Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

An raibh a fhios agat?

Cnámharlaigh aimsithe i dteach cúirte

Fuarthas taisí dhá chnámharlach ar a laghad faoi urláir sheomraí ar chúl na Cúirte Dúiche nuair a bhí athchóiriú á dhéanamh ar theach cúirte Shligigh. Bhí siad araon fireann. Déagóir ab ea duine acu agus b'aosach an duine eile. Chuir a lán daoine spéis sa scéal nuair a chuala siad go raibh siad araon gan cheann, ach ní gá míniú urchóideach a thabhairt air mar scéal mar corraíodh iad ní ba dhéanaí.

Bhí an dá chnámharlach sínte ar a ndroim lena lámha thar a chéile trasna a bpeilbheas. Bhí tairní agus adhmad leo a léirigh gur adhlacadh iad i gconraí, agus ba léir ó chnaipí a fuarthas thart faoina nglúine gurbh in éadaí a adhlacadh iad agus ní i dtaiséadaí na marbh. Tógadh teach seisiún i 1780 agus príosún mar chuid de, agus tógadh an príomhfhoirgneamh atá ann faoi láthair idir 1876 agus 1879. Is dócha gur adhlacadh an dá chorp i ndiaidh thógáil na bliana 1780 agus roimh thógáil tí nua na cúirte go déanach sna 1870í. Dhéantaí cimí a fuair bás sa phríosún nó a cuireadh chun báis a adhlacadh san áit ba chóngaraí a bhí le fáil agus b'in seomra oscailte ar chúl an phríosúin. Ní dócha go mbíodh an seomra seo á úsáid ag aon ghrúpa eile seachas na príosúnaigh iad féin agus d'fhéadfadh sé a bheith in úsáid acu mar ionad oscailte oibre.

Droichead Uí Chonaill

Tá sé seo ar cheann de na droichid is cáiliúla i mBaile Átha Cliath agus is spéisiúla an bhaint atá leis na Ceithre Chúirt. Críochnaíodh an chéad droichead san áit a bhfuil Droichead Uí Chonaill anois i 1795. Carlisle Bridge a thugtaí air agus ba é James Gandon an fear a dhear na Ceithre Chúirt a dhear é. Ba léir go déanach sna 1870í go raibh an droichead ró-chaol agus fána ró-ghéar air don méadú mór a bhí tagtha ar thrácht na cathrach. Tugadh coimisiún do Phríomh-Innealtóir an Port and Docks Board, Bindon Stoney, athdhearadh a dhéanamh air. Rinne Stoney aithris ar shonraí ailtireachta Gandon agus chruthaigh sé droichead leibhéalta a bhí chomh leathan le Sráid Sackville (Sráid Uí Chonaill). Droichead uathúil atá ann sa mhéid is go bhfuil sé beagnach chomh leathan is atá sé fada. Ainmníodh é in onóir Dhónaill Uí Chonaill agus osclaíodh é i 1880. Mar sin, ní hamháin gurbh é an fear céanna a dhear an droichead agus a dhear na Ceithre Chúirt, ach tá ainm abhcóide cáiliúil air freisin.

An Leabharlann Dlí

Ní raibh leabharlann dlí ar bith ann ag deireadh an 19ú Céad. Bhíodh bailiúchán de shaothair dhlíthiúla ina dtithe féin ag na habhcóidí ba shaibhre. Bhíodh ar a gcomhghleacaithe nach raibh chomh gustalach dul go leabharlann Óstaí an Rí i Sráid Henrietta áit a bhféadfaidís na sonraí a bhí uathu a chóipeáil. Bhí deis ag ceannaí ó Bhaile Átha Cliath leabharlann dlí a cheannach. Rinne sé é sin agus chuir sé ar an gcé í os comhair na gCeithre Chúirt áit a bhféadfadh abhcóidí saothair dhlíthiúla a fháil ar iasacht ar réal in aghaidh an lae. Tugadh seomra sna cúirteanna dó ní ba dhéanaí chun go bhféadfadh sé a chuid oibre a dhéanamh ann. Cheannaigh coiste an Bharra an cnuasach nuair a fuair sé bás chun go bhféadfadh lucht na gairme sin leas a bhaint as. Cuireadh leis an mbailiúchán de réir a chéile ach scriosadh an t-iomlán nuair a dódh na Ceithre Chúirt i 1922.

Údar Dracula ag obair sna cúirteanna

Rugadh Bram (Abraham) Stoker i gCluain Tarbh i mBaile Átha Cliath i 1847 agus chuaigh sé chun staidéir i gColáiste na Tríonóide. Fuair sé post mar chléireach sa Chúirt Ghearr i gCaisleán Bhaile Átha Cliath nuair a bhain sé céim amach agus bhí sé ag obair ann nuair a scríobh sé a chéad leabhar 'The Duties of Clerks of Petty Sessions in Ireland'. Lámhleabhar don phost sin a bhí ann agus foilsíodh é i 1879. Phós sé Florence Balcombe i 1878 agus bhog sé leis go Londain, Shasana. Fuair sé post mar bhainisteoir an Lyceum Theatre agus bhí sé ina bhainisteoir ag Henry Irving a bhí ar dhuine de na haisteoirí ba m hó le ráag an am. Is é an t-úrscéal 'Dracula' a scríobh sé faoi vaimpír sa Trasalváin an t-úrscéal gotach is cáiliúla dar scríobhadh riamh. Is é sin an t-úrscéal is mó díola ar domhan agus níor díoladh ní ba mhó cóipeanna riamh d'aon leabhar eile ach amháin an Bíobla. Spreag sé breis agus 700 scannán nó bhí tionchar aige orthu. Fuair sé bás sa bhliain 1912 agus créamadh é ag Reilig Golders Green i Londain.