Eolas faoin oifig seo:
Glacann Cúirt Dúiche Dhún Laoghaire le gach gné de gach cineál gnó dhlíthiúil, is é sin, sibhialta, coiriúil agus ceadúnú.
Toisc gur ceann de na hionaid/oifigí laistigh de Chúirt Dúiche Dúiche Bhaile Átha Cliath í, féadtar an teideal sin a chur ar cháipéisí: - Dúiche Dúiche Chathair Bhaile Átha Cliath.
Suíonn an chúirt 5 lá in aghaidh na seachtaine, 10:30 r.n. - 12:45 i.n. & 2:00 i.n. - 4:00 i.n. agus de réir mar is gá. (seachas i rith mhí Lúnasa agus laethanta saoire poiblí).
Dé Luain: 10:30 r.n. - coiriúil. 2:00 i.n. - éisteachtaí choiriúla.
Dé Máirt: 10:30 r.n. - coiriúil. 2:00 p.m. - ghnó na nóg.
Dé Céadaoin: coiriúl (le héisteacht).
An chéad Déardaoin: 10.30 r.n. - cásanna caomhnóireachta nua na ngardaí, iarratais éagsúla agus liosta sibhialta lena n-áirítear imeachtaí na n-údarás áitiúil. 2 i.n. - éisteachtaí d'ábhair shibhialta agus chomhairle.
An dara Déardaoin: - éisteachtaí d'ábhair shibhialta agus chomhairle. Gach Déardaoin eile: 10.30 r.n. - toghairmeacha na ngardaí.
An chéad Aoine: 10.30 r.n. - ábhair choiriúla. 2.00 i.n. - níl aon chúirt.
An dara hAoine: 10.30 r.n. - cásanna caomhnóireachta na ngardaí amháin, toghairmeacha pionóis sheasta (garda agus comhairle contae).
An triú hAoine: 10.30 r.n. - ábhair choiriúla.
An ceathrú hAoine: 10.30 r.n. - ábhair choiriúla.
Éilimh Bheaga: Tá an nós imeachta seo ar fáil. Tá bileoga agus foirmeacha ar fáil ar an láithreáin seo nó ar iarratas ó oifig na cúirte dúiche. Féadfar iarratais a dhéanamh ar-líne freisin.
Stampála táille: Tá seirbhís stampála táille cúirte ar fáil.
Stáisiúin Gharda Síochána: Is iad na stáisiúin Gharda Síochána a nascann leis an gcúirt ná Dún Laoghaire, Deilginis, An Charraig Dhubh, Cabán tSíle, Kill O'Grange, Seanchill, Dún Droma agus Stepaside.