Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Glaoite i gcomhair seirbhís giúiré

Iarrann do thoghairm ort freastal i gcomhair seirbhís giúiré ar an dáta agus ag an am a luaitear. Léigh an toghairm go cúramach ag tabhairt aird ar leith ar an liosta daoine nach bhfuil intofa, atá dícháilithe nó atá saortha ó cheart. Má tá tusa in aon cheann de na catagóirí seo, cuir in iúl cé acu catagóir ar an bhfoirm freagra agus ag insint go gairid cén fáth atá leis. Bain an fhoirm freagra agus seol ar ais é sa chlúdach litreach réamhíoctha atá curtha ar fáil.

Más mian leat iarratas a dhéanamh a bheith saor ó sheirbhís ghiúiré, is faoin gCláraitheoir Contae atá sé an cinneadh sin a dhéanamh agus ba chóir duit do chúiseanna a thabhairt chomh soiléir agus is féidir ar fhoirm J2. Ba chóir duit aon teastais nó aon cháipéisí a thacaíonn le d'iarratas a chur faoi iamh. Ní féidir le duine eile iarratas a dhéanamh ar do shon ach i gcúinsí eisceachtúla, mar shampla nuair atá tú róthinn nó róghortaithe chun iarratas a dhéanamh tú féin. Ní féidir le fostóir iarratas a dhéanamh ar son aon fhostaí áfach.

Ba chóir duit an chuid eile de do thoghairm a choinneáil i gcomhair tagartha, agus má bhíonn tú ag freastal i gcomhair seirbhíse giúiré, é a thabhairt leat go dtí an chúirt.

Tinneas

Má thagann tinneas ort i ndiaidh duit an fhoirm atá ceangailte leis an toghairm a sheoladh ar ais, ba chóir duit oifig an Chláraitheora Contae a chur ar an eolas láithreach agus teastas leighis a sheoladh chucu. Beidh an seoladh ar thosach na toghairme.

Comhfhreagras

Má bhíonn ort scríobh chuig an gCláraitheoir Contae, luaigh an uimhir atá scríofa ag barr an chéad leathanaigh den toghairm, áit a bhfuil a (h)ainm agus a s(h)eoladh léirithe freisin.

Iompar

Ní chuirimid áiseanna páirceála ar fáil ag ár n-ionaid cúirte. Níl aon discréid ag an gCláraitheoir Contae i leith fíneáil páirceála. Molaimid go n-úsáideann tú córas iompair poiblí nó go dtéann tú i gcomhairle leis an oifig cúirte cuí chun eolas a fháil faoi áiseanna páirceála in aice theach na cúirte.