí. Tabharfaidh siad deimhniú duit. Ní gá duit dul chuig aturnae chun an t-iarratas a dhéanamh leis an PIAB ach is féidir leat é sin a dhéanamh má tá tú ag iarraidh.
Láithreas a chur isteach
Tugann an bille sibhialta/toghairm díobhála pearsanta 10 lá duit chun láithreas a chur isteach. Ní chiallaíonn sé go gcaithfidh an cosantóir a bheith i láthair sa chúirt má chuirtear isteach láithreas. Ní chiallaíonn sé ach go gcaithfidh sé nó sí a thabhairt le fios i scríbhinn go bhfuil sé i gceist aige/aice an cás a chosaint. Cloítear go daingean leis an teorainn ama de 10 lá ach go hiondúil is féidir láithreas a chuir isteach nuair atá an 10 lá imithe thart, más rud é go n-aontaíonn an gearánaí (caithfidh tú litir toilithe a fháil ón ngearánaí).
Chun láithreas a chur isteach, caithfidh an cosantóir foirm ghairid a lóisteáil in oifig na Cúirte Cuarda ar a bhfuil an fhaisnéis seo a leanas:
ainm agus uimhir thaifid an cháis
ainm agus seoladh an chosantóra agus
ainm agus seoladh a (h)aturnae má bhaineann.
Níl aon táille i gceist chun láithreas a chur isteach.
Má tá aturnae agat, is féidir leis/léi láithreas a chur isteach ar do shon.
Cosaint a chur isteach
Tar éis láithreas a chur isteach tá tréimhse bhreise de 10 lá ag an gcosantóir chun cosaint a chur isteach. Déantar é seo trí chosaint (ráiteas) a sheirbheáil ar an ngearánaí. Ní ghlacann oifig na Cúirte Cuarda leis an gcosaint ag an gcéim seo.
Cosaint agus frithéileamh a chomhdú
Nuair a dhéantar cosaint a chur isteach le frithéileamh, tógann oifig na Cúirte Cuarda isteach an doiciméad seo. Caithfidh dleacht stampa a bheith air. Ba chóir don chosantóir cóip de seo a sheirbheáil ar an ngearánaí freisin.
Séanadh
Cuirtear an fhaisnéis atá ar an leathanach ar fáil mar eolas amháin. Sa chás go mbíonn comhairle dlí de dhíth, ba cheart dul i gcomhairle le haturnae.