Uaireanta gnó:
Luan go hAoine: 10.00 r.n. - 12.30 i.n. & 2.30 i.n. - 4.30 i.n.
Sonraí teagmhála breise:
galwaycivil@courts.ie
galwayfamily@courts.ie
galwaycrime@courts.ie
Eolas faoin oifig seo:
An Chúirt Dúiche:
Bíonn an oifig seo ag déileáil le cásanna atá le héisteacht sna hionaid chúirte i nGaillimh, An Chlochán, Doire an Fhéich, Gort agus Tuaim.
Tógtar gach ábhar coiriúil a bhaineann leis na gardaí - duilleoga na gcúiseamh & toghairmeacha - gach Luan agus ar an 1ú, 2ú, 3ú & 4ú Céadaoin ag 10.30 r.n.
Tógtar gach ionchúiseamh nach mbaineann leis na gardaí, .i. aturnaetha stáit, ionchúisimh na n-údarás áitiúil, ionchúisimh phríobháideacha srl. agus gach iarratas (ceadúnú srl.) ar an 1ú Máirt de gach mí amháin.
Éistear le cásanna dlí teaghlaigh ar an 2ú agus an 4ú Máirt de gach mí.
An t-aon eisceacht atá leis an méid thuas ná an chúirt bhliantúil um cheadúnú i Meán Fómhair nach mór a bheith ar an gcúirt dheireanach an mhí sin de réir na rialacha.
Bíonn cúirteanna Lúnasa ar siúl gach Máirt i mí Lúnasa.
Conas dul ann:
Cathair na Gaillimhe - siúl cúig nóiméad ó lár na cathrach atá an teach cúirte.
Ón stáisiún iarnróid/bus téigh trasna an Fhaiche Mhór, cas ar dheis ag stór ilrannach Brown Thomas agus lean ar aghaidh suas Sráid Eglinton.
Tá an teach cúirte lonnaithe trasna ó Amharclann na Cathrach agus in aice le Droichead Chora na mBradán agus Ardeaglais na Gaillimhe.
Tá páirceáil ar fáil i gcarrchlós an Ardeaglais agus i gcarrchlós an Bhóthar Thiar atá lonnaithe amach ó Bhóthar Áth Cinn, achar beag ag siúl ón teach cúirte.
Tá carrchlóis níos lú ann freisin i Newtownsmyth agus Sráid an Mhargaidh. Tá cúig charrchlós ilstóir timpeall lár na cathrach freisin.
Áiseanna áitiúla:
Tá seirbhís mhaith bus ag an gcathair ó cheann ceannna hÉireann, ag Bus Éireann agus oibritheoirí cóistí príobháideacha agus tá seirbhís bhus rialta ann go dtí gach cuid de cathair na Gaillimhe freisin. Téann cúig thraein isteach agus amach as Gaillimh gach lá ar an mbealach Baile Átha Cliath / Gaillimh.
Bíonn tacsaithe le fáil ag an ionad tacsaithe san Fhaiche Mhór.
Le haghaidh béilí agus sólaistí, tá roinnt siopaí caife agus tithe tábhairne cóngarach don teach cúirte. Bia theach tábhairne (spólann) óna 12.30 i.n. go 3.00 i.n. gach lá.
Tá An Gort (Dúiche uimh. 12) lonnaithe 24 mhíle ó dheas den chathair ar an mbóthair ó Ghaillimh go Luimneach. Tá an teach cúirte lonnaithe i gcearnóg an bhaile.
Tá Tuaim (Dúiche uimh. 4) suite 22 míle thuaidh thoir den chathair ar an mbóthar ó Sligeach / Caisleán an Bharraigh. Tá an cúirte lonnaithe i Weir Road, Tuaim.
Eolas eile:
Marian Chambers-Higgins Cláraitheoir an Chontae