Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
MacAodháin -v- Coiste Rialacha na nUaschúirteanna & chuid eile
Lua Neodrach:
[2009] IEHC 541
Dáta Seachadta:
12/18/2009
Cúirt:
An Ard-Chúirt
Breithiúnas ó:
Charleton J.
Stádas:
Formheasta


Neutral Citation Number [2009] IEHC 541

AN ARD-CHÚIRT

ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH

2008 950 JR




IDIR

COLM MacAODHÁIN
IARRATASÓIR
v.

COISTE RIALACHA NA nUASCHÚIRTEANNA [MAR ATÁ LEAGTHA AMACH I SCEIDEAL 1], AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT, COMHIONANNAIS AGUS ATHCHÓIRITHE DLÍ, ÉIRE AGUS AN tARD-AIGHNE

FREAGRÓIRÍ

BREITHIÚNAS an Bhreithimh Charleton tugtha ar an 18 Nollaig, 2009

1. Aturnae céimiúil is ea an gearánaí a dhéanann iarracht an oiread agus is féidir dá chuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Is iomaí cliant atá aige a bhfuil an Ghaeilge acu agus ar mian leo í a úsáid sa chúirt. Tugann sé an t-ábhar seo os comhair na cúirte chun faoiseamh dearbhaithe cuí a lorg ar an mbonn go gcuirtear bac ar dhoiciméid dlí i nGaeilge a sheirbheáil faoi O. 120, rialacha 2 agus 3 de Rialacha na nUaschúirteanna. Déanann sé argóint go bhfuil na rialacha claonta i dtreo úsáid an Bhéarla. Leithcheal is ea é seo, dar leis, nach bhfuil le feiceáil i Rialacha na Cúirte Dúiche nó Rialacha na Cúirte Cuarda mar shampla.

2. Sa Chúirt Dúiche, mar shampla, ní dhéantar iarracht ar bith teanga amháin a chur chun tosaigh ar theanga eile nó taobh thiar de theanga eile sna Rialacha Cúirte Dúiche 1977. Déantar foráil mar seo a leanas in Ordú 3:-

      “Féadfar an teanga Náisiúnta nó an Béarla a úsáid in aon doiciméad cúirte nó le linn éisteacht aon chúise nó ábhair.
3. Tá an éifeacht cheannann chéanna ag foráil i Rialacha na Cúirte Cuarda 2001 O. 1, r. 6. Agus é ag líomhain go bhfuil leithcheal neamhdhleathach ann, deir an t-iarratasóir go bhfuil difríocht mhór idir na forálacha seo agus foráil ábhartha Rialacha na nUaschúirteanna, agus dá réir sin go gcuirtear ualach neamhdhleathach air maidir lena cheart bunreachtúil an Ghaeilge a úsáid i ndoiciméad na cúirte agus os comhair na cúirte araon. Luaim anois an riail ábhartha ina hiomláine. O. 120 de Rialacha na nUaschúirteanna atá i gceist:-
        “(1) Beidh cibé líon teangairí ar fáil a iarrfaidh an Príomh-Bhreitheamh agus Uachtarán na hArd-Chúirte faoi seach ó am go ham, trí fhoréileamh i scríbhinn a dhíreofar chuig an Aire Dlí agus Cirt, agus freastalóidh na teangairí sin ar na Cúirteanna agus ar Oifigí na nUaschúirteanna agus beidh siad ar fáil chun freastal ar na Cúirteanna sin de réir mar is gá chun aon chúis nó ábhar a éisteacht.

        (2) Más i mBéarla a bheidh aon toghairm, achainí nó fógra a bheidh le seirbheáil go pearsanta sa Ghaeltacht féadfar aistriúchán Gaeilge uirthi/air a chur léi/leis, agus mura gcuirfear sin amhlaidh aistreoidh duine de na teangairí go Gaeilge í/é, agus beidh de cheangal ar an bpáirtí a bheidh ag seirbheáil na toghairme, na hachainí nó an fhógra sin aistriúchán Gaeilge a sheachadadh in éineacht leis an gcóip Bhéarla den doiciméad áirithe.

        (3) Más i nGaeilge a bheidh aon toghairm, achainí nó fógra féadfar aistriúchán Béarla a chur ag gabháil leis an gcéanna, agus i gcás nach mbeidh an t-aistriúchán sin ag gabháil leis nó léi amhlaidh, aistreoidh duine de na teangairí go Béarla é, agus beidh de cheangal ar an bpáirtí a bheidh ag seirbheáil na toghairme, na hachainí nó an fhógra sin, aistriúchán Béarla a sheachadadh in éineacht leis an gcóip Ghaeilge den doiciméad áirithe.

        (4) Déanfaidh duine de na teangairí mionnscríbhinn i mBéarla a chomhdóidh aon pháirtí sa Phríomh-Oifig, ar iarratas ó aon pháirtí eile san imeacht chéanna, a aistriú go Gaeilge, agus, mar a chéile, déanfar aon mhionnscríbhinn i nGaeilge a aistriú go Béarla, ar choinníoll go ndéanfaidh an páirtí a mbeidh an t-aistriúchán sin á iarraidh aige, nó a aturnae, dearbhú a chomhdú nach dtuigeann an páirtí sin an teanga ina bhfuil an mhionnscríbhinn sin comhdaithe. Beidh an páirtí a bheidh á iarraidh sin i dteideal cóip fhianaithe amháin a fháil den aistriúchán sin saor in aisce.

        (5) San Ordú seo ciallóidh an abairt "an Ghaeltacht" an limistéar geografach ina mbeidh cibé ceantair d'Éirinn a dhearbhóidh an tOireachtas ó am go ham.

4. Cuireann Riail 1 de O. 120 dualgas dearfach ar an Stát aistritheoirí ó Bhéarla go Gaeilge agus vice versa a chur ar fáil áit a bhfuil gá leo. I litir dar dáta an 10 Eanáir 2008, scríobh an t-iarratasóir chuig Príomhchláraitheoir na hArd-Chúirte, Príomhchláraitheoir na Cúirte Coiriúla Speisialta, agus Príomhchláraitheoir na Cúirte Achomhairc Choiriúil le hiarraidh orthu an mbíonn aistritheoirí mar sin ar fáil. Tugadh le fios san fhreagra dar dáta an 29 Eanáir 2008 go ndéantar aistritheoir a chur ar fáil nuair a chuirtear in iúl don Chúirt go bhfuil gá le haistriúchán. Ina mhionnscríbhinn forais, tá an méid seo a leanas le rá ag an iarratasóir maidir leis seo:-
      “Is léir ón gcomhfhreagras a bhí agam le príomhchláraitheoirí Oifig na Cúirte Uachtaraí, na Príomhoifige, Oifig na Cúirte Achomhairc Choiriúil agus Oifig na Cúirte Coiriúla Speisialta nach bhfuil na teangairí sin ar fáil. Tagraím do chóip den chomhfhreagras seo atá bailithe le chéile agus a bhfuil CMacA1 breactha uirthi agus ar ar shínigh mé m’ainm sarar mhionnaigh mé é seo.

      Ó mo thaithí féin is ar an bpáirtí féin agus ar a fhoireann dlí a thiteann an t-uallach na haistriúcháin seo a chur ar fáil. Cuireann sé seo ceataí agus caiteachas breise orm agus ar mo chuid cliant Gaeilge thar mar a bheadh dá roghnóimis an Béarla a úsáid. Creidim gur sárú é seo ar alt 8(6) de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

      Fiú dá mbeadh na teangairí réamhráite ar fáil chun na haistriúcháin seo a sholáthar is uallach breise oibre é nach bhfuil le comhlíonadh formhór mór na haimsire ach ag an té a théann chun dlí as Gaeilge seachas iadsan a bhíonn sásta i gcónaí dul chun dlí as Béarla. Ina theannta sin, cúisíonn an dualgas seo moill maidir le heisiúint agus le seirbheáil doiciméid dlíthíochta, rud a chuireann as do riaradh an Chirt go háirithe maidir le himeachtaí urghaire, m.sh.”

5. Ina theannta sin, tá leithcheal ann de bhun alt 8 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 dar leis. Déantar foráil mar seo a leanas in Alt 8 (6) go háirithe:-
      “Nuair a bheidh teanga oifigiúil ar leith á roghnú ag duine lena húsáid in aon imeachtaí os comhair cúirte, ní chuirfidh an chúirt nó comhlacht poiblí aon cheataí nó caiteachas breise air nó uirthi thar mar a thabhófaí dá roghnódh sé nó sí an teanga oifigiúil eile a úsáid.”

Forléiriú
6. Chun cuspóirí a argóinte, chuir an t-iarratasóir forléiriú ar O. 120, rr 2 agus 3 a bhí cheart, dar liom, ar an gcéad amharc. Maíonn sé go ndéantar foráil sna Rialacha go gcaithfear aistriúchán Béarla a chur le gach doiciméad Gaeilge de chuid na hArd-Chúirte agus de chuid na Cúirte Uachtaraí. De réir cosúlachta, déantar foráil in Ordú 120, r. 3 go bhfuil dualgas ar gach duine a bhaineann úsáid as an nGaeilge i ndoiciméad cúirte aistriúchán Béarla a chur ar fáil. Ar thaobh an fhreagróra, áfach, cuireadh síos ar an bhforáil seo den riail mar lex generalis, nár mhaolaigh ón riail speisialta in O. 120, r. 2. Agus an fhoráil sin de chuid na rialacha á forléiriú agam, tá sé de dhualgas orm forléiriú bunreachtúil a thabhairt uirthi, is é sin forléiriú nach ndéanann leithcheal orthu siúd a bhaineann úsáid as an nGaeilge. Bheadh sé contrártha don chiall choiteann, dar liom, go mbeadh dualgas ar dhuine a sheirbheálann doiciméad dlí a eisítear faoi údarás na hArd-Chúirte nó na Cúirte Uachtaraí sa Ghaeltacht, áit a labhraítear an Ghaeilge go forleathan, aistriúchán Béarla a chur ar fáil in éineacht le doiciméad Gaeilge.

7. Ina áit sin, bheadh sé ciallmhar, dar liom, O.120, r. 2 a fhorléiriú trí theorainn a bhunú timpeall na Gaeltachta, a dtugtar sainmhíniú uirthi in O. 120, r. 5, agus bheadh sé de dhualgas orthu siúd a sheirbheálann doiciméad laistigh den Ghaeltacht aistriúchán Gaeilge a chur ar fáil leis dá roghnóidís an doiciméad dlí sin a scríobh i mBéarla. Níl sé sonraithe in O. 120, r. 2, agus tá sé chomh hintuigthe sin sa téacs nach gá é a shonrú, nach gcaithfear aistriúchán Béarla a chur le doiciméad má roghnaítear an doiciméad sin a sheirbheáil i nGaeilge ar dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Ghaeltacht. Dá bhrí sin, is lex specialis é seo, mar atá ráite ag an bhfreagróir.

8. Dá bhrí sin déantar foráil sna rialacha go bhfuil sé de rogha ag duine a sheirbheálann pléadáil ar dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Ghaeltacht í a sheirbheáil i nGaeilge laistigh den Ghaeltacht. Ní gá aistriúchán Béarla a sholáthar má dhéantar amhlaidh. Má roghnaíonn duine doiciméad cúirte a sheirbheáil i mBéarla ar dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Ghaeltacht, is gá aistriúchán Gaeilge a chur ar fáil faoi réir na rialach speisialta a ndéantar foráil di in O. 120, r. 2. Luaitear an Ghaeltacht go sonrach in Ordú 120, r. 2. Baineann an riail seo leis an limistéar laistigh de na teorainneacha sin, arna sainmhíniú in Ordú 120, r. 5. Go ginearálta, agus lasmuigh de na teorainneacha sin, bíonn sé de rogha ag duine an Ghaeilge a úsáid i ndoiciméad dlí ach, sna cúinsí sin, ní mór aistriúchán Béarla a chur leis má tá cónaí lasmuigh den Ghaeltacht ar an duine a ndéantar an doiciméad a sheirbheáil air nó uirthi.

Leithcheal
9. Ní féidir a mhaíomh go bhfuil leithcheal á dhéanamh sa riail seo ar dhuine ar mian leis nó léi an Ghaeilge a úsáid, dar liom. Tagann na cearta maidir leis an nGaeilge a úsáid ón mBunreacht go páirteach agus ón reachtaíocht go páirteach, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 go príomha.

10. Ó alt 8 go 12 i gcás Tomás Ó Gríofáin v. Éire agus an tArd-Aighne, thug mé achoimre ar na cearta teanga ábhartha mar a mheas mé iad, agus tá na cearta seo bunaithe sa dlí anois. Déanaim na hailt seo den bhreithiúnas a athlua anseo:-

        “8. In An Stát (MacFhearraigh) v. MacGamhnia, [1980-1998] T.É. Tuairisc Speisialta 30 tógadh athbhreithniú breithiúnach mar gheall gur iarr an Binse Achomhairc Fostaíochta go dtabharfaí faoi chroscheistiú ar fhinné a bhí ós a chomhair i mBéarla agus ní i nGaeilge, teanga an iarratasóra ar shásamh a bhí os a chomhair. I ndiaidh athbhreithniú fada ar na húdaráis ábharthacha, rialaigh Ó hAnluain Brmh. nár cur chuige ceart a bhí i gceist leis sin. Sheas sé leis go raibh an ceart ag gach páirtí os comhair cúirte a thaobh nó a taobh den chás a dhéanamh i nGaeilge nó, ag leanúint uaidh sin, i mBéarla. Tar éis iarratas mar sin a dhéanamh, níor cheart do bhinse nó do chúirt fiosrú a dhéanamh maidir leis an gcur amach a bheadh ag páirtí ar bith ar cheachtar den dá theanga. Ag deireadh a bhreithiúnais, a thuairiscítear ag lch. 36, leag sé amach na prionsabail seo a leanas:-
            “1. Nuair a bhíonn cúis le plé os comhair na gcúirteanna, nó os comhair aon bhínse go bhfuil comhacht aige do réir dlí, ordaithe a dhéanamh a théann i bhfeidhm ar chearta phearsanta no ar chearta maoine na bpáirtithe a thagann os a chomhair, tá sé de cheart ag gach párti a thagann os comhair na cúirte nó os comhair an bhínse, a thaobh féin den chás do phlé as Gaeilge, má’s mian leis, agus fianaise tré Ghaeilge do chur i láthair na chúirte nó an bhínse. Má tharlaíonn nach mbíonn eolas sách maith ag an bpáirtí eile an méid sin do thuiscint, dlitear ateangaire do cheapadh d’fhonn aistriúchán a dhéanamh ar an mhéid a deirtear, nó scríobhtar as Gaeilge.

            2. Níl feidhm ag an gcúirt, no ag an mbínse fiafraí an bhfuil eolas ar an mBéarla ag an t-é gur mian leis úsáid a bhaint as an nGaeilge - tá ceart aige fén mBunreacht rogha a dhéanamh den phríomh-theanga oifigiúil má’s áil leis, go dtí go leagtar sios a mhalairt do réir dlí i leith gnótha nó gnóthaí oifigiúla áirithe ar fuaid an Stáit nó in aon chuid de. Fágann san go bhfuil an ceart céanna ag an t-é go bhfuil an Béarla go líofa aige, agus atá ag an t-é a rugadh agus a tógadh san nGaeltacht agus nach bhfuil eolas ar bith aige, nó nach bhfuil ach eolas neamh-chruinn aige, ar an mBéarla. Go minic, tharlódh go gcuirfí moill ar imeachta na cúirte nó an bhínse má eilítear go ndéanfaí an chúis nó cuid di do phlé tré mheán na Gaeilge, agus cuirfeadh seo le costas na nimeachta má’s gá ateangaire do cheapadh, ach ní fuláir cur suas leis na fadhbanna san d'fhonn beart do dheanamh do réir an Bhunreachta. Cead ag an Oireachtas a mhalairt de shocrú a dhéanamh do réir dlí, má’s áil leis sin do dhéanamh, i dtaca le gnóthaí oifigiúla ar bith ar fuaid an Stáit nó in aon chuid de.

            3. Aon uair gur mian le páirtí ar bith a thaobh feín den scéal do bhrú ar an gcuirt nó ar an bhinse, pé’cu tré aighneacht, tré fianaise do thabhairt, tré finnéithe do cheistiú nó do chros-cheistiu , táim den bharúil go bhfuil sé de cheart aige fén Bhunreacht an tiomlán do dhéanamh tré mheán na Gaeilge, má’s toil leis”.

        9. Níl an t-iarratasóir sásta leis seo. Dáiríre, is éard atá á lorg ag an iarratasóir ná go mbeadh gach blúire páipéir atá ábharthach sa chás, gach píosa de dhlí reachtúil nó de dhlí trí rialachán a d’fhéadfadh sé a bheith ag brath orthu agus gach idirbheart a imríonn tionchar air agus an cás á dhiúscairt a bheith i nGaeilge. D’fhéadfadh sé go ndéarfadh an t-iarratasóir gur áibhéil é seo ar a chuid aighneachtaí. Ní hea ar chor ar bith. Más féidir leis argóint a dhéanamh gur chóir do mheaisín a chuireann toradh shampla anála ar fáil é sin a dhéanamh as Gaeilge, leanann sé uaidh sin nach síneadh ar bith ar a argóint a rá gur chóir go mbeadh gach gné den phróiseas coiriúil a cuireadh air a bheith sa teanga chéanna. Deirim an méid seo mar gheall gur luaigh an t-iarratasóir agus é dáiríre an cás Beaulac v. The Queen and the Attorney General of Canada [1999] 1 S.C.R. 768 mar bhunús lena chás. Mar is eol go maith, i roinnt áiteanna i gCeanada tá an Fhraincis nó teanga na nIonúiteach mar theangacha oifigiúla. Ní amhlaidh atá i mBritish Columbia, áfach. Is cúige é ina labhraítear Béarla. Gabhadh an t-iarratasóir sa chúige sin as dúnmharú agus cuireadh faoi thriail é agus fuarthas ciontach é. Rinne sé achomharc le Cúirt Uachtarach Cheanada agus bhí argóint aige go raibh teidlíocht aige faoi alt 530 de Chód Choiriúil Cheanada breitheamh agus giúiré a labhair Fraincis. Bheifeá ag déanamh iontais cén gaol atá aige seo le cibé ar chruthaigh an t-ionchúiseamh thar teora amhrais réasúnta gur mharaigh sé duine mí-ámharach éigin nó nár chruthaigh? Chuir an Chúirt Uachtarach a chiontú ar ceal, bunaithe ar ghnéithe den chairt Cheanadach de chearta agus saoirsí bunúsacha, nach bhfuil a macasamhail, i mo thuairim, in ár mbunreacht, agus d’ordaigh sé gur chóir é a chur faoi thriail arís os comhair giúiré a labhair Fraincis agus breitheamh a labhair Fraincis. Sheas an Chúirt Uachtarach leis ag lch. 791 dá mbreithiúnas go gcaithfear cearta teanga a thuiscint go cuspóiriúil chun pobail na dteangacha oifigiúla a chaomhnú agus a fhorbairt i gCeanada. Dhiúltaigh siad d’aon argóint go bhféadfadh tuiscint liobrálach ar chearta teanga cúigí chur i gcoinne gníomhartha dearfacha i bhfábhar teangacha mionlaigh laistigh dá gcríoch. Seachas sin, sheas Bastarache J. leis gur uirlis bhunúsach a bhí i gceist leis na cearta seo a dhearbhú chun pobail teanga a chaomhnú agus a chosaint. Sheas sé leis gurb éard a bhí i gceist le cearta teanga ná rud ar a dtug sé ceart ar leith, éagsúil ó phrionsabail an cheartais bhunúsaigh.

        10. Ní ghlacaim leis sin. Is é an ceartas an aidhm atá le gach imeacht dlíthiúil. Is í an fhírinne an cuspóir atá ag gach cleachtas breithiúnach. Caithfidh an prionsabal d’fhíor-ord sóisialta atá mar chuspóir ag ár mBunreacht, agus mar a dearbhaítear sa Bhrollach, diúscairt de ghnó coiriúil a bheith ina luach lena mbaineann tábhacht ar leith leis chun sochaí chomhtháite a bhaint amach. Dá mbeadh rath ar argóint an iarratasóra, ansin ní bheadh le déanamh ag duine ar bith a stopfaí ina fheithicil nó ina feithicil agus amhras ann go raibh sé/sí ag tiomáint ar meisce ach an Garda a bheannú as Gaeilge le go dtiocfadh deireadh leis an bpróiseas ar fad, ach amháin dá mbeadh Gaeilge mhaith ag an nGarda. Is gné lárnach den Bhunreacht iad cearta. Ní ceacht acadúil atá i gceist le ceart a chleachtadh a tharlaíonn scartha amach ó mhaitrís fhíorasach. Tá ceart ann príobháideacht a bheith agat, gan cur isteach ort. Ní leor, mar ábhar dlí, an ceart sin a dhearbhú amháin. Caithfidh cúirt féachaint ar na himthosca ina ndéantar argóint é a bheith ag oibriú agus na cearta, na teidlíochtaí dlíthiúla agus na hoibleagáidí a mhaítear cleachtadh mar sin a bheith níos airde ná iad. Mar shampla, ní féidir le duine ar bith ábhar comhrá teileafóin a nochtadh gan cead a fháil ó dhuine amháin sa ghlaoch ar a laghad; féach anailís na Cúirte Achomhairc Choiriúil in The People (DPP) v. Geasley [2009] I.E.C.C.A. 22. Agus glaoch teileafóin á dhéanamh ar dhuine éigin, anuas ar chearta reachtúla, tá duine ag dearbhú ceart bhunreachtúil ar phríobháideacht de ghnáth; is eisceacht a d’fhéadfadh a bheith ann ná glaoch a dhéanamh ar chlár raidió atá le craoladh go poiblí. Dá dtógfadh iriseoir teileafón saoránaigh chun aitheantas a ligean air féin agus glaoch a thaifeadadh le duine poiblí agus í mar aidhm aige tuairisc phoiblí a dhéanamh, de réir mar a tharla i dtíortha eile, is léir go bhfhéadfaí an ceart ar phríobháideacht a dhearbhú. Bheadh póilín a mbeadh teileafón aige le duine a bhfuil amhras faoi gur mangaire drugaí é, a chuirfeadh dallamullóg air chun an duine sin a ghabháil, i gcatagóir eile. An féidir a dhearbhú go síneann an ceart bunreachtúil ar phríobháideacht chuig coir a eagrú go príobháideach? Ní dóigh liom é. Ar deireadh, in imthosca áirithe is féidir leis an spreagadh le ceart a chleachtadh a bheith mar chuid den anailís dhlíthiúil atá ag teastáil. Tá sé de cheart ag saoránach a chuid maoine a dhíol. Ach má tá sé de chuspóir aige é féin a chosaint ó bhreithiúnas agus falcaireacht a dhéanamh ar a chreidiúnaithe dá bharr, d’fhéadfadh na cearta bunreachtúla a bhaineann le maoin phríobháideach a bheith i gcoimhlint agus a réiteach i bhfábhar an méid atá cothrom de réir caighdeáin dhaoine cneasta.

        11. Ina theannta sin, fiú má táim mícheart agus é sin á áitiú agam, ní bhunaíonn an cásdlí breithnithe teidlíocht ar bith go mbeadh doiciméid oifigiúla ar bith a thagann ón Stát i mBéarla nó i nGaeilge.

        12. In Attorney General v. Coyne and Wallace (1967) 101 I.L.T.R. 17 seirbheáladh fógra go raibh sé beartaithe ionchúiseamh a dhéanamh faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre ar dhuine a labhair Béarla agus a bhí ina chónaí i gceantar Gaeltachta. Bhí an toghairm i nGaeilge go hiomlán. Rinne an Garda, agus an fógra á sheirbheáil, an cineál toghairme a bhí i gceist a mhíniú. Níor labhair na cosantóirí ach Béarla. Sheas an Chúirt Uachtarach leis gur leor é seo chun seasamh le ceart ar bith a bhí ag an gcosantóir Béarla a úsáid mar theanga oifigiúil. Dar ndóigh, d’fhéadfaí a bheith ag súil leis go ndéanfadh an Chúirt Dúiche a gcás a thriail i mBéarla ar deireadh. I gclampar na hargóinte ar fad a bhaineann le cearta teanga, is cosúil go ndearnadh doiléiriú ar na prionsabail a leagtar amach sa chás seo. Tá siad ina gceangal orm, áfach. Ní cheanglaítear ar an Stát aon chineál doiciméad ar leith a bhaineann le próiseas choiriúil a tháirgeadh i nGaeilge nó i mBéarla. Is féidir leis an Stát teanga amháin nó an teanga eile a roghnú. Níl mí-úsáid ar chearta duine ar bith i gceist leis seo. Is féidir le duine neamhliteartha duine a fháil chun doiciméad a léamh dó, is féidir le duine a labhraíonn Béarla duine a fháil chun doiciméad i nGaeilge a mhíniú dó agus is féidir le duine a labhraíonn Gaeilge an rud céanna a dhéanamh le doiciméad Béarla freisin; féach Ó Dálaigh Brmh. ag lch. 8. Ar bhealach ní bhaineann sé seo le hábhar os rud é go bhfuil an t-iarratasóir líofa sa dá theanga. Is é an riachtanas bunúsach faoin mBunreacht ná go dtabharfaí fógra réasúnta faoin méid a líomhnaítear in ionchúiseamh. Tá an teidlíocht sin ann le gur féidir le duine cosaint a ullmhú. Is féidir Gaeilge nó Béarla a úsáid chun an cás sin a chur i láthair. Dhearbhaigh Ó hAnluain Brmh. go soiléir go bhfuil an teidlíocht ann teanga amháin nó an teanga eile a úsáid in An Stát (MacFhearraigh) v. MacGamhnia. Ní bhaintear an bonn de na cearta sin ar bhealach ar bith trí dhoiciméid ar leith a thagann ón Stát a bheith i mBéarla nó i nGaeilge.”

11. Feictear dom nach féidir argóint bhreise a dhéanamh go gcuireann Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 lena bhfuil ráite ansin. Ní féidir leis an gcúirt nó le cuideachta phoiblí ualach breise a chur i bhfeidhm maidir leis an rogha a bhaineann leis an nGaeilge nó leis an mBéarla a úsáid in áit na teanga oifigiúla eile. Mar a rinne mé forléiriú ar O. 120 rialacha 2 agus 3, ní chuireann na rialacha a bhaineann leis na hUaschúirteanna ualach breise ar bith i bhfeidhm. Is é fírinne an scéil ná gur gá aistriúchán a sholáthar i gcás duine ar mian leis nó léi doiciméad dlí i mBéarla de chuid na hArd-Chúirte nó na Cúirte Uachtaraí a sheirbheáil laistigh den Ghaeltacht. Is féidir leo siúd ar mian leo doiciméad dlí a sheirbheáil i nGaeilge sa Ghaeltacht a leithéid a dhéanamh, ar an gcoinníoll go bhfuil cónaí ar an bpáirtí tionscantach agus ar an bhfreagróir araon sa Ghaeltacht. Lasmuigh den Ghaeltacht, nuair nach bhfuil cónaí ar an bpáirtí tionscantach nó ar an bhfreagróir sa Ghaeltacht, ba cheart go mbeadh na doiciméid dlí i mBéarla. Más mian le duine a bhfuil cónaí air sa Ghaeltacht nó lasmuigh di an Ghaeilge a úsáid i ndoiciméad dlí agus má táthar ag seirbheáil na ndoiciméad sin ar dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi lasmuigh den Ghaeltacht, ní mór aistriúchán Béarla a sholáthar. Más mian le duine a bhfuil cónaí air nó uirthi lasmuigh den Ghaeltacht próis nó doiciméad dlí ar bith eile a sheirbheáil ar dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Ghaeltacht, ní mór aistriúchán Gaeilge a sholáthar. Ní leithcheal atá i gceist anseo, ach riocht ciallmhar a chur ar ghnóthaí.

12. Maidir leis an argóint go gcuireann Alt 8(6) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 cosc air seo, ní fheicim go bhfuil a leithéid d’argóint ann. Is cinnte go gcuirtear ualach breise orthu siúd, cibé an bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht nó lasmuigh di, ar mian leo doiciméad dlí i mBéarla ó na hUaschúirteanna a sheirbheáil ar dhuine sa Ghaeltacht, i leith an doiciméad sin a aistriú go Gaeilge. Is cinnte go mbíonn ualach breise i gceist nuair is mian le duine le Gaeilge, arb as an nGaeltacht dó nó di nó a bhfuil cónaí air nó uirthi lasmuigh den Ghaeltacht, an Ghaeilge a úsáid i ndoiciméad cúirte agus an doiciméad sin a sheirbheáil ar dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi lasmuigh den Ghaeltacht. Sa dá chás sin, ní mór aistriúchán a sholáthar. Is cosúil go bhfuil an t-iarratasóir á ligean i ndearmad go gcaithfidh duine ar thaobh amháin nó ar thaobh eile é a chur de dhua air nó uirthi féin an doiciméad a aistriú sna cásanna sin. Mura ndéanann an páirtí tionscantach é, ní mór don fhreagróir nó don chosantóir é a dhéanamh. Ní thagann an riachtanas seo chun cinn sa Ghaeltacht toisc gur féidir leis na páirtithe ar fad an phróis a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Mar sin féin, ní mór do dhuine a thionscnaíonn doiciméad de chuid na nUaschúirteanna agus a sheirbheálann é ar dhuine sa Ghaeltacht an doiciméad sin a aistriú. Tá dualgas ar an duine a leithéid a dhéanamh agus cuireann sé ualach air nó uirthi. Is féidir le duine a sheirbheálann doiciméad lasmuigh den Ghaeltacht an doiciméad a sheirbheáil i mBéarla. Má roghnaíonn sé nó sí an doiciméad a sheirbheáil i nGaeilge, ní mór don pháirtí tionscantach é a aistriú. Dá mba rud é nach raibh an dualgas air nó uirthi é a aistriú, bheadh sé de dhualgas ar an gcosantóir nó ar an bhfreagróir a leithéid a dhéanamh. Dá bhrí sin, ní dhéantar ualach ar bith atá ina ghné dhílis de dhlíthíocht a roinnt go neamhchothrom.

Conclúid
13. Ag leanúint uaidh sin, níl leithcheal i gceist le O. 120, rialacha 2 agus 3. Anuas air sin, sa mhéid is a bhaineann leis an ngá atá le haistriúcháin, is léir go mbeidh ualach an aistriúcháin ar an bpáirtí tionscantach nó ar an bhfreagróir i bpróis dhlíthiúil. Déantar rogha chiallmhar in O. 120 maidir leis an gcaoi ina ndéantar an t-ualach sin a roinnt. Níl leithcheal i gceist leis seo faoin mBunreacht, agus ní sháraíonn sé Alt 8(6) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

14. Toisc go raibh amhras ann maidir le forléiriú ceart ar O. 120, éistfidh mé aighneachtaí maidir le discréid ar bith a d’fhéadfadh a bheith ag an gcúirt maidir le costais.










Ar ais ar barr an leathanach