Athbhreithniú inmheánach agus achomharc
Do cheart chun athbhreithniú agus achomharc a dhéanamh
Tá roinnt forálacha leagtha amach san Acht chun faisnéis íogair a chosaint i gcás go bhféadfadh dochar do leas an Stáit nó Tríú Páirtithe a bheith mar thoradh ar scaoileadh na faisnéise sin. Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh i gcás go mbainfeadh Roinn nó Oifig úsáid as na forálacha sin chun faisnéis a choinneáil siar. D'fhéadfá achomharc a dhéanamh freisin in aghaidh cinntí maidir le hiarchur (cur siar), táillí, cineálacha rochtana, diúltú taifead a cheartú a bhfuil faisnéis phearsanta ann, diúltú cúiseanna a thabhairt agus mar sin de.
Is iad seo a leanas na nósanna imeachta maidir le hachomharc:
Athbhreithniú inmheánach
Féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach a iarraidh ar an gcéad chinneadh sna cásanna seo a leanas:
» go mbeidh tú míshásta leis an gcéad fhreagra a gheobhaidh tú - is é sin diúltú faisnéise, cineál rochtana, táillí, etc.,
nó
» mura bhfuil freagra faighte agat laistigh de 4 seachtaine den chéad iarratas a rinne tú. Caithfear leis sin mar diúltú i leith d'iarratais agus beidh cead agat athbhreithniú inmheánach a iarraidh mar gheall air sin.
Oifigeach ar leibhéal níos airde a dhéanfaidh an t-athbhreithniú inmheánach seo.
Baineann táille €30 le hiarratais le haghaidh athbhreithnithe inmheánacha. Bíonn táille laghdaithe €10 iníoctha ag sealbhóirí cárta leighis. Beidh tú ábalta tuilleadh eolais a fháil sa mhír maidir le táillí.
Iarratais le haghaidh athbhreithnithe inmheánaigh
Ba cheart duit d'iarratas i scríbhinn le haghaidh athbhreithnithe inmheánaigh a sheoladh chuig:
Ms. Miriam O'Flanagan
Oifigeach um Shaoráil Faisnéise
Aan tSeirbhís Chúirteanna 15/24
Sráid an Fhionnuisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7.
Teileafón +353 1 888 6464
Ríomhphost: foi@courts.ie
Ní mór duit iarratas a dhéanamh le haghaidh athbhreithnithe inmheánaigh laistigh den chéad 4 seachtaine i ndiaidh an chéad chinnidh.
Cuirfimid an t-athbhreithniú inmheánach i gcrích laistigh de 3 seachtaine.
Athbhreithniú ag an gCoimisinéir
Má bhíonn tú míshásta le cinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh féadfaidh tú a iarraidh athbhreithniú neamhspleách a bheith déanta ag an gCoimisinéir Faisnéise faoi alt 22 den Acht um Shaoráil Faisnéise.
Féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh a bheith déanta ag an gCoimisinéir Faisnéise i gcás nach bhfuil freagra faighte agat ar d'iarratas le haghaidh athbhreithnithe inmheánaigh laistigh de 3 seachtaine.
Is féidir iarratais i scríbhinn a dhéanamh go díreach chuig an gCoimisinéir Faisnéise ag an seoladh seo a leanas;
Oifig an Choimisinéara Faisnéise,
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.
Teileafón +353 1 639 5689
Íosghlao 1890 253238
Facs +353 1 639 5674 nó +353 1 639 5676
Ríomhphost: info@oic.gov.id
Gréasán: www.oic.gov.ie
Achomharc chun na hArd-Chúirte
Ceadaítear le hAlt 24 den Acht achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte.
Le tuilleadh eolais a fháil maidir le do cheart achomhairc féach alt 24 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.