Uaireanta gnó:
Luan go hAoine: 9.30 r.n. - 12.45 i.n. & 2. i.n. - 4.30 i.n.
Eolas faoin oifig seo:
Dlí Teaghlaigh: foréigean baile, cothabháil céilí agus leanaí, coimeád agus caomhnóireacht naíonán, cosaint áras an teaghlaigh.
Gnó Sibhialta: Teorainn €15,000.
Ceadúnú: Ach amháin iarratais um cheadúnú bliantúil a mbíonn an Oifig Ceadúnaithe, Áras Uí Dhálaigh, Baile Átha Cliath 7 ag déileáil leo.
Forfheidhmiú: Dlínse gan teorainn.
Éilimh Bheaga.
Cionta Tráchta Bóthair
Gnó Coiriúil
Gnó a bhaineann leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Rialú Madraí, Údaráis Áitiúla agus cúrsaí eile ar féidir iad a thabhairt os comhair na Cúirt Dúiche trí thoghairm.
Oifig Shoird: Cuntar Poiblí. Seomra agallaimh/comhairliúcháin príobháideach.
Teach Cúirte Bhaile Brigín: Seomra comhairliúchán do chleachtóirí dlí Inrochtana do chathaoireacha rothaí.
Sonraí um shuíonna:
Teach Cúirte: Sord.
Gach Luan, 10.30 r.n. go 4.00 i.n. - éisteachtaí choiriúla.
Gach Máirt, 10.30 r.n. cóiriúl; 12.00 i.n. - dlí teaghlaigh (ach amháin an triú Máirt sa mhí).
Gach Céadaoin, 10.30 r.n. - cóiriúl; 12.00 i.n. - dlí teaghlaigh.
An triú Máirt i ngach mí - 10.30 r.n. - sibhialta.
Teach Cúirte: Baile Brigín.
Gach Déardaoin (ach amháin an triú Máirt sa mhí), 10.30 r.n. - cóiriúl; 12.00 i.n. - dlí teaghlaigh.
An triú Déardaoin i ngach mhí - sibhialta
Conas dul ann:
Ar iompar poiblí go Sord
Bus Átha Cliath: www.dublinbus.ie
Chun dul chomh fada leis an oifig ar Shráid an Droichid i Sord, cas ar chlé ag barr na Sráide Móire. Tá an oifig trasna an bhóthair ó The Pound Pub agus in aice le hIonad Siopadóireachta an Chaisleáin.
Ar iompar poiblí go Baile Brigín:
Bus Átha Cliath: www.dublinbus.ie
Ar an traein: Is féidir dul chomh fada le Baile Brigín ar an traein ó Bhaile Átha Cliath, ó Dhún Dealgan agus ón Inbhear Mór.
Tá teach cúirte Bhaile Brigín suite ag taobh Bhaile Átha Cliath de Shráid an Droichid in aice le Cearnóg Sheoirse, Baile Brigín.