Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

I dtaobh na gcúirteanna

Céard a dhéanann na cúirteanna

Tá a chóras cúirteanna féin ag gach aon tír agus tá an-difríocht idir roinnt acu agus an córas atá againne. Tá an aidhm chéanna acu go léir áfach: féachaint chuige go ndéantar an ceartas a riaradh.

Bíonn dhá chineál cás cúirte againn in Éirinn: caingne sibhialta agus ionchúisimh choiriúla. Is é gnó na cúirte féachaint chuige go mbíonn toradh cothrom cóir réasúnta ar gach cás.

Má bhíonn easaontas idir daoine faoi cheisteanna fíorais nó ceisteanna dlí a bhfuil baint acu lena gcearta dlíthiúla is féidir iad sin a réiteach trí phróiseas ar a dtugtar caingean sibhialta. Tionscnaíonn daoine aonair caingne sibhialta in aghaidh daoine aonair eile nó in aghaidh eagraíochtaí. Ní bhíonn páirt ar bith ag an stát ina leithéid de chásanna de ghnáth. I measc na gcásanna seo bíonn éilimh maidir le díobháil phearsanta de bharr timpistí bóthair, caingne de bharr bhriseadh conartha agus conspóidí faoi chearta slí nó ceadanna pleanála. Is í an aidhm is minice a bhíonn le héileamh sibhialta ná cúiteamh nó airgead dlite a fháil.

Is é an stát a thugann na hionchúisimh choiriúla ar aghaidh, agus is é Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí a bhíonn i mbun na hoibre de ghnáth. Baineann na hionchúisimh seo de ghnáth le rudaí a mheastar a bheith mícheart nó in aghaidh an dlí mar dhúnmharú, éigniú, goid agus robáil. Is éard an aidhm atá leis an dlí coiriúil ná pionós a ghearradh agus is le téarma príosúnachta nó fíneáil a dhéantar é seo de ghnáth.

Is é an breitheamh féin gan giúiré ar bith a thugann breithiúnas in a lán cásanna ar nós caingne díobhálacha pearsanta agus mionchoireanna tráchta. Breitheamh agus giúiré a dhéanann coireanna tromchúiseacha coiriúla a thriail mar aon le roinnt cásanna sibhialta ar nós leabhail agus clúmhillte. I gcásanna den sórt sin tabharfaidh an breitheamh treoir don ghiúiré ar cheisteanna dlí ach is é an giúiré a chaithfidh na fíricí a mheas agus breith a thabhairt.

Céard a dhéanann na cúirteanna

Tá ceithre chineál cúirte éagsúla in Éirinn, mar atá: an Chúirt Dúiche, an Chúirt Chuarda, an Ard-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach. Bíonn gach cúirt díobh ag plé le cásanna de chineálacha faoi leith.

An Chúirt Dúiche

Tá an Chúirt Dúiche eagraithe ar bhonn réigiúnach ar fud na tíre. Pléann sí le caingne sibhialta nach mó ná €15,000 an cúiteamh atá á éileamh. Pléann sí freisin le cásanna faoi cheadúnaithe alcóil agus le réimse leathan de chásanna dlí teaghlaigh, ina measc coimeád agus cothabháil leanaí agus iarratais ar orduithe urchoisc. Lena chois sin is ea a phléann an Chúirt Dúiche le cásanna mar thiomáint mheisciúil, tiomaint ró-thapa, ionsaithe, damáiste coiriúil, agus an chéad éisteacht a thugtar do chásanna faoi choireanna tromchúiseacha coiriúla a thriailfear i gcúirteanna níos airde. Breitheamh amháin ina shuí ina aonar a phléann le cásanna mar seo. Féadfaidh tomhaltóirí leas a bhaint as nós imeachta sa Chúirt Dúiche ar a dtugtar an Nós Imeachta um Éilimh Bheaga chun suimeanna airgid chomh hard le €2,000 a fháil ar ais.

An Chúirt Leanaí

Is féidir leis an gCúirt Dúiche leanbh nó duine óg a chur ar a dtriail de bharr coire ar bith ach amháin dúnbhású ar an gcoinníoll, i gcásanna áirithe, gur insíodh do thuismitheoirí an linbh nó don duine óg faoin gceart atá acu triail le giúiré a bheith acu, ach gur thoiligh siad go ndéanfadh an chúirt dúiche an cás a phlé. Déileálann Cúirt Leanaí na Cúirte Dúiche i gCorcaigh, Luimneach agus i bPort Láirge le cúisimh in aghaidh leanaí faoi bhun 16 bliana d'aois, ach amháin le cúiseamh fíor-thromchúiseach nó i gcásanna a mheasann an breitheamh go bhfuil cúinsí speisialta i gceist leo. Bíonn seisiúin na Cúirte Leanaí ar siúl sa seomra céanna ina mbíonn seisiúin na Cúirte Dúiche. Tá Cúirt Leanaí faoi leith i mBaile Átha Cliath a shuíonn gach lá oibre. Is i seomra nó i bhfoirgneam h faoi leithnach mbíonn gnáthshuíonna cúirte ar siúl iontu á éistear le cúiseamh in aghaidh leanaí in ionaid eile, nó éistear leo ag amanna nó ar laethanta eile. Cúirteanna d'Ógánaigh a thugtar orthu.

An Chúirt Chóireála Drugaí

Cúirt speisialaithe faoi leith i gCathair Bhaile Átha Cliath is ea an Chúirt Chóireála Drugaí a bhfuil sé d'aidhm aici cóireáil a chur ar andúiligh in áit iad a chur i bpríosún. Pléann an chúirt seo le ciontóirí síochánta arb é a n-andúil féin is cúis lena mí-iompar agus ní dúil san airgead. Is í aidhm an chláir ná cóireáil fhadtéarmach faoi mhaoirseacht na cúirte a chur ar fáil do chiontóirí atá ag mí-úsáid drugaí. Is é bunphrionsabal an chláir ná gur ghá déileáil leis an andúil féin ar dtús, ós í sin foinse na gcionta, agus ansin ní bheidh gá ag an duine ciontú arís.

0Roghnaíodh tuaisceart lár na cathrach i mBaile Átha Cliath mar sprioc-cheantar do chéim phíolótach an tionscnaimh. Tá níos mó clár cóireála le fáil sa cheantar sin ná sa chuid eile de réigiún Bhord Sláinte an Oirthir agus bhí tionchar aige seo ar an gcinneadh. Beartaíodh leanúint ar aghaidh leis an scéim phíolótach ar feadh tréimhse eile i 2003 agus leathnaíodh amach í go Ceantar Baile Átha Cliath 7. Rinneadh cinneadh i 2006 an Chúirt Chóireála Drugaí a chur ar fáil do chathair Bhaile Átha Cliath go léir.

An Chúirt Chuarda

Is ar bhonn réigiúnach atá an Chúirt Chuarda eagraithe. Déileálann sí le cásanna sibhialta nach mó ná €75,000 iad. Is féidir léi déileáil freisin le cásanna faoi cheadúnaithe alcóil agus le réimse leathan de chásanna dlí teaghlaigh, colscaradh agus scaradh breithiúnach ina measc. Bíonn breitheamh agus giúiré ina suí sa Chúirt Chuarda nuair a bhíonn cúrsaí coiriúla i gceist, agus is féidir leis an gcúirt seo déileáil le gach rud ach amháin na cionta is tromchúisí mar dhúnmharú agus éigniú. Éisteann an Chúirt Chuarda achomhairc ón gCúirt Dúiche maidir le ceisteanna sibhialta agus coiriúla.

An Chúirt Choiriúil Speisialta

Suíonn triúr breithiúna gan giúiré ar bith acu sa Chúirt Choiriúil Speisialta. Cúiseamh coiriúil a bhaineann le heagraíochtaí sceimhlitheoireachta is mó a bhíonn idir lámha acu. Bíonn cúiseamh á phlé acu le déanaí a bhaineann le gníomhaíocht eagraithe drugaí. Bhunaigh an Rialtas an chúirt seo chun cásanna a éisteacht nach bhféadfaí a éisteacht sna gnáthchúirteanna ar eagla go ndéanfaí imeaglú ar an ngiúiré.

An Phríomh-Chúirt Choiriúil

Tugtar an Phríomh-Chúirt Choiriúil ar an Ard-Chúirt nuair a bhíonn sí ag plé cásanna coiriúla. Triaileann sí na cionta is tromchúisí mar dhúnmharú agus éigniú nach féidir leis an gCúirt Chuarda déileáil leo. Breitheamh agus giúiré a thriaileann na cásanna seo. Is i mBaile Átha Cliath amháin a shuíodh an chúirt seo go dtí le déanaí, ach tá sí tar éis gluaiseacht le déanaí go hionaid eile mar Chorcaigh, Luimneach, Sligeach, Port Láirge agus Caisleán an Bharraigh.

An Ard-Chúirt

Suíonn an Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath agus tá sé de chumhacht aici gach cás coiriúil agus sibhialta (cásanna dlí teaghlaigh san áireamh) a éisteacht ach de ghnáth ní éisteann sí ach leis na cásanna sin nach féidir leis na cúirteanna níos ísle déileáil leo. Ciallaíonn sé seo go n-éisteann sí le caingne sibhialta nuair atá breis agus €38,000 á éileamh. Éisteann sí le hachomhairc freisin ón gCúirt Chuarda maidir le ceisteanna sibhialta.

An Chúirt Achomhairc Choiriúil

Éisteann an Chúirt Achomhairc Choiriúil le hachomhairc áirithe a bhaineann le cionta coiriúla nó le pianbhreitheanna na Cúirte Cuarda, na Príomh-Chúirte Coiriúla nó na Cúirte Coiriúla Speisialta.

An Chúirt Uachtarach

Is í an Chúirt Uachtarach an chúirt is airde in Éirinn agus éisteann sí le hachomhairc ón Ard-Chúirt agus anois agus arís le hachomhairc ón gCúirt Achomhairc Choiriúil. Tá sé de chumhacht ag an Uachtarán faoi réir alt 26 de Bhunreacht na hÉireann aon bhille a ritheann an tOireachtas a sheoladh chun na Cúirte Uachtaraí le cinneadh a dhéanamh an bhfuil sé bunreachtúil nómíbhunreachtúil. Is féidir leis an gCúirtU achtarach rialú faoi cheisteanna dlí a tharraingítear anuas sa Chúirt Chuarda.

An chaoi a d'fhéadfadh páirt a bheith agat i bpróiseas nacúirte.

Is é an bealach ba dhóichí go mbeadh páirt agat sna cúrsaí seo ná go dtionscnófá caingean tú féin, éilimh maidir le díobháil phearsanta mar shampla, nó toisc go n-iarrfaí ort freastal ar an gcúirt mar fhinné nó mar ghiúróir.

Má thionscnaíonn duine cás in aghaidh duine eile is é an páirtí gníomhach an té sin agus tugtar 'an dlíthí' air nó uirthi toisc páirt a ghlacadh i ndlíthíocht. 'An gearánaí' a thugtar ar dhuine a thionscnaíonn éileamh. 'An cosantóir' a thugtar ar dhuine a chosnaíonn in aghaidh éilimh.

'An t-íospartach' a thugtar de ghnáth ar an té a gortaíodh nó a chaill rud éigin de thoradh coire. Ní bhíonn íospartach an p(h)áirtí de na himeachtaí cúirte i gcás coiriúil mar is é an Stát féin a bhíonn i mbun an ionchúisimh.

Uaireanta iarrtar ar dhaoine a chonaic timpiste bóthair nó coir á dhéanamh teacht mar fhinnéithe agus an cás á thriail. Sa chás sin ní mór dóibh mionn a ghlacadh agus an fhírinne a mhaíomh i leith gach ceist a chuirtear orthu. Mionn éithigh a thugtar ar fhianaise bréige a thabhairt faoi mhionn. D'fheadfaí a iarraidh ar shaineolaithe mar innealtóirí nó dochtúirí teacht agus fianaise a thabhairt faoin réimse saineolais atá acu.

Tá triail le giúiré ar cheann de na cearta is bunúsaí i gcóras daonlathach. Roghnaítear daoine atá ar an gclár toghthóirí le bheith ina mbaill de ghiúiré agus má ghlaoitear ort caithfidh tú é sin a dhéanamh. Tá daoine mar ghardaí agus oifigigh phríosúin díolmhaithe ó sheirbhís ghiúiré agus is féidir le daoine mar dhochtúirí agus mic léinn lánaimseartha a scaoileadh ón dualgas seo freisin. Is coir é gan a bheith i láthair sa chúirt ar an dáta atá léirithe ar an toghairm ghiúiré. Dáréag a bhíonn ar ghiúiré, agus is é an dualgas a bhíonn orthu ag triail choiriúil ná cinneadh a dhéanamh an bhfuil an cúisí ciontach nó neamhchiontach. Déanann siad an fhianaise a mheas i dtriail shibhialta agus déanann siad cinneadh i bhfabhar an ghearánaí nó an chosantóra. Tugann an breitheamh treoir don ghiúiré faoi cheisteanna dlí, agus déanann sé (nó sí) coimriú ar an bhfianaise, ach is é an giúiré a dhéanann fíricí an cháis a mheas agus a thugann a bhreith.