Uaireanta gnó:
Luan go hAoine: 10.00 r.n. - 1.00 i.n. & 2.00 i.n. - 4.30 i.n.
Eolas faoin oifig seo:
Gnó na cúirte dúiche.
Teaghlaigh:
• inchurtha chuig Cúirt Dúiche Cheatharlach ar an tríú Déardaoin den mhí amháin.
Sibhialta:
• inchurtha chuig Cúirt Dúiche Cheatharlach ar an gcéad Déardaoin den mhí amháin.
Tá gnó de chineál ar bith inchurtha chuig suí ar bith i mBealach Conglais.
Áiseanna áitiúla:
Páirceáil:
Níl cead ach ag breithiúna, baill foirne agus carranna oifigiúla (carranna na ngardaí agus veaineanna príosúin) páirceáilar thalamh an tí cúirte.
Níl aon pháirceáil ann do dhlíodóirí ná do dhlíthithe.
Tá 3 charrchlós phoiblí ann gar don teach cúirte:
• taobh thiar den teach cúirte, trasna ó stáisiún na ngardaí,
• taobh thiar de Theach Tábhairne Irishman's ar Shráid an Choláiste,
• carrchlós ilstórach ar Shráid Bhaile Átha Cliath.