Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Stair an dlí

1691 go dtí an am i láthair

Nasc gaolmhara
Eolas ar luathdhlí na hÉireann agus ar an bhFéineachas

Cúlra

Tá córas dlí nua-aimseartha na hÉireann bunaithe ar thraidisiún dhlí coiteann Shasana. Is minic a deirtear go raibh Éire 'ar an gcéad eachtra den dlí coiteann.' Bhí smacht dhlí Shasana daingnithe ag feachtas míleata Oliver Cromwell (1649-1652), a chur iallach ar go leor úinéirí talún Éireannacha bogadh go Connacht. Tar éis don Phrotastúnach Liam Oráiste an bua a fháil ar an rí Caitliceach Séamus II ag Cath na Bóinne i 1691, bhí cur faoi chos brúidiúil á dhéanamh ar Chaitlicigh faoi na Péindlíthe. Bhí sé mar aidhm ag na hachtuithe seo, a cuireadh i bhfeidhm i rith na 18ú haoise, Caitlicigh a scaradh ó chumhacht pholaitiúil agus eacnamúil. Bhí Caitlicigh coinnithe amach ó oideachas agus bhí srianta géara ar a gcearta sealúchais.

Rinne Parlaimint Shasana aisghairm ar Dhlí Poyning faoin Irish Appeals Act, 1783. Uaidh sin go dtí 1800, bhí Parlaimint na hÉireann (ar a dtugadh Parlaimint Ghrattan) ag déanamh iarracht staid na gCaitliceach a fheabhsú trí achtú an Roman Catholic Relief Act, 1793, a thug cead teoranta vóta a chaitheamh agus cead a bheith ina abhcóide. Mar thoradh ar réabhlóidí na Fraince agus Mheiriceá, agus éirí amach teipthe 1798, glacadh le hAcht an Aontais, 1800. Rinne an tAcht seo Parlaimint na hÉireann a lánscoir agus bhunaigh sé Parlaimint Westminster i Londain mar an t-aon chomhlacht reachtúil i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann. Rinne an tAcht seo lárnú ar chumhacht rialtais i Londain go dtí gur bunaíodh Saorstát na hÉireann i 1922. Ba é Príomh-Rúnaí na hÉireann, a bhí ina bhall den chomhaireacht, ionadaí an Rí in Éirinn. Bhí ceanncheathrú Éireannach rialtas na Breataine i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, faoi smacht an Fho-Rúnaí agus ionadaí oifigiúil an Rí i mBaile Átha Cliath, Fear Ionaid an Rí.

Athchóiriú

Tar éis na réabhlóide tionsclaíche agus an tionchar a bhí ag an méid a scríobh Bentham agus Mill, bhí an géarghá le hathchóiriú a dhéanamh ar institiúid dlí le feiceáil níos láidre fós. Tugadh athchóirithe isteach faoin Supreme Court of Judicature Act, 1873 agus a mhacasamhail in Éirinn i 1877. Rinne na hAchtanna seo cumasc ar riaradh dhlí choitinn agus cothromais chun córas cúirte aontaithe a chruthú. Bunaíodh an Chúirt Uachtarach Breithiúnais, a bhí comhdhéanta as an Ard-Chúirt Ceartais, a raibh bundhlínse aici chomh maith le dlínse achomhairc ó chúirteanna le dlínse áitiúil, agus an Cúirt Achomhairc, a raibh dlínse achomhairc aici. Ba é Coiste Breithiúnach Theach na dTiarnaí fós an chúirt achomhairc deiridh d'Éirinn. Rinneadh na cúirteanna éagsúla a d'fhorbair thar na blianta (ar nós Cúirt an Státchiste agus an Chúirt Probháide) a chomhchuimsiú mar rannóga éagsúla den Ard-Chúirt. Shuigh Ard-Chúirt Cheartais na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

Chomh maith leis na huaschúirteanna seo, bhí roinnt cúirteanna íochtaracha. Ba í an chúirt seisiúin a bhí ann roimh an Ard-Chúirt. Láimhseáil sí na ceisteanna sibhialta agus coiriúla ba thábhachtaí. Coinníodh na cionta coiriúla ba thromchúisí, ar nós dúnmharú agus tréas, don chúirt seisiúin. Shuigh sí ar chuaird faoi dhó sa bhliain. Láimhseáil na Giúistísí Síochána ábhair choiriúla nach raibh chomh tromchúiseach. Bhí ar a gcumas a bpríomhdhlínse coiriúil a chur i bhfeidhm go hachomair i gcúirteanna gearra, nó ar díotáil, nuair a bheadh na giúistísí i gceannas le giúiré ag ceathrúsheisiúin. Reáchtáil siad réamhéisteachtaí i gcomhair na seisiún ag cúirteanna gearra freisin. Má fuair an Giúistís Síochána go raibh fianaise prima facie ann chun an té a bhí cúisithe a chur ar aghaidh i gcomhair trialach, cuireadh 'bille díotáil' faoi bhráid Ard-Ghiúiré chun cinneadh a dhéanamh an raibh an bille ceart i bhfoirm agusgur thacaigh an fhianaise prima facie leis. Má bhí cinneadh an Ard-Ghiúiré fabhrach, bhí an bille díotála ansin ina dhíotáil agus rinneadh an té a bhí cúisithe a thriail os comhair Mionghiúiré ag na seisiúin.

Ar an taobh sibhialta de, láimhseáil an chúirt dúiche ceisteanna nach raibh chomh tromchúiseach leis na cinn a láimhseáil na seisiúin. Cuireadh tús le héilimh trí bhille sibhialta, ní hionann agus córas Shasana. Tá sé seo fós mar bhunús i gcomhair go leor éileamh a gcuirtear tús leo i gcomharba na cúirte dúiche, an Chúirt Chuarda.

Tar éis an Ghorta Mhóir (1845-1850), bhí an feachtas i gcomhair athchóiriú dlí talún ina lárphointe i bpolaitíocht na hÉireann. Mar thoradh ar dhianfheachtas Chonradh na Talún, rinneadh achtú ar an Land Law (Ireland) Act, 1881, a bhunaigh Coimisiún Talún na hÉireann agus a gheall trí rud lárnach do fheirmeoirí tionónta na hÉireann - cíos cothrom, ceart díol agus cinnteacht seilbhe. Bhunaigh Achtanna a tháinig ina dhiaidh sin scéimeanna ceannach talún, trína bhféadfadh tionóntaí iasachtaí fadtéarmacha a fháil ag ús laghdaithe chun teideal saorsheilbhe a gcuid talún a cheannach.

Neamhspleáchas

In ainneoin na leasuithe tábhachtacha seo, mhéadaigh an t-éileamh i gcomhair aisghairm an Achta Aontais. Ba é an chéad aidhm a bhí ag náisiúnaigh na hÉireann ná rialtas dúchais. Fuair Páirtí Parlaiminte na hÉireann, a bhí faoi cheannas Charles Stewart Parnell, tacaíocht ón rialtas Liobrálach maidir leis an gceist seo. Mar gheall ar chur i gcoinne bríomhar Aontachtaithe Uladh agus na Coimeádaigh, ní raibh rialtas dúchais indéanta go dtí gur glacadh leis an Acht um Rialú na hÉireann, 1914. Cuireadh an tAcht ar athló fad a mhair an Chéad Chogadh Domhanda, ach tháinig eachtraí na linne sin thairis ar aon chaoi. Mar thoradh ar Éirí Amach teipthe 1916 agus an freagra brúidiúil a bhí ag rialtas na Breataine air, d'athraigh dearcadh an phobail, agus bhí bua ollmhór ag Sinn Féin i dtoghchán 1918, rud a léirigh teip pholaitiúil an rialtais dúchais agus Pháirtí Parlaiminte na hÉireann.

Staon teachtaí Shinn Féin óna suíocháin ag Westminster a ghlacadh, agus bhí an chéad chruinniú de Dáil Éireann acu in 1919, nuair a ghlac siad le Forógra na Saoirse, ghlac siad le Bunreacht Sealadach agus bhunaigh siad córas cúirte. Rinne an Bhreatain iarracht an obair seo a bhí ceannairceach ina thuairim, a chur faoi chois, agus sheas náisiúnaigh armtha ina coinne i gCogadh na Saoirse. Rinne Westminster iarracht fadhb na hÉireann a réiteach ansin trí Acht um Rialú na hÉireann 1920, a achtú, acht a scoilt Éire ina dá cuid, Tuaisceart agus Deisceart Éireann, lena parlaimint féin ag an dá chuid. Bheadh an dá pharlaimint faoi smacht Pharlaimint Shasana sa deireadh agus bheadh orthu roinnt ball a sheoladh anonn chun suí i Westminster. Rinne an tAcht atheagrú ar chóras na gcúirteanna i ngach dlínse chun a bheith comhdhéanta as Ard-Chúirt agus Cúirt Achomhairc, chomh maith le hArd-Chúirt Achomhairc d'Éirinn chun achomhairc a éisteacht ó na Cúirteanna Achomhairc faoi seach.

Bhí toghcháin i gcomhair na parlaimintí nua ar siúl i mBealtaine 1921. Cé go raibh an tAcht diúltaithe acu, d'fhógair Sinn Féin gurb ionann na toghcháin seo agus toghcháin do Dháil Éireann. Bhuaigh siad 124 as an 128 suíochán chuig an rud ar a dtugadh Teach na dTeachtaí Dheisceart Éireann faoi Acht 1920. Glacadh leis an Acht i dTuaisceart Éireann agus d'oscail a pharlaimint i Meitheamh 1921.

Aontaíodh sos cogaidh le muintir na Breataine i mí Iúil 1921, agus bhí caibidlíocht síochána ann ina dhiaidh a raibh síniú Chonradh Angla-Éireannach an 6 Nollaig 1921 mar thoradh air. Rinne sé foráil i gcomhair bhunú Shaorstáit Éireann, agus an deis i gcomhair Éire aontaithe, ach le clásal rogha an diúltaithe do Thuaisceart Éireann. Bheadh stádas tiarnais aige taobh istigh de Chomhlathas na Breataine, choinneofaí an Choróin mar cheannaire stáit le Seanascal mar ionadaí aici, agus bheadh ar bhaill an Oireachtais mionn dílseachta don Choróin a thabhairt. Thóg Tuaisceart Éireann an rogha Éire aontaithe a dhiúltú. Ghlac an Dáil leis an gConradh in Eanáir 1922.

Córas Cúirte Nua

Ghlac Westminster le hAcht Saorstát na hÉireann (Bunreacht), 1922, a d'aisghair Acht Rialtas na hÉireann, 1920 sa méid is a bhain sé le Deisceart na hÉireann. Rinne an Dáil achtú ar Acht um Bunreacht Shaorstáit Éireann, 1922, a bhí bunaithe ar théarmaí an Chonartha, chun Bunreacht Shaorstáit Éireann a chur i bhfeidhm. Chuir an Bunreacht scaradh cumhachtaí idir codanna feidhmeannais, reachtúil agus breithiúnach an rialtais i scríbhinn. Ar an taobh breithiúnach de, bunaíodh Cúirt Uachtarach, Ard-Chúirt agus cúirteanna le dlínse áitiúil agus teoranta. Chuir an Bunreacht ceart achomhairc ó chúirteanna na hÉireann chuig Coiste Breithiúnais na Ríchomhairle ar fáil.

Bhí an t-aistriú chuig an gcóras cúirte nua níos casta mar gheall go raibh dhá chóras cúirte ag feidhmiú tar éis 1920: an gnáthchóras cúirte agus 'cúirteanna na Dála'. Bhí cúirteanna na Dála comhdhéanta as Cúirt na Paróiste, a láimhseáil den chuid is mó mioncheisteanna sibhialta agus coiriúla, an Chúirt Dúiche a láimhseáil ceisteanna sibhialta agus coiriúla níos tromchúisí agus a d'éist le hachomhairc ó Chúirt na Paróiste, Cúirt Chuarda a bhí comhdhéanta de cheithre chuaird, le dlínse sibhialta agus coiriúil neamhshrianta, agus Cúirt Uachtarach, a d'fheidhmigh mar chúirt chéadchéime agus cúirt achomhairc araon. Cé gur éirigh le muintir na Breataine iad a choinneáil faoi chois i mBaile Átha Cliath, bhí na cúirteanna seo ag feidhmiú go rathúil ina áiteanna eile. Tar éis don Chonradh a bheith sínithe, chuir an Dáil deireadh leis na cúirteanna seo agus ghlac sí leis an gcóras cúirte a bhí cruthaithe faoi Acht 1920. Chinn na cúirteanna a bunaíodh tar éis Bhunreacht Shaorstáit na hÉireann go raibh cinntí chúirteanna na Dála ar neamhní faoin dlí (féach R (Kelly) v Maguire [1923] 2 I.R. 58).

In Eanáir 1923 ceapadh an Coiste Breithiúna, a raibh an t-iar-Ard-Seansailéir an Tiarna Glenavy ina chathaoirleach air, chun comhairle a chur ar an gComhairle Feidhmeannais (Comhaireacht) maidir le córas cúirte nua a bhunú. Glacadh le cuid mhór de mholtaí na Coiste san Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924. Chruthaigh sé Cúirt Dúiche chun teacht i gcomharba ar an gcúirt ghearr agus an Giúistís Síochána. Bhí Breithiúna na Cúirte Dúiche ina mbreithiúna gairmiúla agus bhí dlínse acu ar mhioncheisteanna sibhialta agus coiriúla. Bhí dlínse ag an gCúirt Chuarda in ábhair shibhialta agus coiriúla ní ba thromchúisí. Ar an taobh sibhialta, tháinig sí i gcomharba na cúirte dúiche, agus ar an taobh coiriúil, thóg sí an dlínse a mbíodh ag an gcúirt seisiúin. Bhí dlínse achomhairc aici ar chásanna Cúirte Dúiche. Cruthaíodh Ard-Chúirt a raibh an dlínse chéanna aici leis an dlínse a bhí molta faoi Acht 1920. Ar an taobh coiriúil de, coinníodh an chuid is mó de chionta tromchúiseacha, ar nós dúnmharú, don chúirt sin. Bhí Uachtarán na hArd-Chúirte le bheith i gceannas ar an gcúirt. Bunaíodh Cúirt Achomhairc Choiriúil chomh maith chun achomhairc ón gCúirt Chuarda agus ón Ard-Chúirt a éisteacht. Rinneadh foráil i gcomhair ceart breise achomhairc chuig an gCúirt Uachtarach ar phointe dlí a mbaineann leas eisceachtúil an phobail leis. Cruthaíodh an Chúirt Uachtarach mar chúirt achomhairc deiridh, a mbeadh Príomh-Bhreitheamh i gceannas uirthi.

Bunreacht Nua

Cóipeáladh an struchtúr seo i mBunreacht 1937 agus arís nuair a rinne athbhunú ar na cúirteanna i 1961 (rud a mba ghá a dhéanamh mar thoradh ar achtú Bhunreacht nua i 1937), agus tá sé fós mar an gcéanna sa lá atá inniu ann. Bhí dlíthe coiteanna agus dlíthe reachtúla réamh-1922 fós i bhfeidhm sa mhéid is gur tháinig siad leis an mBunreacht.

Rinneadh leasú ar Bhunreacht1922 go mionmhinic suas go dtí 1936, agus ag an bpointe sin bhí gach rian den Chonradh bainte de. I measc na leasuithe seo fuarthas réidh leis an mionn dílseachta, cuireadh deireadh leis an gceart achomhairc a dhéanamh chuig an Ríchomhairle, fuarthas réidh le gach tagairt don Choróin, fuarthas réidh leis an Seanad agus post an tSeanascail, agus tugadh an chumhacht don Chomhairle Feidhmeannais dul i mbun conarthaí idirnáisiúnta agus ionadaithe taidhleoireachta a cheapadh.

I 1937, faoi rialtas Fhianna Fáil, rinneadh dréachtú ar Bhunreacht nua, cuireadh faoi phobalbhreith (reifreann) é agus ghlac na toghthóirí leis. Bhí an Bunreacht seo comhionann le ceann 1922 mar a bhí sé leasuithe, den chuid is mó. Bhí éiteas poblachtach Eamon de Valera, an té ba mhó a bhí gníomhach ina dhéanamh, le feiceáil ann freisin ina éileamh ar cheannas ar Thuaisceart Éireann agus i mbunú Uachtarán na hÉireann mar cheannaire an stáit. Ina theannta sin, bhí bille na gceart breisithe curtha leis agus athainmníodh an Stáit mar Éire. Chuir Acht Phoblacht na hÉireann, 1948 an deighilt leis an mBreatain i gcrích. Rinne sé foráil go dtabharfaí Poblacht na hÉireann ar an stáit, agus tharraing sé siar as an gComhlathas é.

Bhí tuilleadh leasaithe ar an mBunreacht riachtanach mar thoradh ar bhallraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach, a raibh géilleadh roinnt ceannais agus fo-ordú dhlí náisiúnta do dhlí na hEorpa riachtanach dó. Ina theannta sin, bhí leasú suntasach curtha i bhfeidhm mar thoradh ar Aontas Aoine an Chéasta, nuair a bhain Éire a héileamh tíriúil ar Thuaisceart Éireann as an mBunreacht agus cuireadh an prionsabal aontas trí thoiliú ina áit.