Uaireanta gnó:
Luan go Aoine: 9.30 r.n. go 12.30 i.n. agus 2.00 i.n. go 4.30 i.n.
Taobh amuigh de na huaireanta seo is féidir iarratais éigeandála dlí teaghlaigh a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche ag na Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8.
Eolas faoin oifig seo:
Bíonn an oifig seo ag déileáil le gnó do na ceantair ar fad taobh istigh de Dhúiche Cúirte Chathair Bhaile Átha Cliath - ach amháin ceantair Dhún Laoghaire agus Sord. Déileáiltear le gnó do Sord ag Oifig na Cúirte Dúiche Sord.
Bítear ag déileáil le;
Foréigean teaghlaigh
Caomhnóireacht leanaí
Cothabháil céilí agus leanaí
Ábhair a bhaineann le hiarratais ar phasanna
Tástálacha fola chun tuismíocht a chinneadh
Iarratais éigeandála foréigin teaghlaigh
Caithfear iarratais éigeandála foréigin teaghlaigh a dhéanamh sa Seomra Agallaimh roimh 3.00 i.n. gach lá.
Más rud é go gcaithfidh tú iarratas éigeandála a thabhairt ina dhiaidh sin, téigh i dteagmháil le do stáisiún gardaí áitiúil. Rachaidhan stáisiún gardaí i dteagmháil leis an gcléireach cúirte atá arglao-dhualgas chun cúirt a shocrú.
Ar an Sathairn agus ar Laethanta Saoire Bainc, is féidir leat iarratas éigeandála a dhéanamh ag Oifig na gCúirteanna Coiriúla, Na Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8.
Conas dul ann
Ar Bhus Bhaile Átha Cliath: tá go leor bealaí bus ag freastal ar lár na cathrach, breathnaigh ar amchlár Bhus Bhaile Átha Cliath, téigh chuig www.dublinbus.ie
Ar an Luas: Téann an líne dearg den Luas ó Thamhlacht go dtí Stáisiún Uí Chonghaile. Tá an stop is gaire ag Ionad Siopadóireachta Jervis ar Sráid na Mainistreach Uachtarach - is siúlóid thart ar 5 nóiméad atá ann go dtí Teach an Charnáin.
Áiseanna áitiúla:
I measc na háiseanna i dTeach an Charnáin tá: bealach isteach inrochtana, ardaitheoirí, seomraí comhairliúcháin, seomraí do chleachtóirí dlí, córas lúibe sna seomraí cúirte, leithris inrochtana, meaisín díola ag cur deochanna te agus fuara ar fáil. Tá an iliomad áiteanna cóngarach a chuireann bia agus deochanna ar fáil.