Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Dátaí tábhachtacha

1998:

Bunaítear an tSeirbhís Chúirteanna faoin Acht um Sheirbhís Chúirteanna

1948:

Bunú Phoblacht na hÉireann

1937:

Achtú Bhunreacht na hÉireann

1923 - 1931:

Cúirteanna ag suí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath

1923:

Deireadh leis an gCogadh Cathartha

1922:

Bunú Saorstát na hÉireann. Glacann Rory O'Connor seilbh ar na Ceithre Chúirt. Tarlaíonn dhá phléasc mar thoradh ar shliogáin a caitheadh leis an bhfoirgneamh agus scriostar Oifig na dTaifead agus an cruinneachán. Dóitear an foirgneamh go talamh. Leanann an Cogadh Cathartha ar aghaidh. Cuirtear tús le hatógáil faoi T.J. Byrne - athdhearadh suntasach ar an taobh istigh den Cheithre Chúirt.

1921:

sínítear an Conradh Angla-Éireannach

1897:

Bogann an Leabharlann Dlí go dtí an sciathán thoir, bogann seomraí feistis na n-abhcóidí ó na siléir faoin Halla Cruinn go dtí an tseanleabharlann

Deireadh na 1830aidí:

Tréimhse tógála nua faoi Jacob Owen. Cuirtear tús leis an mBloc Thuaidh. Tógtar cúirteanna New Rolls agus Nisi Prius. Cuirtear cóiríocht ar fáil i gcomhair Breithiúna Probháide, Féimheachta, agus Talún, agus tógtar Oifig na dTaifead Poiblí, agus Clárlann Gníomhas nua

1796:

Bogann na Cúirteanna go Cé na nÓstaí

1794:

Críochnaítear an cruinneachán

1785:

Ceadaíonn Diúc Rutland plean i gcomhair na gCeithre Chúirt

1783:

Bás Cooley, tagann James Gandon i gceannas ar an tionscadal

1776:

Tagann seirbhísigh na Corónach isteach ar an talamh ag Blackfriars agus tosaíonn siad ag obair ar oifigigh poiblí a dhear Thomas Cooley

Lár na 18ú haoise:

Níl dóthain cóiríochta ag Teampall Chríost níos mó, drochchaoi ar áitreabh Óstaí an Rí

1608:

Bogann na Cúirteanna go Teampall Chríost. Tá an lána ar a dtugtar 'Ifreann' in aice leis. Tagann an talamh ag Blackfriars isteach i seilbh Chumann Óstaí an Rí

Tús na 17ú haoise:

Pléadh plean na Cúirteanna a bhogadh go Blackfriars. Chuir muintir na cathrach múrtha ó dheas den abhainn ina choinne seo agus bhí an bua acu

16ú aois:

Tá an cóiríocht atá ag na Cúirteanna ag an gCaisleán ag éirí níos cúnga an t-am ar fad, agus tine agus pléasc ag léiriú an tábhacht a bhaineann le háitreabh níos sábháilte a fháil

1520:

Téarma na Tríonóide - Bhog na Ceithre Chúirt chuig suíomh Prióireacht Doiminiceach Naomh Saviour (Blackfriars) san áit a bhfuil Ceithre Chúirt an lae inniu ina seasamh

13ú & 14ú aois:

Leanann na cúirteanna áitreabh Ghobharnóir an Rí, an Fear Ionaid, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath den chuid is mó, in Ardeaglais Naomh Pádraig ar feadh tréimhse ghairid

1171:

Leanann Anraí II anall é agus athfhógraíonn sé údarás ríoga

1169:

Ionsaí na Normannach ar Loch Garman faoi cheannas Strongbow (Richard FitzGilbert, Iarla Phembroke)