Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
Mac Cárthaigh -v- Éire & Chuid eile
Lua Neodrach:
[2008] IEHC 158
Uimhir Taifid na Cúirte Uachtaraí:
2007 611 JR
Dáta Seachadta:
05/30/2008
Cúirt:
An Ard-Chúirt
Breithiúnas ó:
Charleton J.
Stádas:
Formheasta


AN ARD-CHÚIRT

ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH

[2007 Uimh. 611 J.R.]




IDIR

RUAIRÍ MAC CÁRTHAIGH

IARRATASÓIR

AGUS

ÉIRE AGUS AN tARD-AIGHNE, AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT, COMHIONANNAIS AGUS ATHCHÓIRITHE DLÍ, AGUS AN STIÚRTHÓIR IONCHÚISEAMH POIBLÍ

FREAGRÓIRÍ

BREITHIÚNAS an Bhreithimh Charleton tugtha ar 30 Bealtaine, 2008

1. Thug Clarke J. cead ex parte don iarratasóir imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a eisiúint ar 27 Bealtaine 2007. Éilíonn an t-iarratasóir ordú a shrianann a ionchúiseamh ar chúiseamh a bhaineann leis an reachtaíocht um thiomáint ar meisce maidir le diúltú sampla anála a thabhairt i mBealtaine 2005. Tá foriarratas curtha os comhair na cúirte ag na freagróirí chun éileamh an iarratasóra a dhíbhe mar thoradh ar an moill a bhí air ag cur tús leis na himeachtaí seo. Maíonn an t-iarratasóir go bhfuil na cearta a dhearbhaíonn sé chomh tábhachtach sin gur chóir an mhoill ar an iarratas seo a mhaitheamh. Nuair a rinneadh an t-iarratas ex parte ar Clarke J., maidir leis na cearta a dhearbhaítear anseo, níor thagair an mionnscríbhinn d’iarracht an iarratasóra déileáil le ceist na moille. Dearbhaíonn an t-iarratasóir gur mór an t-ualach anois ar na freagróirí an cás a dhíbhe de bharr go bhfuil orthu a thaispeáint nár chóir don Ard-Chúirt a bheith tar éis cead a thabhairt dó na himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thosú. Ar an lámh eile de, dearbhaíonn na freagróirí gur chóir don Chúirt seo an t-ábhar a phlé anois, amhail is dá mbeadh an t-iarratas seo á dhéanamh don chéad uair, mar nach ndearnadh an mhoill a phlé ag an gcéim ex parte.

2. Chun iarratas athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thosú faoi O. 84 de Rialacha na nUaschúirteanna, ní gá don iarratasóir ach foras inargóinte a thaispeáint i dáil le leigheas a lorg; G v. D.P.P. [1994] 1 I.R. 374. Tagraíodh i gceart dó seo mar chaighdeán measartha: Denham Brmh. Ad lch.31. Is mór an chontrárthacht idir seo agus forais shubstaintiúla a thaispeáint, rud a fheidhmíonn faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt; Keane v. An Bord Pleanála [1997] 1 I.R. 184. Thug an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt) 1992 isteach an caighdeán a chuireann iallach ar iarratasóir ar athbhreithniú breithiúnach forais shubstaintiúla a chruthú sula dtabharfaidh an chúirt cead iarratas ar athbhreithniú breithiúnach a thabhairt. Cuireann an tástáil seo ar fhorais shubstaintiúla iallach ar iarratasóir argóint, nach argóint fhánach ná chaol í ach argóint thromchúiseach, a chur in iúl don chúirt. Rinneadh an tástáil seo a atáirgeadh ó shin i reachtaíocht eile, ach go háirithe sna hagóidí in aghaidh chinntí i leith daoine a bhfuil teipthe orthu os comhair na gcomhlachtaí reachtúla faoi Acht na nDídeanaithe 1996 a chruthú gur dídeanaithe iad, agus i ndáil le hiarratais eile faoin Acht Inimirce 1999; féach an tAcht um Inimircigh Neamhdhleathacha (Gáinneáil) 2000, alt 5.

3. Sa chás seo is lú caighdeán na tástála ó thaobh cead a thabhairt imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thosú; cé acu ar féidir nó nach féidir leis an iarratasóir a léiriú, más cruinn iad na fíorais a dhearbhaítear, go bhféadfaí go bhfuil a aighneacht dlí ar son an leighis ceart. Ní cuí don Ard-Chúirt, ag céim an cheada, ach glacadh leis go bhfuil mionnscríbhinn an iarratasóra ceart agus ansin a mheas an bhféadfadh an argóint dlí a bheith ceart; O’Reilly v. Judge John Cassidy [1995] 1 I.L.R.M. 306 ag 308. Dá bharr sin ní cuí don Ard-Chúirt ag céim an cheada aon tuairim a nochtadh ar neart nó laige na bhforas a chuirtear ar aghaidh, ag glacadh leis go bhfuil siad inargóinte.

4. Sular cuireadh tús le Rialacha nua na nUaschúirteanna , agus ach go háirithe, O.84, a phléann le hiarratais ar athbhreithniú breithiúnach, de réir cleachtais bhí ar iarratasóir a bhí ag lorg an leighis certiorari, cosc nó mandamus, cás a bhunú ar chaighdeán níos airde ná an ceann reatha. Bhí sé sin amhlaidh mar dhéanadh an Chúirt, faoin leagan níos luaithe de Rialacha na nUaschúirteanna, ordú coinníollach a thabhairt maidir leis na leighis seo, seachas gan ach cead a thabhairt tús a chur le hiarratas, mar a tharlaíonn anois faoi O.84 de na rialacha reatha.

5. Féadann cead a thabhairt chun tús a chur le hiarratas ar athbhreithniú breithiúnach dul i gcion go mór ar riar ceartais. Mar shampla, más é atá i gceist ná bailíocht shocrú de chuid an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí leanúint ar aghaidh le seanchás éignithe nó mí-úsáide gnéasaí a ionchúiseamh, d'fhéadfadh blianta dul thart sular féidir an cás a chríochnú. Dá bharr sin is féidir cur isteach go mór ar cheart an phobail go ndéanfaí ionchúiseamh coiriúil a dhiúscairt go réasúnta tapaidh. Ós rud é gurb í an cheist i gcásanna moille mar seo ná an mhoill féin, cuireann an imeacht seo leis an éagóir, cé gur féidir amanna an beart sin a chosaint. Sa chás gurb í an cheist ná ceann maidir le cás le déanaí, pé acu ceist faoi fhinné nó faoi fhoilseán, agus éifeacht na ceiste sin ar thriail chothrom, is é an toradh glan a d’fhéadfadh a theacht as ná ceartas a mhoilliú thar mórán blianta. Forálann Airteagal 6 de Choinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine do thriail chothrom agus neamhchlaon laistigh de thréimhse réasúnta. Cuirtear an dualgas seo ar an Stát, ar oifigigh riaracháin agus orthu siúd a iarrann cosc a chur ar dhlíthíocht; féach freisin ar an Acht um Choinbhinsiún na hEorpa un Chearta and Duine 2003, alt. 3.

6. Mar sin, ba cheart dóibh siúd atá ag smaoineamh ar cheist an athbhreithnithe bhreithiúnaigh é a dhéanamh i ndáiríre, ag cur san áireamh an chaoi ar féidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an leigheas ar riar iondúil ceartais. Tá sé de dhualgas ar iarratasóir gan mífhaisnéis a dhéanamh ar na fíorais a bhfuil sé nó sí ag iarraidh brath orthu. Ní bhaineann aon cheist maidir leis sin i gcoinne an iarratasóra seo. Ina theannta sin, tá sé de dhualgas ar an iarratasóir feidhmiú faoi luas. Faoi O. 84, r. 21(1):-

      “Is go pras a dhéanfar iarratas ar chead chun athbhreithniú breithiúnach a iarraidh agus, in aon chás, laistigh de thrí mhí ón dáta a d’éirigh na forais le haghaidh an iarratais den chéad uair, nó laistigh de shé mhí nuair is certiorari an faoiseamh a lorgaítear, mura dóigh leis an gCúirt cúis mhaith a bheith ann chun an tréimhse a fhadú ar laistigh di a dhéanfar an t-iarratas.”
7. Fiú amháin laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha amach, tá sé leagtha amach go soiléir go bhféadfadh moill a bhaineann an bonn de chearta tríú pháirtí a bheith mar chúis le diúltú athbhreithnithe bhreithiúnaigh ag an gcéim shubstainteach. Chomh maith leis sin, má tharla moill, is féidir leis seo a bheith mar chúis, ag an gcéim shubstainteach, leis an leigheas a lorgaíodh a dhiúltú ar bhonn dhiscréid na cúirte leigheas athbhreithnithe bhreithiúnaigh a dhiúltú mura bhfreagraíonn sé do cheartas an cháis nó ar bhonn mí-iompair.

8. Rinne Costello J. athbhreithniú cuimsitheach sa chás O’Donnell v. Dún Laoghaire Corporation [1991] I.L.R.M. 301. ar fhadú na tréimhse inar féidir iarratas ar athbhreithniú breithiúnach a thabhairt mar gheall ar “cúis mhaith a bheith ann chun an tréimhse a fhadú”. Dealraítear dom go bhfuil cúiseanna maithe taobh thiar de chinneadh an Choiste Rialacha gur ghá riar an cheartais choiriúil a chosaint ó ró-mhoill. Éilíonn an mhaitheas phoiblí go gcuirfí riar an ghnó choiriúil de láimh faoi luas. De bharr na hanacra a leanann coir, agus os rud é gur ionsaí ar an bpobal í coir, ní mór d'iarratasóirí feidhmiú faoi luas más é éifeacht a ngníomhaíochtaí triail choiriúil a mhoilliú. Is minic gurb í an cheist cibé acu an bhfuil triail chothrom indéanta sna cúinsí atá líomhnaithe ag an iarratasóir. Maidir leis sin tá an dualgas céanna ar an mbreitheamh ceartas a riar de réir ceartais bhunreachtúil agus atá ar an gcúirt seo a dhearbhú gur sáraíodh nó go bhféadfaí go sárófaí cearta an chúisí. Agus an méid seo á rá agam, cuirim san áireamh go dtoimhdeofar go mbeidh daoine a chúisítear i gcoir neamhchiontach. Nuair a thosaítear an cás is den ríthábhacht ó thaobh gnó coiriúil a stiúradh an tástáil ó thaobh cibé acu an bhfuil fianaise leordhóthanach ag an ionchúiseamh chun cruthú gan amhras réasúnach go ndearna an té cúisithe an choir.

9. Rinneadh an t-iarratas seo chun an triail seo a chosc dhá bhliain i ndiaidh an chion líomhnaithe. Braitheann cibé acu an bhfuil cúis mhaith ann chun fad a chur leis an tréimhse inar féidir athbhreithniú a thabhairt, nó nach féidir, ar na cúinsí oibiachtúla os comhair na cúirte. Ní mór d'iarratasóir a léiriú gurb ann do chúiseanna a mhíníonn cén fáth ar tharla an mhoill agus cúiseanna a thaispeánann fáth inleithscéil don mhoill. Leanann sé ó chinneadh Costello J. i gcás Dún Laoghaire Corporation dá faide an mhoill roimh thosú imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh is ea is troime an dualgas ar iarratasóir an mhoill a mhíniú agus a mhaitheamh.

10. Cuid lárnach d'argóint an iarratasóra nár mhór a mhoill a mhaitheamh mar go bhfuil cás an-láidir aige. Mar sin dírím ar na fíorais.

11. Gaeilgeoir is ea an t-iarratasóir a fuair a scolaíocht trí mheán na teanga náisiúnta agus a dhéanann iarracht chomh fada agus is féidir leis an teanga a úsáid ina shaol laethúil agus ina ghnó le húdaráis an Stáit. Ina theannta sin tá a chearta teanga dearbhaithe aige os comhair na gcúirteanna agus bhí roinnt ratha air sa mhéid sin. Ar 5 Bealtaine, 2005, níos mó ná trí bliana ó shin, stopadh an t-iarratasóir agus é ag tiomáint mótarfheithicle i ngar don Tulach Mhór. Tar éis breathnú air, thug an Garda Daniel O’Connor leis go dtí Stáisiún Garda na Tulaí Móire é, áit a ndearnadh éileamh reachtúil air i gcomhair sampla dá anála. Tharla an méid seo ar fad i gcomhthéacs alt 13 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994, arna leasú, agus alt 49(8) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, arna leasú. Cúisíodh an t-iarratasóir mar gheall ar nár thug sé sampla anála i gcomhair scrúdaithe i ndáil le tiomáint ar meisce nuair a d’éiligh baill den Gharda Síochána air é sin a dhéanamh de réir an dlí. Baineann na ceisteanna a n-ardófar sa triail le bailíocht na ndualgas a cuireadh ar an iarratasóir agus ar na fíorais maidir lena dhiúltú, más amhlaidh gur tharla aon diúltú. D’fhéadfaí, b'fhéidir, argóint bhailí a chur ar aghaidh faoi bhailíocht na toghairme, bunaithe ar Rialacha na Cúirte Dúiche, ach níl fhios agam.

12. Eisíodh toghairm i nGaeilge i gcoinne an iarratasóra, a chuir de dhualgas air a bheith i láthair i gcúirt Dúiche na Tulaí Móire ar 21 Nollaig, 2005. D’iarr aturnaetha an iarratasóra cóipeanna de na ráitis fhinné ábhartha i nGaeilge, agus fuair siad iad. Ansin d’iarr aturnaetha an iarratasóra na ráitis chéanna i mBéarla. Socraíodh dáta éisteachta os comhair an Bhreithimh McGuinness ar 20 Samhain, 2006. Mhaígh an t-iarratasóir go raibh sé tinn ar an lá sin agus ní raibh sé láthair sa chúirt. Fágadh teastas leighis ina thaobh sin in oifig na Cúirte Dúiche roimh thosú an cháis. Ar fhorghníomhú barántais bhinse ar 20 Nollaig, 2006, socraíodh dáta nua trialach do 29 Bealtaine, 2007. Ar an lá sin chuir an t-iarratasóir in iúl don chéad uair gur theastaigh uaidh iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach agus go raibh sé seo curtha ar aghaidh os comhair na hArd-Chúirte. Ba í an mhoill sa chás seo ná bliain amháin as dhá bhliain ó dháta an chiona agus níos mó ná bliain go leith ó dháta eisiúna na toghairme.

13. Míníonn an t-iarratasóir an mhoill ar an mbunús gur athraigh sé a aturnaetha sna laethanta díreach roimh an dara dáta trialach socraithe dá chás, i mBealtaine 2007, chun cuspóra a chearta a dhearbhú i leith aistriúcháin Ghaeilge a bheith aige ar timpeall is 20 leasú ar Rialacha na Cúirte Dúiche. Tugtar liosta de na leasuithe ábhartha, i bhfoirm ionstraime reachtúla, in alt 6 de mhionnscríbhinn aturnae an iarratasóra.

14. Rud nach raibh le brath ar na hargóintí a tugadh ar aird os comhair na cúirte ná cén chaoi a mbeadh aon cheann de na rialacha seo ábhartha don chás ar mhian leis an iarratasóir a stiúradh i nGaeilge, mar a raibh teidlíocht bhunreachtúil aige a dhéanamh. Féadann cásanna cúirte a bheith ag brath ar theicniúlacht ach is minice go ndéantar an dlí a chur i bhfeidhm iontu ar na fíorais mar a shocraíonn an breitheamh. Ní féidir a rá, toisc nach raibh an liosta seo d'ionstraimí reachtúla ar fáil ag an am i nGaeilge, gurb é is brí leis sin nárbh fhéidir leis an iarratasóir triail bhunreachtúil i nGaeilge a bheith aige. Tá an t-iarratasóir i dteideal an dlí ábhartha i nGaeilge maidir le cúis; Ó Beoláin v. Fahy [2001] 2 I.R. 279. Tá an t-iarratasóir i dteideal le cearteanna eile faoin Acht na dTeangacha Oifigúila 2003; Ó Gríbín v. An Choimhairle Mhúinteoireachta [2007] 454. Tá sé de dhualgas ar an iarratasóir, rud a bhfuil ríthábhacht ag baint leis, a imeachtaí a thosú faoi luas agus níl an méid sin déanta aige. Agus é á áiteamh aige gur tábhachtaí go mór a cheart triail a stiúradh trí mheán na Gaeilge ná aon mhoill a tharla sa chás seo, tá sé de dhualgas orm a mheas cibé acu an ann d’aon argóint a thaispeánann, go hábhartha seachas go himeallach, baint na n-ionstraimí reachtúla aistrithe a d’iarr an t-iarratasóir ó na freagróirí. Ní fheicim baint ar bith.

15. Tá sé áitithe go ceart ag an iarratasóir go bhfuil ualach trom ar fhreagróir agus é ag iarraidh cead chun tús a chur le himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a chur ar ceal. Feictear dom nár cheart dom an prionsabal sin a chur san áireamh sa chomhthéacs áirithe seo mar nach bhfuil sé infheidhmithe. Níor shín Clarke, J., riamh an t-am do thosú na n-imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh seo nuair a thug sé cead ag an gcéim ex parte. Níor cuireadh faoina bhráid aon ábhar a mhíneodh nó a mhaithfeadh an mhoill fhada sa chás. Anois agus an t-ábhar os mo chomhair tá mé i dteideal an iarratais seo a mheas de novo amhail is dá mbeinn ag smaoineamh ar an am a shíniú le haghaidh tús a chur le himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh i ndiaidh iarratais ex parte. I ndáiríre is é sin atá á dhéanamh agam. Agus é seo á dhéanamh agam táim ag féachaint ar fhad na moille agus ar an bhfíoras nach bhfuil aon mhíniú ann dó ná aon chúinsí a mhaithfeadh é.

16. Ní dhearnadh an mhoill a mhíniú. Níl rud ar bith san iarratas a rinne iarratasóir na bhfreagróirí i gcomhair na n-ionstraimí reachtúla a léiríonn go bhfuil siad ábhartha don chás seo. Níl aon rud a mhíneodh cén fáth nach bhféadfaí an mhoill a laghdú dá ndéanfaí an t-iarratas níos luaithe. Maidir leis an moill sa chás, ní leithscéal inchosanta é gur chuir an t-iarratasóir teastas breoiteachta isteach ar dháta a chéad trialach, a bhí le héisteacht as Gaeilge, agus gur thosaigh sé athbhreithniú breithiúnach le linn mhí an dara dáta trialach socraithe don ábhar seo, a bhí le héisteacht arís as Gaeilge.

17. Chuirfinn leis an méid seo go ndéanfainn an t-iarratas a dhíbhe ar bhonn mo dhiscréide ordú deireanach a dhiúltú mar gheall ar an moill inmhilleáin sa chás seo, dá mba rud é gurb é seo éisteacht shubstainteach an ábhair.










Ar ais ar barr an leathanach