Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Daoine cáiliúla

Eoin Mac Néill (1867-1954)

Rugadh Eoin Mac Neill i nGleann Arma, Co. Aontroma in 1864 agus thosaigh sé amach ina shlí beatha mar státseirbhíseach sna Ceithre Chúirt. Bhunaigh sé Conradh na Gaeilge in 1893 in éineacht le Dubhghlas de hÍde (a bhí mar chéad Uachtarán na hÉireann ní ba dhéanaí). Bunaíodh Conradh na Gaeilge mar eagraíocht neamhpholaitiúil a bhí tiomanta do staidéar na Gaeilge. Bhí páirt lárnach aige freisin i mbunú Óglaigh na hÉireann i 1913. Bhí sé ina Cheann Foirne i 1916 agus nuair a chuala sé faoin éirí amach a bhí le tarlú, chuir sé fógra san Sunday Independent ag cur gach ordú, máirseáil agus gníomhú i gcomhair Domhnach Cásca ar ceal.

James Murphy

Bhásaigh an Breitheamh Uasal James Murphy an 5 Meán Fómhair 1901. Ba ionchúisitheoir suntasach a bhí ann i dtréimhse ina raibh deacrachtaí móra i gceist. Is cosúil ó thuairiscí comhaimseartha gur mó measa a bhí air mar gheall ar a éifeachtúlacht ná cion mar gheall ar a thuiscint. Rinneadh cur síos ar féin agus an tUasal William O'Brien, K.C., go hiondúil mar 'fhoireann Shráid an Fhaiche' ach ba é a ionchúiseamh rathúil de na hInvincibles a bhí mar bhuaicphointe a shlí beatha ag an mBarra. Ceann de na rudaí ab iontaí a dúradh faoi i ndiaidh a bháis i dtuairiscí an Irish Law Times 1901 ná nár cuireadh ar leataobh aon breithiúnas a rinneadh os a chomhair riamh sna 18 mbliana a chaith sé mar bhreitheamh. Cé nach mórán atá sa chúpla téacsleabhar atá againn faoin mBreitheamh Uasal Murphy agus an méid a chur sé lenár ndlí-eolaíocht, tá roinnt séadchomharthaí a mhaireann fós fágtha ina dhiaidh aige, fuinneog dhaite i séipéal pharóiste Chill Tiarnáin i gContae Bhaile Átha Cliath a thaispeánann Maois ag tabhairt na dlíthe mar cheann acu. Tá macasamhail breá de na Ceithre Chúirt mar chuid den fhuinneog.

Boss Croker

Nuair a bhásaigh an Breitheamh James Murphy (dá dtagraítear thuas), díoladh an t-eastát breá mór ag Glencairn, Cábán tSíle le Richard 'the Boss' Croker. Bhí an tUasal Croker ar dhuine de phríomh-pholaiteoirí Halla Tammany. Níltear ró-chinnte an mar thoradh ar a sheasamh san eagraíocht sin nó mar gheall ar bheartaíochtaí maoine a bhí an t-airgead chomh fairsing aige, ach is cinnte go raibh na hacmhainní aige chun Glencairn agus 300 acra talún timpeall air a cheannach. Rinne sé athchóiriú i stíl breá ar an áitreabh agus leag sé na tailte amach mar stáblaí rásaíochta. Bhain sé amach an uaillmhian is mó a bhí aige nuair a bhuaigh a chapall, Orby, Derby Shasana i 1907 (corrlach 100-6) cé go raibh díomá air gur dhiúltaigh Edward VII aird a thabhairt air mar bhuaiteoir an imeachta chlúmhar.

Tar éis bháis a chéad bhean chéile i 1914 phós Boss Croker an tUasal Bula Edmonton a rinneadh cur síos uirthi mar bhanphrionsa Indiach ó threibh Seiricíoch. Níorbh bhall iomlán den threibh sin í ó thaobh fola de agus tá ceist ann maidir le cé chomh cruinn is a bhí a teideal, ach níl aon cheist faoi ach go raibh sí óg, dathúil agus saibhir. Bhí an-díomá ar a bpáistí a bhí fós beo mar gheall ar athphósadh an Uasail Croker. Thionscain siad imeachtaí á chur ina leith nach raibh sé inniúil chun a chuid gnóthaí airgeadais a láimhseáil agus ina theannta sin go raibh sé faoi smacht a mná céile óig. Caitheadh amach an dúshlán i gcoinne inniúlacht an Uasail Croker ach bhí droch-chaidreamh leis na páistí a mhair mar thoradh ar an dlíthíocht. Tógadh teampall in onóir na bpáistí a bhásaigh i Glencairn; níor maitheadh na páistí a mhair riamh.

An Tiarna Norbury - an 'Breitheamh a Chrochann'

Rugadh John Toler i gCo. Thiobraid Árann i 1745. Bhí a athair, Daniel Toler mar dhuine de shaighdiúir Chromail agus ina Ard-Sirriam ar Thiobraid Árann. Glacadh le John Toler chuig an mbarra i 1770, agus ósrud é gur thacaigh sé go láidir leis an Rialtas, bhain sé go leor post amach, lena n-áirítear an post mar Thiarna Príomh-Bhreitheamh, agus uaislíodh é ar deireadh nuair a rinneadh Iarla Norbury de. Bhí sé mar Ard-Aturnae agus ina bhall de Pharlaimint Ghrattan freisin. Ina dhiaidh sin, mar thoradh ar bhreabadh agus cur i gcéill, cuireadh ar an mBinse é agus ba bhreitheamh éillitheach, scanrúil a bhí ann. Bhí scileanna dlí laga aige agus d'úsáid sé a chumhacht chun dlíodóirí agus cosantóirí a imeaglú lena éirim shearbhasach agus a ghreann gránna. Bhí a chúirteanna cosúil le drámaíocht fhiáin. Is é an triail ba cáiliúla a bhí aige ná ceann Robert Emmet, ina raibh Norbury go síoraí ag cur isteach ar agus ag tabhairt droch-íde do Emmet nuair a bhí sé ag tabhairt a óráid ón ngabhann, roimh dó é a dhaoradh chun báis.

Bhí an ghráin ag Dónal Ó Conaill air agus is é siúd a chur tús leis an imscrúdú ar a iompar i dtriail inar thit sé ina chodladh. Baineadh den bhinse é ar deireadh i 1827 mar gheall ar chomh dearmadach is a bhí sé agus mar gheall ar an nós a bhí aige titim ina chodladh i lár trialacha tábhachtacha. Bhásaigh sé ina bhaile, uimhir 3 Sráid Mhór na Danmhairge, Baile Átha Cliath, an 27 Iúil 1831 agus é 85 bliana d'aois, agus cuireadh é ag Séipéal Naomh Mhuire, Sráid Mhuire, Baile Átha Cliath.