Uaireanta gnó:
Luan go hAoine 10.00 r.n. go dtí 4.30 i.n.
Bigil lae Nollag: 10.00 r.n. go 1.00 i.n.
Dúnta: Satharn, Domhnaigh, Lá Nollag agus na 7 laethanta tar éis an Nollag, Lá Fhéile Pádraig, Aoine an Chéasta, Luan Cásca agus Máirt Cásca agus na laethanta saoire poiblí.
Fiosruithe ginearálta:
courtofappealcivil@courts.ie
Leagan MSWord d’aighneachtaí i scríbhinn a chur le ríomhphost:
Mar aon le cruachóip de na haighneachtaí a chomhdú in oifig na cúirte laistigh den tréimhse ama atá leagtha síos ag an gcúirt, iarrtar ar pháirtithe in achomharc leagan MSWord de na haighneachtaí a chur le ríomhphost chuig an seoladh thuas freisin.
Iarrataí chun ordú a fháil:
courtofappealcivilorders@courts.ie
Nuair a bheidh hordaithe ón gCúirt Achomhairc críochnaithe, cuirfear nóta ar High Court Search.
Déanfar gnáthchóip d’ordú críochnaithe ón gCúirt Achomhairc a chur le ríomhphost (saor in aisce) chuig aon pháirtí san achomharc ar iarraidh ina sainaithnítear dáta an ordaithe, teideal an cháis, an uimhir achomhairc agus ainm an pháirtí a bhfuil an iarraidh á déanamh thar a cheann a fháil le ríomhphost ag an seoladh thuas.
Tá cóip fhianaithe d’ordú críochnaithe ar fáil ó oifig na cúirte d’aon pháirtí san achomharc ar an táille fhorordaithe €15.00 a íoc trí bhileog táille stampáilte, ach amháin sa chás go bhfuil an táille lena mbaineann díolmhaithe faoi Ordú na dTáillí. Ba chóir gach iarraidh den sórt sin a chur le ríomhphost chuig an seoladh thuas nó iad a thabhairt i bpearsa ag oifig na cúirte. Tá an Oifig Stampála suite ar an gcéad urlár d’Áras Uí Dhálaigh. Féadfar cóip fhianaithe a chur sa phost chuig aon pháirtí san achomharc ar an mbileog táille riachtanach a fháil freisin.
Gnó coiriúil:
Oifig na Cúirte Achomhairc - Coiriúil agus Míleata