Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
Ó Domhnaill -v- An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí & chuid eile
Lua Neodrach:
[2015] IECA 204
Uimhir Taifid na Cúirte Achomhairc:
2014/1330
Dáta Seachadta:
07/24/2015
Cúirt:
An Chúirt Achomhairc
Comhdhéanamh na Cúirte:
Charleton J., Kelly J., Mac Eochaidh J.
Breithiúnas ó:
Charleton J.
Stádas:
Formheasta
Toradh:
Díbh


An Chúirt Achomhairc

The Court of Appeal

Lua Neodrach: [2015] IECA 204

Uimhir an Achomhairc 2014/1330

Airteagal 64


Charleton B
Kelly B
Mac Eochaidh B
      Idir
Brian Ó Domhnaill
Iarratasóir/Achomharcóir
agus

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, An tAire Comhshaoil Pobail agus Rialtais Áitiúil, Éire agus and tArd-Aighne

Freagróirí

Breithiúnas na Cúirte tugtha ag an Breitheamh Charleton ar an 24ú lá mí Iúil 2015

1. Baineann an t-achomharc ó bhreithiúnas an Bhreithimh Hogan ([2014] IEHC 118) le dhá phointe de léirmhíniú reachtúil agus déanann sé breithniú ar an teidlíocht atá ag saoránach a cheangal ar bhinse fiosrúcháin tabhairt faoina ghnó go léir i nGaeilge gan cúnamh ó ateangaireacht chomhuaineach.

Cúlra agus saincheisteanna
2. Seanadóir atá san achomharcóir, Brian Ó Domhnaill. Ar nós go leor ionadaithe poiblí atá san Oireachtas anois, tá cúlra aige de bheith ag oibriú sa pholaitíocht áitiúil, Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Contae Dhún na nGall sa chás seo. D’fhéadfadh costais nó liúntas a bheith ar fáil trí fhreastal ar chruinnithe na gcomhlachtaí seo agus taisteal chucu agus abhaile ó ghníomhaíochtaí oifigiúla D’fhéadfadh go gcuireann sé isteach ar dhaoine na costais seo a ríomh agus an fhoirm ábhartha a chomhlánú nó d’fhéadfadh go ndéanann na daoine siúd tabhairt faoi seo ar bhealach neamhfhoirmiúil, meargánta, nó fiú mí-ionraic. Dá ainneoin, baineann tábhacht leis. Is féidir le soiniciúlacht phoiblí maidir le hairgead a úsáid baint den mhuinín a bhíonn ag daoine as polaiteoirí. Déantar scrúdú ar aon chaiteachas airgid phoiblí agus d’fhéadfadh gurb ábhar ceart tráchta é ar bhealach dlisteanach.

3. Is ó Gort a’Choirce i gContae Dhún na nGall é Brian Ó Domhnaill, ceantar Gaeltachta ina dtugann sé faoin gcuid is mó dá ghnó i nGaeilge. Is soiléir go bhfuil grá aige don teanga náisiúnta sna mionscríbhinní a mhionnaigh sé mar thacaíocht lena éileamh ar athbhreithniú breithiúnach. Lorgaíonn sé chun cosc a chur ar éisteacht roimh an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Tá imscrúdú á dhéanamh ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí air maidir le héilimh ar chostais a rinneadh as freastal ar imeachtaí an Údaráis agus na Comhairle Contae. D’fhéadfadh go mbeadh an éisteacht i mBéarla den chuid is mó, ar deireadh thiar. Má tá sé le fianaise a thabhairt ina theanga féin dhúchais, is é is dóchúla go dteastóidh ateangaire. Lorgaíonn sé Coimisiún labhartha Gaeilge, a mbainfidh a chomhaltaí, gan aistriúchán, an leibhéal inniúlachta amach chun an fhianaise go léir sin a chuirfidh sé ar fáil, go háirithe a chuid fianaise féin a thuiscint.

4. An 9 Lúnasa 2011, seoladh gearán scríofa chuig an gcláraitheoir eitice d’Údarás na Gaeltachta agus do Chomhairle Contae Dhún na nGall araon. Maíodh sa litir seo gur sheol saoránach ar a raibh buairt an litir. Rinneadh líomhaintí sa litir gur éiligh Brian Ó Domhnaill costais nó liúntais ar bhonn dúbailte fad a bhí se ina chomhalta den dá chomhlacht. Níor luadh ainm údar na litreach leis an litir. Shílfeadh go leor daoine a tógadh aníos le prionsabail ghlúine níos sine nach mbeadh aon fhiúntas ag baint le gearán oifigiúil má theipeann ar an t-údar é a shíniú; nó shílfidís gurbh ionann a leithéid de chumarsáid agus litir ina ndéantar ráitis nó líomhaintí mailíseacha gránna. Bhí sceideal den fhreastal ar an dá chomhlacht, faoi mar a maíodh, ar ceangal leis an litir seo, áfach. Bhí 6 chás líomhnaithe ann d’éilimh dhúbailte ar chostais. De réir dealraimh, baineann ábharthacht le ceithre cinn go fóill, i dtaca leis an imscrúdú atá roimh an gCoimisiún. D’imscrúdaigh Comhairle Contae Dhún na nGall an cheist tríd an gcláraitheoir eitice. Rinneadh seo lena dheimhniú an bhféadfadh gur sáraíodh Cuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001. Rinneadh comhfhreagras mionsonraithe le Brian Ó Domhnaill maidir leis an gceist seo. Chuir an cláraitheoir eitice an cheist faoi bhráid Mhéara na Comhairle Contae. Cuireadh tuarascáil fhoirmiúil i dtoll a chéile tar éis go ndearna an Méara agus an Bainisteoir Contae breithniú ar an gceist. Thug Brian Ó Domhnaill freagra ar an tuarascáil an 5 Bealtaine 2012. Mhol Brian Ó Domhnaill, i litir a seoladh chuig na páirtithe siúd dar dáta an 23 Bealtaine 2012, gurbh fhearr do chách dá gcuirfí an cheist faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Rinneadh cinneadh, ina dhiaidh sin, gur cheart na saincheisteanna a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Rinneadh an cheist a chur faoi bhráid an Choimisiúin i litir, dar dáta an 28 Bealtaine 2012, ó Chomhairle Contae Dhún na nGall. Ceanglaíodh tuarascáil den dáta céanna a bhí sínithe ag an Méara agus ag an mBainisteoir Contae. Cheap an Coimisiún oifigeach fiosrúcháin ina dhiaidh sin. Chuir sé tuarascáil le chéile dar dáta an 7 Samhain 2012. Ní ábhar don Chúirt seo , ar achomharc, aon réamhchonclúidí a bhaintear amach laistigh den tuarascáil sin, ná ní féidir leis an gCúirt glacadh le haon tuairim maidir lena chirte atá na réamhchonclúidí siúd. Rinne an Coimisiún an cinneadh chun breithniú agus breithiúnas a thabhairt ar an gceist. Ina leith sin, scríobh an Coimisiún chuig Brian Ó Domhnaill an 25 Eanáir 2013 ina raibh ráiteas faoi iamh de na sáruithe líomhnaithe ar an reachtaíocht ábhartha. Ó thaobh foirme de, bhí seo an-chosúil le cúiseamh an-sonraithe i gcás coiriúil. Chuir an Coimisiún ráiteas faoi iamh, chomh maith, ar nósanna imeachta beartaithe an Choimisiúin (dar dáta Eanáir 2011). Bheartaigh an Coimisiún chun éisteacht leis an gceist an 11 Márta 2013. Ag an éisteacht bheartaithe sin, cuireadh Brian Ó Domhnaill ar an eolas go raibh an ceart aige do ndéanfadh dlíodóir ionadaíocht dó. Chomh maith leis sin, dúradh leis go bhféadfadh sé comhoibriú an Choimisiúin a lorg maidir le finnéithe a ghairm nó chun pé cáipéisí a fháil a bhraith sé a bhí riachtanach chun cabhrú lena thaobh san fhiosrúchán a chur i láthair.

5. Lean comhfhreagras ón aturnae thar ceann Bhriain Uí Dhomhnaill agus lean freagra air sin ón dlíodóir a bhí ag gníomhú thar ceann an Choimisiúin. Ní gá tagairt a dhéanamh do na malartuithe seo. Sonraítear iad seo go hiomlán i mbreithiúnas na hArd-Chúirte. Is leor a thabhairt chun suntais go raibh an comhfhreagras idir an Coimisiún agus Brian Ó Domhnaill i mBéarla i dtosach báire. A luaithe a thug sé le fios gur mhian leis leanúint ar aghaidh agus an Ghaeilge á húsáid, lean an dá thaobh ar aghaidh de réir an iarratais sin. Ar uairibh, sholáthair an Coimisiún aistriúchán go Béarla, chomh maith. Rinne breitheamh na trialach na saincheisteanna a bhí os comhair na hArd-Chúirte a laghdú go gonta anuas go dtí 3 cheist. Is iad seo ábhair na saincheisteanna go fóill san achomharc seo. Is iad seo, i bhfriotal an Bhreithimh Hogan, ag alt 17:

      i. An bhfuil sé taobh amuigh de dhlínse an Choimisiún dul i ngleic leis an ngearán seo i bhfianaise go bhfuil toirmeasc ar an gCoimisiún gníomhú de réir ghearáin ó fhoinse anaithnid faoi alt 8 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001?

      ii. An bhfuil dualgas ar chomhaltaí an Choimisiúin a bheith inniúil sa dá theanga oifigiúil d'fhonn déanamh de réir ceanglais Airteagal 8 den Bhunreacht agus an riachtanas ginearálta go mbeadh nósanna imeachta aon bhínse fiosraithe cothrom, trédhearcach?

      iii. An bhfuil dualgas ar ghníomhairí de chuid an Choimisiúin (mar shampla a gcuid dlíodóirí) cloí le riachtanais alt 9 d’Acht na dTeanaghacha Oifigiúla 2003?


Gearán anaithnid
6. Déantar cur síos cruinn ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 ina theideal fada mar:
      Acht do dhéanamh socrú le haghaidh nochtadh na leasanna atá ag sealbhóirí oifigí poiblí áirithe (lena n-áirítear comhaltaí de Thithe an Oireachtais) agus ag stiúrthóirí ainmnithe ar chomhlachtaí poiblí áirithe agus ag daoine atá fostaithe i bpoist ainmnithe i gcomhlachtaí poiblí áirithe, le haghaidh ceapadh coiste ag gach teach acu sin, agus le haghaidh bunú coimisiúin, chun sáruithe ar an acht seo a imscrúdú agus chun treoirlínte a leagan síos lena áirithiú go gcomhlíonfar an tAcht seo, do thoirmeasc ar shealbhóirí oifigí poiblí áirithe bronntanais luachmhara a choimeád, do leasú na Prevention of Corruption Acts, 1889 go 1919, agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.
7. Faoi alt 21 d’Acht 1995, bunaíodh an Coimisiún, a bhfuil breithniú le déanamh acu ar an ngearán, agus ar a dtugtar anois go hoifigiúil an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Tá ballraíocht an Choimisiúin sin socraithe ag an dlí. Tá seisear i measc na ballraíochta sin. Leagtar iad seo amach in alt 21(2) d’Acht 1995 arna leasú ag alt 2 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001. Ceanglaítear go mbíonn breitheamh na Cúirte Uachtaraí nó breitheamh na Cúirte Uachtaraí a d’imigh ar scor ina c(h)athaoirleach ar an seisear comhaltaí. Is iad na gnáthchomhaltaí eile an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, an tOmbudsman, Cléireach Dháil Éireann, Cléireach Sheanad Éireann agus tá an duine deireanach le ceapadh ag an Rialtas tar éis go ndéanann Dáil Éireann agus Seanad Éireann rúin. Ní mór gurb iar-chomhalta an duine sin de cheann amháin de na tithe siúd nach bhfuil ina s(h)uí mar chomhalta de Pharlaimint na hEorpa chomh maith. Beidh gá filleadh ar an mballraíocht sin agus ar na féidearthachtaí chun í a athrú níos déanaí sa bhreithiúnas.

8. Leasaigh an tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001 Acht 1995. Sa reachtaíocht sin, cuimsítear an fhoráil is tábhachtaí i dtaca leis an gcás seo in alt 8 den Acht. Ag tagairt don Choimisiún agus don fhoirm de choiste imscrúdaithe araon is féidir a dhéanamh in áiteanna eile faoin reachtaíocht, foráiltear an méid a leanas in alt 8:

      Ní dhéanfaidh an Coimisiún ná Coiste imscrúdú ar ghearán arna dhéanamh leis nó arna tharchur chuige mura ndéanfar céannacht an duine a bheidh ag déanamh an ghearáin a nochtadh dó. Más rud é, ag féachaint do na himthosca go léir, go measfaidh an Coimisiún nó an Coiste gur cuí déanamh amhlaidh, féadfaidh sé a chur faoi deara nach nochtfar an chéannacht sin ach dóibh siúd ar gá nó ar fóirsteanach an chéannacht ar a bheith ar eolas acu chun na gcríoch nó mar gheall ar an gCoimisiún nó ar an gCoiste, de réir mar a bheidh, d’imscrúdú an ghearáin, nó ar shlí eile ar mhaithe le ceartas.
9. Ba iad na haighneachtaí a bhí os comhair na Cúirte seo thar ceann Bhriain Uí Dhomhnaill, ná go raibh an toirmeasc a cuimsíodh in Acht 2011 ina thoirmeasc iomlán: ní fhéadfadh gearán bunaithe ar chumarsáid anaithnid teacht os comhair an Choimisiúin riamh; ba léir go raibh an litir thosaigh anaithnid agus d’fhéadfadh gurbh ó fhoinse mhailíseach a bhí sí cibé acu ó dhuine a raibh déistin orthu nó ó pholaiteoir neamhaireach comhraic; ní dhearna Comhairle Contae Dhún na nGall ach a ainim a chuir leis an ngearán anaithnid lena chur ar a gcumas an gearán a dhéanamh iad fhéin; go bunúsach, bhí an gearán anaithnid i gcónaí; agus, mar cheist dlí, ní fhéadfadh foirm na litreach feidhmiú mar ghléas chun an toirmeasc reachtúil a chur ar ceal. Shéan an Choimisiúin agus an Stáit na haighneachtaí siúd. Mar fhreagairt, rinneadh argóint nach raibh an gearán atá anois os comhair an Choimisiúin anaithnid mar gheall go raibh sé in ainmneacha pearsanra ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.

10. Dhéileáil breitheamh na trialach leis an gcéad cheist seo i dtaobh dhlínse an Choimisiúin ag alt 30 amhail a leanas:

      I gach ceann de na cúiseanna thuasluaite, dá bhrí sin, tá mé den tuairim nach bhfuil an cás seo ag bhaint le gearán gan ainm. Ina ionad sin is é an gearán sin atá faoi bhráid an Choimisiún ná gearan ó bheirt ainmnithe, siad siúd Méara agus Bainisteoir Contae Dhún na nGall. Glactar leis gur i litir anaithnid a tugadh an t-eolas a spreag an Cláraitheoir Eitice le tús a chur leis an abhár a scrúdú. I ndairíre, ní hé, afach, an gearán sin atá faoi imscrudú ag an gCoimisiún sa chás seo.
Ag alt 31, chuir an Breitheamh Hogan an breathnú a leanas leis:
      Caithfidh sé a bheith ar siúl dá réir sin sna himthosca nár ghlac an Coimisiún gníomhú contrártha de réir ailt 8 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 tríd an gearán áirithe seo a bhreithniú.
11. Tar éis breithniú cúramach a dhéanamh ar na hargóintí mionsonraithe agus ar aighneachtaí scríofa ar an dá thaobh, ní fhéadfaidh an Chúirt seo a dheimhniú go bhfuil aon rud contráilte le réasúnú an Bhreithimh Hogan. I gcaitheamh na n-aighneachtaí, tugadh chun airde na Cúirte na díospóireachtaí ábhartha parlaiminteacha ar an ábhar seo,. Ceanglaíonn an prionsabal ábhartha forléirithe ar chúirt chun ciall na reachtaíochta a aimsiú laistigh dá cuid téarmaí. Ina leith sin, is beag cabhair a thugann an méid a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh iad siúd a rá a rinne an reachtaíocht a thabhairt isteach nó a mhíniú. D’fhéadfadh go ndearnadh ráiteas laistigh den chomhthéacs den mhéid a d’fhéadfadh bheith ina dhíospóireacht an-fhairsing. Tá tuiscint le baint ó alt ó Acht i gcomhréir leis an gciall shoiléir agus ghnáth atá aige. Ina theannta sin, ní mór caitheamh leis laistigh den chomhthéacs ina bhfuil sé suite. Ní fhéadfadh alt 8 d’Acht 2001 bheith ní ba shoiléire. Mar gheall gur scríobhadh chuig an gCoimisiún gan aitheantas an duine a nochtadh, cuirtear an gearán ar ceal. Tugann gnáthstuamacht le fios go bhféadfadh gurbh ionann agus cur amú ama é gearáin a fhiosrú ó dhaoine nach bhfuil sásta a n-ainm a lua le saincheist. Gné dhaingean den chineál daonna is ea mailís. Is dóchúla go mbíonn an rath uirthi nuair is féidir a cineál náireach a cheilt trí neamhainmníocht. Cé nach bhfuil an Coimisiún i dteideal gearán anaithnid a imscrúdú, mar cheist dlí, tá dualgas orthu gearáin a thagann ó fhoinse nochta a imscrúdú. Tá roinnt rannóg den rialtas ann a mheasann gur fiú breithniú a dhéanamh ar chumarsáid rúnda anaithnid. Caitheann siad leo d’fhonn a dheimhniú cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil aon bhunús leo. Rithfidh sé leo siúd a bhfuil cur amach acu ar an gcleachtas sna cúirteanna coiriúla gur minic go mbeirtear ar ghunnaí nó drugaí a thabhairt isteach i bpoirt nó trasna na teorann. Tarlaíonn seo trí rud a dtugtar ‘leid’ nó ‘cumarsáid anaithnid’. Gan amhras, bheadh ní ba lú acmhainní fiú ag comhaltaí an Gharda Síochána nó Custam dá ngníomhóidís gach uair a dhéanfaí a leithéid de chumarsáid leo. B’fhéidir gurb é an cur chuige stuama ná chun breithniú a dhéanamh ar bhailíocht fhéideartha aon ghearáin den sórt sin agus, murab ann d’aon toirmeasc tar éis breis imscrúdú a dhéanamh, chun a mhéid sin de bhreithniú a dhéanamh air go bhféadfadh gurbh fhiú aird a thabhairt air.

12. Níor ghearán anaithnid an gearán, san fhoirm inar cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin é. Ba ghearán é a rinne Comhairle Contae Dhún na nGall a imscrúdú go neamhspleách agus seoladh é chuig an gCoimisiún i gcomhfhreagras a bhí sínithe ag an Méara agus ag an mBainisteoir Contae go pearsanta. Rinneadh an gearán i ndiaidh próisis inar thug Brian Ó Domhnaill faoi ag féachaint dá dhea-cháil a chinntiú.

13. Tháinig saincheist eile chun solais maidir le cibé acu an raibh nó nach raibh Comhairle Contae Dhún na nGall i dteideal go dlíthiúil an gearán a rinne siad leis an gCoimisiún a dhéanamh. Bunaítear cláraitheoir eitice in alt 174(7) den Acht Rialtais Áitiúil, 2001. Bunaítear seo faoin reachtaíocht. Ceanglaítear ar an gcláraitheoir eitice a luaithe a d’fhéadfadh sárú ar eitic, faoi mar a shainmhínítear sa reachtaíocht, tarlú, chun é a thabhairt chun airde chathaoirleach na comhairle contae. Faoin gcéad fho-alt eile, féadtar tús a chur le nós imeachta imscrúdaithe nó disciplíneach. Ina dhiaidh sin, féadtar an cheist a chur faoi bhráid an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Anuas air sin, cuireann an reachtaíocht ar chumas aon ghníomh eile a dhéanamh a bhreithnítear atá cuí faoi na cúinsí. Ciallaíonn seo a ndeir sé. Cuireadh argóint chun cinn ag an éisteacht gurb éard a chumasaítear san fho-alt ná an chomhairle contae a eisiamh ó aon rud eile a dhéanamh. I bhfriotal eile, áitíodh nach raibh aon dlínse ag Comhairle Contae Dhún na nGall chun leanúint ar aghaidh agus an gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún. Ní féidir glacadh leis an aighneacht dhlíthiúil seo. Nuair a léitear an chuid eile den reachtaíocht sin, ar a ndearna an dá pháirtí leis an achomharc anailís an-chabhrach, is léir gur féidir le comhairle contae tús a chur le himscrúdú. Ina leith sin, féadfaidh comhairle contae dul i dteagmháil leis an ngearánaí, más ann dó/di, agus le comhalta ábhartha na comhairle contae. Ní chuirtear aon srian gan cumarsáid anaithnid a bhreithniú. Ní nochtfar aon tuairim sa bhreithiúnas seo maidir le cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil dualgas ann chun imscrúdú a dhéanamh ar gach líomhain fhánach nó ar dealraitheach nach bhfuil ciall ar bith leis a d’fhéadfaí a dhéanamh. Táthar ag súil leis go mbeadh an lámh in uachtar ag dea-chiall ina leith seo. Is éard is soiléir, áfach, fiú mura bhféadfaí aon ghníomh eile a dhéanamh a d’fhéadfaí a bhreithniú amhail bheith cuí faoi na cúinsí, is cuí don chomhairle contae scríobh chuig an gCoimisiún mar ghearánaí, mar gheall go gcuirtear na focail siúd san áireamh.

14. Déantar an foras achomhairc seo a dhíbhe, ar an ábhar sin.

Cearta teanga
15. Is é an argóint a cuireadh chun cinn thar ceann Bhriain Uí Dhomhnaill ná go bhfuil an ceart iomlán aige faoi Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann chun trialach fíorais, a chiallaíonn go mbíonn inniúlacht leordhóthanach ag an gCoimisiún chun a chuid fianaise agus gach ciall eile d’fhéadfadh eascairt uaithi a thuiscint. Dearbhaíonn sé, chomh maith, gur cheart tabhairt faoi ghnó iomlán an Choimisiúin in a leith féin sa chéad teanga oifigiúil den Stát. Measann an Chúirt gur mí-ámharach é go ndéanfaí argóintí a réitíodh trí réimse fairsing de chásanna a ndearnadh cinneadh orthu, a athlua ar nós gur argointí nua iad. Ag alt 41, dhéileáil breitheamh na trialach leis an tsaincheist mar seo a leanas:

      Ar na cúiseanna sin, dá bhrí sin, diúltaím d’áitiú an iarratasóra go gcaithfidh baill an Choimisiúin go léir líofacht sa dá theanga oifigiúla a bheith acu sular féidir leo breithniú go dleathach sa chás seo. Níl aon riachtanais den sórt sin a fhorchuirtear le reacht maidir le baill an Choimisiúin - cibé acu chun críche Airteagal 8 (3) den Bhunreacht nó ar shlí eile – agus cáilaíochtaí nasc chun na críche sin a bhéadh a thabhairt isteach talamh nua de dhícháiliú maidir leis an baill Coimisiún, le cinneadh breithiúnach.
16. Rinneadh an rialáil sin ag leanúint le hanailís a dhéanamh ar na cásanna ar a ndearnadh cinneadh. Ag alt 35, tar éis Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann a lua, thug an Breitheamh Hogan chun suntais “Is léir ó Airteagal 8 - tugtar aitheantas don Ghaeilge agus don Bhéarla mar theangacha oifigiúla - go bhfuil gach saoránach i dteideal a rogha úsáid Gaeilge nó Béarla le linn a gcuid gnó a dhéanamh leis an Stát agus le comhlachtaí phoiblí.” Dúirt sé, chomh maith, “Is ionann sin an tréith riachtanach le bheith ina theanga oifigiúil. Curtha i mbealach eile, ní bheadh teanga ina theanga oifigiúil muna bhféadfaí í a úsáid ar an mbealach sin.” Tá seo i gceart, gan amhras. Tá an ceart ag duine an Ghaeilge nó an Béarla a úsáid os comhair cúirte nó binse. Sa chás, An Stát (Mac Fhearraigh) v. Mac Gamhnia, [1980-1998] I.R. Tuarascálacha Speisialta 30, ceanglaíodh ar pháirtí a tháinig os comhair an Bhinse Achomhairc Fostaíochta chun an Béarla a úsáid nuair a bhí croscheistiú á dhéanamh ar pháirtí ar bheagán Gaeilge. Rinne an Breitheamh Ó hAnluain rialáil ar an méid atá sa chur chuige ceart ag leathanach 31 den bhreithiúnas sin. Is fiú é a lua. Cuimsíonn sé gach ceann de na cearta a fheidhmítear i gcomhthéacs éisteachtaí:
      Nuair a bhíonn cúis le plé os comhair na gcúirteanna, nó os comhair aon bhínse go bhfuil comhacht aige do réir dlí, ordaithe a dhéanamh a théann i bhfeidhm ar chearta phearsanta no ar chearta maoine na bpáirtithe a thagann os a chomhair, tá sé de cheart ag gach párti a thagann os chomhair na cúirte nó os comhair an bhínse, a thaobh féin den chás do phlé as Gaeilge, má’s mian leis, agus fianaise tré Ghaeilge do chur i láthair na chúirte nó an bhínse. Má tharlaíonn nach mbíonn eolas sách maith ag an bpáirtí eile an méid sin do thuiscint, dlitear ateangaire do cheapadh d’fhonn aistriúchán a dhéanamh ar an mhéid a deirtear, nó scríobhtar as Gaeilge.

      Níl feidhm ag an gcúirt, no ag an mbínse fiafraí an bhfuil eolas ar an mBéarla ag an t-é gur mian leis úsáid a bhaint as an nGaeilge - tá ceart aige fén mBunreacht rogha a dhéanamh den phríomh-theanga oifigiúil má’s áil leis, go dtí go leagtar sios a mhalairt do réir dlí i leith gnótha nó gnóthaí oifigiúla áirithe ar fuaid an Stáit nó in aon chuid de. Fágann san go bhfuil an ceart céanna ag an t-é go bhfuil an Béarla go líofa aige, agus atá ag an t-é a rugadh agus a tógadh san nGaeltacht agus nach bhfuil eolas ar bith aige, nó nach bhfuil ach eolas neamh-chruinn aige, ar an mBéarla. Go minic, tharlódh go gcuirfí moill ar imeachta na cúirte nó an bhínse má eilítear go ndéanfaí an chúis nó cuid di do phlé tré mheán na Gaeilge, agus cuirfeadh seo le costas na nimeachta má’s gá ateangaire do cheapadh, ach ní fuláir cur suas leis na fadhbanna san d'fhonn beart do dheanamh do réir an Bhunreachta. Cead ag an Oireachtas a mhalairt de shocrú a dhéanamh do réir dlí, má’s áil leis sin do dhéanamh, i dtaca le gnóthaí oifigiúla ar bith ar fuaid an Stáit nó in aon chuid de.

      Aon uair gur mian le páirtí ar bith a thaobh feín den scéal do bhrú ar an gcuirt nó ar an bhinse, pé’cu tré aighncacht, tré fianaise do thabhairt, tré finnéithe do cheistiú nó do chros-cheistiu, táim den bharúil go bhfuil sé de cheart aige fén Bhunreacht an tiomlán do dhéanamh tré mheán na Gaeilge, má’s toil leis.

17. Cuireadh breis argóintí chun cinn bunaithe ar an gcás go bhféadfaí caitheamh leis mar an líne bharr láin de thacaíocht bhreithiúnach le cearta teanga. Ba é seo an ceart a éilíodh chun giúiré ina raibh gach duine in ann an Fhraincis a labhairt i gCeanada. Bhí an rath ar an argóint ansin. B’éard a bhí mar thoradh air ná gur cuireadh achomharc i leith ciontú dúnmharaithe ar ceal; Beaulac v. The Queen and the Attorney General of Canada [1999] 1 SCR 768. Ní gá an cás sin a leanúint sa chás seo. Ní bheartaíonn an Chúirt chun amhlaidh a dhéanamh. Faoi mar a dúradh in Ó Griofáin v Éire [2009] IEHC ag alt 10 i gcomhthéacs líomhna i leith tiomaint ar meisce agus inar theip ar an inneall anála léamh i nGaeilge a sholáthar:
      Is é an ceartas an aidhm atá le gach imeacht dlíthiúil. Is í an fhírinne an cuspóir atá ag gach cleachtas breithiúnach. Caithfidh an prionsabal d’fhíor-ord sóisialta atá mar chuspóir ag ár mBunreacht, agus mar a dearbhaítear sa Bhrollach, diúscairt de ghnó coiriúil a bheith ina luach lena mbaineann tábhacht ar leith leis chun sochaí chomhtháite a bhaint amach.
Maidir leis an tsaincheist seo, measann an Chúirt go ndearna an Breitheamh Hogan na cearta a bhí feidhmithe a chuimsiú mar ba cheart, nuair a luaigh sé:
      Sa chomhthéacs sin, is féidir féachaint ar ceann de na tuairimí Hamilton Pr Brm i MacCartaigh v Éire [1980-1988] TE 127. Ba chás í sin go ndúirt an t-iarratasóir go raibh sé i dteideal sochair do ghiúiré a bheith iniúlacht tri Ghaeilge. Cé gur ghlac an Chúirt Uachtarach go raibh deacrachtaí ag gabháil le l-úsáid a bhaint as ateangairí i dtriail ghiúiré, duirt Hamilton Pr. Brm. mar sin féin:

        “[C]aithfear a rá, in Eirinn faoi láthair, nach bhfuil réiteach níos fear ann. Dá mbéadh ar gach ball den ghiúire beith in ann cursaí dlí a thuiscint as Gaeilge gan cabhair ateangaire, chuirfí formhór de mhuintir na hÉireann ar leataobh. Dhéanadh sé sin sarú ar Airteagal 38.5 den Bhunreacht...”
18. Rinneadh an argóint, chomh maith, don achomharcóir gur cheart don Choimisiún leithscéal a ghabháil as féin ar an mbunús nárbh fhéidir lena chomhaltaí an Ghaeilge a labhairt. Maíonn an t-achomharcóir go bhféadfaí daoine ionaid a aimsiú a mbeadh an t-eolas leordhóthanach acu chun éisteacht le cialla aon fhianaise a chuirtear i láthair i nGaeilge agus éirim na fianaise sin a thuiscint. Féadfaidh, faoi Acht 2001, do chomhalta aonair an Choimisiúin a bheith as láthair ar chúis mhaith agus féadtar é/í a ionadú go sealadach i gcomhréir leis an reachtaíocht. Tá sé soiléir, chomh maith, áfach, ó struchtúrú cúramach alt 21 d’Acht 1995, arna leasú ag Acht 2001, (maidir leis na daoine ar cheart dóibh suí chun breithniú a dhéanamh ar na gearáin siúd) nach féidir athrú mór a dheanamh ar an bhallraíocht. Chuirfí cuspóir na reachtaíochta ar ceal dá ndéanfaí ionadú iomlán, nó substainteach, ar bhallraíocht an Choimisiúin.

19. De bhreis air sin, níl an Chúirt cinnte , tar éis éisteacht leis an gcás iomlán seo i nGaeilge, go gcuireann sé aon bhac substainteach ar aighneachtaí a dhéanamh i nGaeilge le cúnamh ó ateangaire. I gcás roinnt comhaltaí den Choimisiún, d’fhéadfadh go bhfuil a gcuid Gaeilge beagán as cleachtadh. Cuirtear fáilte mhór roimh an nGaeilge sa chúirt agus os comhair binsí. Tarlaíonn úsáid ateangaireachta maidir le teangacha gach lá sa chúirt ó mheall an tír cónaitheoirí ó chodanna éagsúla an domhain. Féadtar cabhrú le cumarsáid nuair a labhraíonn gach duine an teanga chéanna ar ardleibhéal inniúlachta, ach amanna, ní féidir seo a bhaint amach ná ní theastaíonn sé i gcónaí. Réiteach réasúnta agus comhréireach is ea ateangaireacht.

Acht na dTeangacha Oifigiúla
20. Tréigeadh an t-éileamh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, ar éisteacht an achomhairc seo, agus ba é ba chirte. Forálann alt 9(2) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003:

      I gcás ina ndéanfaidh duine cumarsáid i dteanga oifigiúil le comhlacht poiblí, i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach, freagróidh an comhlacht poiblí sa teanga chéanna.
21. Is é seo, i bhfírinne, an méid a tharla anseo, faoi mar a shonraítear thuas. Rinne an Breitheamh Hogan an cinneadh amhlaidh ar an gceist ag alt 41 dá bhreithiúnas:
      Ni gá cinneadh a dhéanamh ar an tríú cheist toisc go bhfuil sé soiléir gur thug comhairleoirí dlí an Choimisiúin, i ndáiríre, freagra trí Ghaeilge nuair a tugadh le fios don Choimisiún i Márta 2013 gur theastaigh ón iarratasóir go ndeanfaí gach cumarsáid idir é agus an Coimisiún nó gnímhairí an Choimisiúin sa teanga sin.
22. Níl rud ar bith sa réasúnú atá mícheart.

Toradh
23. Bhí an ceart ag breitheamh na trialach ar gach bealach sa chinneadh a rinne sé sa chás seo. Déantar an t-achomharc a dhíbhe, ar an ábhar sin.










Ar ais ar barr an leathanach