Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
Ó Cuinn -v- An Taoiseach & chuid eile
Lua Neodrach:
[2017] IECA 45
Uimhir Taifid na Cúirte Achomhairc:
2016/28
Dáta Seachadta:
02/17/2017
Cúirt:
An Chúirt Achomhairc
Comhdhéanamh na Cúirte:
Kelly P., Hogan J., Ní Raifeartaigh J.
Breithiúnas ó:
Hogan J.
Stádas:
Formheasta
Toradh:
Ceadaigh agus cur ar ceal


AN CHÚIRT ACHOMHAIRC
[2017] IECA 45

Uimhir thaifid 2016/28


Kelly P.
Hogan B.
Ní Raifeartaigh B.

IDIR/
DONNCHA Ó CUINN
IARRATASÓIR/FREAGRÓIR
AGUS

AN TAOISEACH, AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT AGUS COMHIONANNAIS, AN tAIRE IOMPAIR, TURASÓIREACHTA AGUS SPÓIRT, ÉIRE AGUS AN tARD-AIGHNE, AGUS AN STIÚRTHOIR IONCHÚISEAMH POIBLÍ

FREAGRÓIRÍ/ACHOMHARCÓIRÍ

BREITHIÚNAS na CÚIRTE tugtha ag an Breitheamh Hogan ar an 17ú lá de mí Feabhra 2017

1. Is achomharc é seo atá tógtha ag an Stát i gcoinne breithiúnas na hArd-Chúirte inar chinn an chúirt go raibh an Stát ag sárú a chuid oibleagáidí bunreachtúla chun ionstraimí reachtúla áirithe a chur ar fáil don iarratasóir i gcomhthéacs ionchúiseamh atá ar feitheamh sa Chúirt Dúiche maidir le tiomáint faoi thionchar dí, agus, anuas ar sin, nár shásaigh an ráiteas asphrionta ón "Intoxilyzer" a bhí le fáil i mBéarla amháin, na riachtanais reachtúla áirithe. Tháinig na ceisteanna is cúis leis an achomharc seo ar an mbealach seo a leanas.

2. Sagart paróiste san Fhál Carrach, Contae Dún na nGall is ea an iarratasóir, an tAthair Ó Cúinn. Is cainteoir dúchasach Gaeilge é, agus bhí sé i gcónaí bunaithe i bparóistí Gaeltachta inar chomhlíon sé a chuid feidhmeanna eaglasta agus tréadacha trí mheán na Gaeilge. Cuireadh i leith an iarratasóir go raibh sé ag tiomáint faoi thionchar dí ar an 29ú Márta 2014, i gcoinne le halt 49 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 (leasaithe). Diúltaíonn sé an líomhain sin agus tá sé ag cosaint an cúiseamh, atá ar athló sa Chúirt Dúiche Leitir Ceanainn. Tá an ionchúiseamh sin á dhéanamh trí Ghaeilge. Is é an cheist a bhun na himeachtaí seo ná an bhfuil, agus más amhlaidh, an méid go bhfuil, an ceart ag an iarratasóir an leagan Gaeilge d'ionstraimí reachtúla ar leith a fháil, toisc go bhfuil siad ábhartha agus riachtanach chun an cúiseamh sin a chosaint, dar leis.

Na himeachtaí san Ard Chúirt
3. Thosaigh na himeachtaí athbhreithniú breithiúnach seo ar an 12ú Nollaig 2014 agus deonaíodh cead chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach ar an 17ú Nollaig 2014 ag an Ard Chúirt (MacEochaidh B.). Anuas ar an ordú sin, rinneadh ordú a chuir bac ar an ionchúiseamh i leith tiomáint faoi thionchar dí go dtí go mbeadh na himeachtaí seo cinntithe.

4. Is é aighneacht aturnae na hiarratasóra, an t-Uasal Uí Chanainn, atá leagtha amach sa mhionscríbhinn den 12ú Nollaig 2014, ná nach raibh na haistriúcháin de na Rialacha Cúirte Dúiche (Fineálacha) 2012 (I.R. Uimh. 39 de 2012), nó de na Rialacha Cúirte Dúiche (Taifeadadh Imeachtaí) 2013 (I.R. Uimh. 99 de 2013) ar fáil trí Ghaeilge. Chomh maith le sin, mhaígh sé nach raibh an leagan Gaeilge ar fáil i leith an tOrdú Iompair (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú) 2011 (I.R. Uimh. 141 de 2011) nó na Rialacháin ar an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2010 (Alt 13)(An Fhoirm Forordaithe agus an Modh Forordaithe maidir le Ráitis) 2011 (I.R. Uimh. 541 de 2011)(“na Rialacháin 2011”).

5. Ina gcuid fógra freasúra dar dáta 5ú Meitheamh 2015, dhiúltaigh na freagróirí go raibh siad ag sárú a gcuid dualgaisí reachtúla chun aistriúchán Gaeilge de cheachtar na Rialacha Cúirte Dúiche (Fineálacha) 2012 nó de na Rialacha Cúirte Dúiche (Taifeadadh Imeachtaí) 2013 a chur ar fáil. Léiríodh gur scríobh rúnaí príobháideach an Aire Dlí agus Cirt litir ar an 5ú Meán Fomhair 2014 (m.sh., roinnt míonna sular tús na himeachtaí) ag léiriú go raibh leaganacha Gaeilge de na hionstraimí reachtúla seo le fáil, agus, anuas ar sin, go raibh cóipeanna iniata leis an litir. Bhí sé pléadáilte ag an Stát chomh maith go raibh an dá den Ordú Iompair (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú) 2011, agus na Rialacháin 2011, le fáil anois, cé nach raibh siad foilsithe (go fóill) ag an dáta sin.

6. Ina theannta sin, ghlac Micheál Ó Cearúil, aistritheoir a bhí ceangailte leis an Roinn Dlí agus Cirt, mionn dar dáta 5ú Meitheamh 2015, ina raibh cóipeanna de na haistriúcháin de na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach) 2008) 2010 (I.R. Uimh. 94 de 2010), na Rialacha Cúirte Dúiche (Imeachta Shibhialta) 2014 (I.R. Uimh. 17 de 2014), an Ordú Iompair (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú) 2011 (I.R. Uimh. 141 de 2011), agus na Rialacháin ar an Acht um Thrácht ar Bhóithre 2010 (Alt 13)( An Fhoirm Forordaithe agus an Modh Forordaithe maidir le Ráitis) 2011 (I.R. Uimh. 541 de 2011) go léir taispeánta.

7. Ag an triail san Ard Chúirt, (Ní Anluain B.), rinneadh soiléir ag an iarratasóir nach raibh sé ag lorg anois ach dhá faoisimh shonracha den roinnt a bhí á lorg san fhógra iarratais. Ar an gcéad dul síos, bhí siad ag lorg dearbhú gur theip ar an Aire Dlí agus Cirt, Éireann, agus an Ard Aighne, ina gcuid dualgas bunreachtúil chun aistriúchán Gaeilge de Rialacha na Cúirte Dúiche áirithe, cé a aithníodh sa sceideal a ghabhann le fógra an iarratais, a chur ar fáil agus, ar an dara dul síos, nár ráiteas forordaithe chun críche na Rialacháin 2011 é an ráiteas maidir le halt 13, ar a bhraith an ionchúiseamh, go háirithe toisc go raibh sé i mBéarla amháin.

8. Níl aon dabht ach gur ardaigh an chás seo saincheisteanna a d'fhéadfadh a bheith deacair, ar an gcéad dul síos, méid na hoibleagáide an Stáit chun aistriúchán Gaeilge d'ionstraim reachtúil (seachas Acht an Oireachtas) a chur ar fáil do chosantóir in imeachtaí coiriúla, agus, ar an dara dul síos, má's ráiteas forordaithe, ó thaobh na Rialacháin 2011 de, é an ráiteas asphrionta ón "Intoxilyzer", a bhí le fáil i mBéarla amháin. Cé gur fíor é go ndearna an Chúirt Uachtarach fiosrú ar an gcéad cheist sa chás Ó Murchú v. An Taoiseach [2010] IESC 26, [2010] 4 I.R. 484, agus go mbreithníodh an dara cheist ag an Cúirt seo sa chás Director of Public Prosecutions v. Avadenei [2016] IECA 136, ní féidir a rá gur cheart na saincheisteanna sna himeachtaí seo a mheas mar cheisteanna simplí nó socraithe.

9. Go sonrach, de réir cinneadh na Cúirte Uachtaracha in Ó Múrchú, níl sé soiléir in aon chor go bhfuil an ceart ag an cosantóir in imeachtaí coiriúla chun aistriúchán Gaeilge d'ionstraim reachtúil ar leith a éileamh, gan bac le ceisteanna maidir le hábhartacht agus riachtanas. Chomh maith le sin, is léir go n-ardaíodh an dara cheist - a bhí pléite ag an Cúirt seo in Avadenei - ceist breise cibé an sásaíonn an ráiteas asphrionta ón "Intoxilyzer", a bhí ar fáil sa leagan Béarla amháin, na ceangaltais in alt 13 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2010 agus na Rialacháin 2011, agus muna sásaíonn, an féidir an t-ionchúiseamh dul ar aghaidh mar sin féin. Ina leith sin, is fiú tabhairt faoi deara gur thóg an Ard Chúirt agus an Cúirt seo dearcthaí difriúla ar an gceist seo in Avadenei, agus anuas ar sin, gur dheonaigh an Chúirt Uachtarach cead chun achomhairc a dhéanamh i gcoinne cinneadh na Cúirte seo le déanaí.

Breithiúnas na hArd Chúirte
10. I mbreithiúnas forchoimeádta, arna sheachadadh ar an 11ú Nollaig 2015, rinne breitheamh na trialach achoimre ar na saincheisteanna agus na hargóintí a bhí curtha chun cinn ag na pártaithe faoi seach, sular chinn sí ar son na hiarratasóra. Is é seo an méid a dúirt sí mar chonclúid, áfach:

      “Tá an cás cruthaithe ag an iarratasóir i dtaobh na faoisimh a d’iarraidh ag uimh. 1 agus uimh. 7 den fhógra foriarratais. De réir mar a chuaigh an chás ar aghaidh, léirigh an t-Uasal Ó Tuathail nach raibh an iarratasóir ag iarraidh na faoisimh eile. Ní chuireann na faoisimh ag uimh. 1 agus uimh. 7 isteach ar an chás dul ar aghaidh sa Chúirt Dúiche i Leitir Ceanainn mí Eanair seo chugainn. Ní chuireann an bhreithiúnas seo isteach ar obair na Cúirte Dúiche in aon chur. Dheonóinn an dá dearbhú atá leagtha amach ag an iarratasóir ag uimh. 1 agus uimh. 7.”

Breithiúnas na hArd Chúirte agus an dualgas chun cúiseanna a leagaint amach
11. Níor thugadh aon cúiseanna leis na conclúidí seo. Deirtear ag na hiarratasóirí ina gcuid aighneachtaí go dtí an Chúirt seo gur chóir breithiúnas na hArd Chúirte a chur i leataobh ar an mbonn sin amháin. Is céim é seo nach nglacfainn ach le drogall mór, mar gheall ar an inmhianaitheacht go ndéanfadh an Cúirt seo ráiteas ar na saincheisteanna tábhachtacha a bhaineann leis an gcás seo. Bheadh tuilleadh moille agus tuilleadh costas i gceist le haon tarchur de na saincheisteanna seo, rud gur mhaith le héinne a sheachaint mura rud é go raibh sé fíor-riachtanach.

12. Go mí-ámharach, measaim gur céim é seo nach féidir a sheachaint. De réir gur dheonaíodh an chéad faoiseamh ag an Ard Chúirt, deonaíodh dearbhú a rá gur theip ar an Aire Dlí agus Cirt, Éire agus an Ard Aighne ina gcuid dualgas bunreachtúil chun aistriúchán Gaeilge de na hionstraimí reachtúla, a bhí leagtha amach i sceideal san fhógra iarratais, a chur ar fáil, eadhon, na Rialacha um an tAcht Um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach) 2008, 2010 (I.R. Uimh. 94 de 2010), na Rialacha Cúirte Dúiche (Fineálacha) 2012 (I.R. Uimh. 39 de 2012), na Rialacha Cúirte Dúiche (Taifeadadh Imeachtaí) 2013 (I.R. Uimh. 99 de 2013) agus na Rialacha Cúirte Dúiche (imeachta shibhialta) 2014 (I.R. Uimh. 17 de 2014).

13. Feictear domsa, áfach, gur cóir grinnscrúdú a dhéanamh ar na himpleachtaí a ghabhann le breithiúnas na Cúirte Uachtaracha sa chás Ó Múrchú sula bhféadfaí teacht ar aon chonclúidí den chineál seo. Ba aturnae é an iarratasóir in Ó Múrchú agus mhaígh sé, ar an gcéad dul síos, go raibh dualgas bunreachtúil ag an Stát chun gach ionstraim reachtúil a aistriú go Gaeilge, agus, ar an dara dul síos, ar aon nós, go raibh dualgas bunreachtúil chun na Rialacha Cúirte a aistriú laistigh de thréimhse réasúnach. D'easaontaigh an Chúirt Uachtarach leis an gcéad aighneacht, ach ghlac an Chúirt leis an dara pointe. Ach is léir ón sliocht seo thíos, ó bhreithiúnas Macken B., gur bhain an ceart a bhí ag an iarratasóir chun dearbhú a fháil maidir le haistriúchán na Rialacha Cúirte lena chuid stádas qua aturnae:-

      “It cannot be gainsaid that the absence of such Rules, their amendments, forms and indices, whether of the Superior Courts, the Circuit Court or the District Court, constitute an impediment on a solicitor, such as the respondent, having a significant clientele wishing to undertake their legal affairs in Irish, and adversely affects proper access to court and/or to the giving of advices arising from, or in relation to, matters covered by the Rules of Court. These extend not only to criminal matters and civil applications, but also to issues which might not be so readily apparent, such as probate matters or those concerning wardship, or other less immediately obvious involvements in procedures governed by Rules of Court. In Ó Beoláin, by way of example, having adopted the findings of Kennedy C.J. in O’Foghludha v. McClean in relation to the availability of Superior Court Rules, Hardiman, J. stated:-

        “I am of the opinion that the same reasoning applies to the Rules of the District Court. These Rules, as noted above, are extremely important for the conduct of litigation in that court. In relation to the trial of summary offences, they contain provisions for such vital matters as service, powers of adjournment, powers of amendment, and the effect of variations between the offences alleged in the summons and the evidence actually given in court. Furthermore the Rules provide the appropriate forms to be used for such basic purposes as the summoning of a witness and the giving of notice of appeal.”

      These examples constitute a small range of the forms essential to comply with procedures governed by Rules of Court, which, absent such compliance, may have significant adverse consequences for clients of a solicitor engaged in such matters, or for the solicitor himself, such as the respondent. The provision of such Rules must be ensured within a reasonable period of time, and preferably as soon as practicable after their publication in English, so as to respond to the obligation to ensure compliance with Rules relating to access to court or with procedures governed by the Rules of Court.”
14. De réir sin, tháinig Macken B. ar an gconclúid go raibh an ceart ag an iarratasóir chun leagan Gaeilge de na Rialacha Cúirte a fháil laistigh de thréimhse réasúnach. D'éirigh an dualgas bunreachtúil seo as an bhfíric go raibh an iarratasóir i dteideal, qua aturnae, a chinntiú nach bhfuil a chuid cliaint le Gaeilge faoi mhíbhuntáiste ar bith mar gheall ar easpa aistriúcháin mar seo. Níl sé riachtanach, ar son na críche faoi láthair, tuairim a chur in iúl maidir le teidlíocht an iarratasóra – cé nach bhfuil ina dhlíodóir cleachtach – chun aistriúchán d'ionstraimí reachtúla ar leith a aimsiú. Má's rud é, mar a chinneadh go soiléir in Ó Múrchú, nach bhfuil aon oibleagáid bunreachtúil ginearálta chun ionstraimí reachtúla a aistriú, ansin is cosúil go mbeadh an teidlíocht chun aistriúchán d'aon ionstraim reachtúil a aimsiú, bunaithe ar na fíricí áirithe i ngach cás. I bhfocail eile, i gcás ina bhféadfadh an iarratasóir léiriú go ndéanfaí dochar dó i rith dlithíocht ar bith a bhí stiúrtha i gceart, gan aistriúchán cuí d'ionstraim reachtúil áirithe, d'fhéadfadh aistriúchán mar sin a bheith ag teastáil ag an cúirt de réir ceanglas bunreachtúil atá bunaithe ar riaradh an cheartais chothroma agus an ceart chun rochtain ar chúirt.

15. Leagann an méid seo go léir béim ar an riachtanas go dtabharfar an Ard Chúirt cúiseanna ar son a chinneadh, bunaithe ar na fíricí agus na himthosca áirithe a bhaineann leis an gcás, agus léiriú a thabhairt, bunaithe ar Ó Múrchú, ar an gcúis go raibh (nó, de réir mar a bheith, nach raibh) ordú á cheangal ar aistriúchán d'ionstraim reachtúil ar leith riachtanach. Seachas é seo, níl sé soiléir don Chúirt seo conas go d'fhéadfadh dearbhú á thabhairt ag rá gur theip an Stáit ina gcuid dualgaisí bunreachtúla, toisc gur bhunaigh an fianaise go soiléir go raibh leaganacha Gaeilge de na Rialacha Cúirte Dúiche (Fineálacha) 2012 agus na Rialacha Cúirte Dúiche (Taifeadadh Imeachtaí) 2013 le fáil i Meán Fomhair 2014, i bhfad roimh tús na himeachtaí seo.

16. Ba é an dara dearbhú a dheonaigh an Ard Chúirt ná nár chomhlíon an leagan Béarla amháin den ráiteas asphrionta ón "Intoxilyzer", ar a bhfuil an t-ionchúiseamh ag brath, leis na ceanglais atá leagtha amach in alt 13 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2010 agus na Rialacháin 2011. Ach sula bhféadfaí dearbhú mar sin a dheonú, bheadh sé riachtanach réimse saincheisteanna a scrúdú, lena n-áirítear, b'fhéidir, na ceanglais mhionsonraithe in alt 13 agus na Rialacháin 2011 iad féin, cibé an raibh an teip chun leagan Gaeilge den ráiteas a chur ar fáil ann féin marfach maidir leis a bhailíocht dhlíthiúil, agus cibé an féidir a rá gur rinneadh dochar don iarratasóir mar thoradh ar an neamhghníomh seo, sa mhéid is go dtabharfaí teideal dó do faoiseamh dearbhaithe den sórt seo.

17. Ba iad seo na cineálacha saincheisteanna a bheadh oibleagáid ar bhreitheamh na trialach a bhreithniú roimh teacht ar aon chonclúid chríochnaitheach maidir leis na ceisteanna a ardaíodh. Go tútach, ní dhearna breitheamh na trialach aon scrúdú nó mionsaothrú ar na saincheisteanna seo ar chor ar bith. Sna cúinsí sin, cinnim go bhfuil oibleagáid orm teacht ar an gconclúid nár thóg breitheamh na trialach cúiseanna ar bith ar son a cuid conclúidí maidir leis an faoiseamh a dheonaigh sí. Tugann an neamhghníomh sin deacrachtaí móra don Chúirt seo, áfach. Déanann Airteagal 34.4.1 den Bhunreacht soiléir go bhfuil dlínse achomhairc amháin ag an Chúirt seo. Ach ní bheadh an Chúirt seo in ann a chuid feidhm achomhairc a chomhlíonadh muna dtuigeann sé -in imlíne leathan ar a laghad- na cúiseanna a bhaineann le breithiúnas na hArd Chúirte. Is gné intreach d'fheidhmiú cuí an próiséas achomhairc é an cleachtas chun cúiseanna a thabhairt ag an dlínse chéadchéime.

18. Anuas ar sin, d'fhéadfadh a rá go ndearna an Chúirt Uachtarach soiléir gur gné fíor-riachtanach den próiséas breithiúnach é an cleachtas chun cúiseanna a thabhairt. Sa chás The State (Creedon) v. Criminal Injuries Compensation Tribunal [1988] I.R. 53, chuir an Chúirt Uachtarach faoi bhéim nach bhféadfadh le comhlacht gar-bhreithiúnach, cosúil leis an mBinse sin, iarratas a dhiúltú faoin Scéim Chúitimh i leith Díobhálacha Coiriúla gan cúiseanna ar bith a thabhairt ar son a chuid conclúidí. Mar a dúirt Finlay P.B. ([1988] I.R. 33, 55):

“…it would appear necessary for the proper carrying out of that [judicial review] jurisdiction that the Courts should be able to ascertain the reasons by which the tribunal came to its determination. Apart from that, I am satisfied that the requirement which applies to this Tribunal, as it would to a court, that justice should appear to be done, necessitates that the unsuccessful applicant before it should be made aware in general and broad terms of the grounds on which he or she was has failed. Merely, as was done in this case, to reject the application and when that application was challenged subsequently to maintain a silence as to the reason for it, does not appear to me to be consistent with the proper administration of functions which are of a quasi-judicial nature.” (béim breise)

19. Sa chás O’Mahony v. Ballagh [2002] 2 I.R. 410 chuir an Chúirt Uachtarach béim ar an bpointe nach bhfuil breitheamh na Cúirte Dúiche in ann aighneachtaí foirmiúla a rinneadh ar son duine cúisithe in ionchúiseamh ar thiomáint faoi thionchar an óil a dhiúltú, gan cúiseanna ar bith a thabhairt leis an tuairim sin. Mar a dúradh ag Murray B. ([2002] 2 I.R. 410, 416):

      “…every trial judge hearing a case at first instance must give a ruling in such a fashion as to indicate which of the arguments he is accepting and which he is rejecting, and as far as practicable in the time available, his reasons for so doing.”
20. Tháinig an Chúirt seo ar chonclúid den chineál céanna le déanaí maidir leis an oibleagáid atá ar bhreitheamh na trialach chun cúiseanna a thabhairt sa chás Bank of Ireland Mortgage Bank v. Heron [2016] IECA 68. Ina chuid breithiúnas, dúirt Kelly B. go ndearna McCarthy B. scrúdú ar roinnt údaráis Éireannach agus Sasanach ar son an moladh gur chóir cúiseanna a thabhairt le cinntí breithiúnacha sa chás Foley v. Murphy [2008] 1 I.R. 619. I Foley, tharla sé gur theip ar bhreitheamh na Cúirte Cuarda cúiseanna a thabhairt ó thaobh an cinneadh chun costais an iarratasóir a dhiúltú. Ar athbhreithniú breithiúnach, dheonaigh McCarthy B. ordú certiorari chun an cinneadh sin a neamhniú de réir an teip chun cúiseanna a thabhairt dó. Logadh sé an cás ar ais toisc go bhféadfaí an saincheist a chinneadh de réir an dlí.

21. Ansin, thug Kelly B. faoi deara gur luaigh McCarthy B. an breithiúnas ón Chúirt Achomhairc Sasanach sa chás English v. Emery Reimbold and Strick Limited [2002] 1 W.L.R. 2409 le dea-mheas le linn a bhreithiúnas. I rith an breithiúnas sin, bhí breithiúnas Henry L.J. sa chás Flannery v. Halifax Estate Agencies Limited [2000] 1 W.L.R. 377 tugtha faoi deara le dea-mheas ag an Chúirt Achomhairc Sasanach. Dúirt an breitheamh sin an méid seo thíos maidir leis an dualgas chun cúiseanna a thabhairt:-

      “(1) The duty is a function of due process, and therefore of justice. Its rationale has two principal aspects. The first is that fairness surely requires that the parties - especially the losing party should be left in no doubt why they have won or lost. This is especially so since without reasons the losing party will not know. . . whether the court has misdirected itself, and thus whether he may have an available appeal on the substance of the case. The second is that a requirement to give reasons concentrates the mind; if it is fulfilled, the resulting decision is much more likely to be soundly based on the evidence than if it is not.

      (2) The first of these aspects implies that want of reasons may be a good self-standing ground of appeal. Where because no reasons are given it is impossible to tell whether the judge has gone wrong on the law or the facts, the losing party would be altogether deprived of his chance of an appeal unless the court entertains an appeal based on the lack of reasons itself.

      (3) The extent of the duty, or rather the reach of what is required to fulfil it, depends on the subject-matter. Where there is a straightforward factual dispute whose resolution depends simply on which witness is telling the truth about events which he claims to recall, it is likely to be enough for the judge (having, no doubt, summarised the evidence) to indicate simply that he believes X rather than Y; indeed there may be nothing else to say. But where the dispute involves something in the nature of an intellectual exchange, with reasons and analysis advanced on either side, the judge must enter into the issues canvassed before him and explain why he prefers one case over the other. This is likely to apply particularly in litigation where as here there is disputed expert evidence; but it is not necessarily limited to such cases.

      (4) This is not to suggest that there is one rule for cases concerning the witnesses’ truthfulness or recall of events, and another for cases where the issue depends on reasoning or analysis (with experts or otherwise). The rule is the same: the judge must explain why he has reached his decision. The question is always, what is required of the judge to do so; and that will differ from case to case. Transparency should be the watchword.”

22. Sa chás English, rinne an Lord Phillips M.R. achoimriú ar chineál na hoibligeáide mar seo:-
      “The essential requirement is that the terms of the judgment should enable the parties and any appellate tribunal readily to analyse the reasoning that was essential to the Judge’s decision.”
23. Sa chás Heron, thug Kelly B. na húdaráis Sasanach seo faoi deara agus ansin thug sé ráiteas go:-
      “The majority of judgments in the High Court are delivered ex tempore. Such judgments cannot be expected to include anything like the same degree of detail as might be expected in a reserved judgment. They do not have to be discursive. But even an ex tempore judgment must comply with the essential requirement identified by Lord Phillips namely, that it should enable the parties and any appellate tribunal readily to analyse the reasoning that was essential to the judge’s decision.

      The court is sympathetic to the predicament of a High Court judge faced with a lengthy motion list on every Monday of the legal term. The present case was just such a motion listed on Monday the 1st December, 2014. But a judge cannot be relieved of the obligation to set out briefly the principal reasons underlying a decision on that account. If a judge is unable to deliver a judgment ex tempore because of the complexity of the facts or legal issues, then judgment should be reserved. But it is never sufficient to do as was done in the present case and merely announce a decision without giving any reasons for it.”

Sa chás seo, cé go raibh an breithiúnas forchoimeádta, ba é sin an rud beacht a tharla.

24. Anuas ar sin, is féidir na focail a dúirt Fennelly B. sa chás Mallak v. Minister for Justice, Equality and Law Reform [2012] IESC 59, [2013] 1 I.L.R.M. 73, a chur leis an réasúnú luaite thuas. Sa chás sin, dúirt sé go bhfuil sé “axiomatic that the rule of law requires all decision-makers to act fairly and rationally, meaning that they must not make decisions without reasons.” Cé go raibh an ráiteas seo déanta maidir le cinnteoir riaracháin, baineann siad a fortiori leis an bpróiséas breithiúnach.

25. Dílsíonn Airteagal 34.1 den Bhunreacht riar an chirt sa bhrainse breithiúnach. Beartaíonn riar an chirt cuí, atá beartaithe ag an foráil bunreachtúil seo, gur córas bunaithe ar riail an dlí é an ceartas, á riaradh go neodrach ag breithiúna ag feidhmiú prionsabail dlíthiúla socair go cothrom. Is é seo an méid atá beartaithe den dearbhú bunreachtúil in Airteagal 34.6.1 gur cóir le gach breitheamh a glacadh ar dhul i seilbh oifige, ná go ndéanfar an ceartas a riaradh gan eagla gan claonadh. Déantar foráil leis an mBunreacht chomh maith don córas athbhreithnithe achomhairc ag na n-uaschúirteanna in Airteagal 34.3.4, Airteagal 34.4.1 agus Airteagal 34.4.5. Thugadh tuilleadh éifeachta don córas achomhairc seo ag an Oireachtas trí réimse leathan forálacha reachtúla.

26. Cuireann an méid seo go léir béim ar an riachtanas ríthábhachtach chun cúiseanna a thabhairt mar phríomhgné den oibligeáid breithiúnach. Amach ón bhfíric go ndéanfaí dochar do na páirtithe go léir gan na cúiseanna siúd, toisc nach bhféidir leo bheith comhairlithe i gceart maidir lena gcuid roghanna dlíthiúla, is cosaint ríthábhachtach é an ceanglas chun cúiseanna a thabhairt i gcoinne le cinnteoireacht breithiúnach a bhféadfadh a bheith míchothrom nó fiú treallach. Ina theannta sin, ní féidir le haon córas dlí, bunaithe ar riail an dlí, bheith curtha i bhfeidhm i gceart ag an céad chéim ag cúirt na trialach, nó athbhreithnithe ar achomharc sa dara dul síos ag cúirt achomhairc, in easpa cúiseanna ón mbreitheamh áirithe. Is é an riachtanas chun cúiseanna a thabhairt ceann dena gnéithe a ndéantar foráil do riar an chirt i slí oibiachtúil, mar a bheartaíodh ag Airteagal 34.1, i gcoinne cinntí a d'fhéadfadh cosúil a bheith déanta ag breitheamh aonair suibiachtúla.

Conclúidí
27. Mar bhuille scoir, dá bhrí sin, is léir dom de réir na cúiseanna luaite thuas nach bhfuil rogha ag an Chúirt seo ach an achomhairc a dheonú agus an t-ábhar a tharchur chuig an Ard Chúirt. Is céim é seo, mar a mhínigh mé cheana, nach dtógaim ach go drogallach. Ach mar gheall ar an easpa cúiseanna sa bhreithiúnas na hArd Chúirte, ní féidir leis an gCúirt seo ár gcuid feidhm achomhairc a fheidhmiú i slí ciallmhar, toisc go n-éilíonn sé ó riachtanas grinnscrúdú ar na cúiseanna a thug cúirt na trialach. Má théann an Chúirt seo ar bhreithniú ar chinneadh na hArd Chúirte sna himthosca seo agus in easpa cúiseanna, bheadh an Chúirt seo ag feidhmiú cineál dlínse ag an gcéad chéim, faoi scáth athbhreithniú achomharcach.

28. De réir mar sin, dheonóinn an achomhairc agus tarchuirfinn an t-ábhar ar ais ar athéisteacht roimh breitheamh eile na hArd Chúirte.










Ar ais ar barr an leathanach