Uaireanta gnó:
Luan go Aoine: 10.00 r.n. go 12.45 i.n. agus 2.00 i.n.go 4.00 i.n.
Sonraí teagmhála breise:
Liostaí Chúirt Chuarda an Chabháin: CavanCCDiary@courts.ie
Eolas faoin oifig seo:
Gnó na cúirte dúiche: Bíonn an oifig seo ag déileáil le cásanna atá le héisteacht sna tithe cúirte sa Chabhán agus Achadh an Iúir.
Conas dul ann:
Tá stáisiún bus an Chabháin suite ar Shráid Fhearnáin - siúlóid 5 nóiméad ó theach na cúirte. Cuireann Bus Éireann seirbhísí rialta ar fáil chuig agus ó Bhaile Átha Cliath agus Dún na nGall. Cuireann Ulster Bus 3 sheirbhís in aghaidh an lae idir Ionad na mBus Europa i mBéal Feirste agus an Cabhán.
Tá tacsaithe le fáil ón stáisiún bus.
Páirceáil: Tá roinnt carrchlóis áitiúla ann agus páirceáilíoc agus taispeáin freisin in aice le teach na cúirte agus i lár an bhaile.
Áiseanna áitiúla:
I measc na háiseanna ag an teach cúirte tá: seomraí comhairliúcháin, seomraí do chleachtóirí dlí, bealach isteach do chathaoireacha rothaí, ardaitheoir, córas lúibe i seomraí cúirte, leithreas inrochtana, agus páirceáil sannta do dhaoine atá faoi mhíchumas.
Taobh istigh d'achar beag ar siúl ó theach na cúirte tá roinnt bialanna, siopaí caife agus beáir a chuireann réimse leathan bia agus sneaiceanna ar fáil.
Eolas eile:
Joe Smith Cláraitheoir an Chontae