Ailtireacht agus oidhreacht
Teach Cúirte Charraig Mhachaire Rois
Nasc gaolmhara
Oifig Cúirte Mhuineacháin
Tógadh an bunteach cúirte thart ar 1884. Tá sé suite ionas gurb é a fheictear ag deireadh phríomhshráid leathan an bhaile. Tá sé comhdhéanta de cúig bhá agus dhá stór; tá síneadh ag gach binn le bealaí isteach agus staighrí.
Tá tógáil an phríomhbhalla soladach agus é déanta d'aolchloch atá cóirithe go mion ar ingearchlóanna an aghaidh agus na taobhanna. Na hoibreacha a cuireadh i gcrích.
Oibreacha a rinneadh
Tar éis suirbhé agus scrúdú cuimsitheach a rinneadh i mí Feabhra 1998, bhí sé soiléir gur raibh athchóiriú iomlán ar an bhfoirgneamh ag teastáil mar go raibh lobhadh críon, taislobhadh agus ciaróga i ngach áit ann. Chun an scéal a leigheas agus bunstruchtúr agus creatlach an fhoirgnimh a chaomhnú, níor mhór an foirgneamh uilig a lomadh síos go dtí bunstruchtúr an bhalla agus trus dín. Ar an taobh istigh, caomhnaíodh agus rinneadh athchóiriú ar nithe bunúsacha ar nós coirnis, ceannbhrat agus colbha balcóin cúil. Mar gheall ar an mbail a bhí ar an troscán agus na feistithe a bhí ann - agus an gá a bhí ann reachtaíocht sláinte sábháilteachta agus leas ag an obair a chomhlíonadh- ba ghá iad a bhaint as agus feistithe nua a chuaigh leis an bhfoirgneamh a bhí ann a chur ina n-áit. Coinníodh an méid agus ab fhéidir de na fuinneoga agus na doirse inmheánacha agus nuair nach bhféadfaí iad a choinneáil (50% de na fuinneoga) cuireadh cinn nua a bhí díreach cosúil leis an mbuncheann ann. Níor mhór díon nua a chur air chomh maith.
Tá na háiseanna ag an bhfoirgneamh athchóirithe anois a theastaíonn chun an t-éileamh a bhíonn ar theach cúirte nua-aimseartha a chomhlíonadh. Tá seirbhísí meicniúla agus leictreacha nua ann agus tá córas micreafóin curtha isteach sa seomra cúirte le lúb ionduchtaithe dóibh siúd a bhfuil deacracht éisteachta acu. Tá seomra cúirte mór inrochtana curtha ar fáil le seomra an bhreithimh ar a chúl. Tá seomra do chleachtóirí dlí, seomraí comhairliúcháin, áiseanna leithris agus rochtain míchumais curtha ar fáil freisin.
Tá an foirgneamh athmhaisithe go hiomlán agus feistithe chuig caighdeán an-ard ag costas de EUR950,000 agus beidh sé ag comhlíonadh riachtanais na Seirbhíse Chúirteanna i gCarraig Mhachaire Rois agus sa cheantar máguaird go ceann i bhfad. D'atosaigh suíonna cúirte ag an teach cúirte i mBealtaine 2001.
Foireann tógála:
Ailtirí: Hamilton, Young Lawlor Ellison.
Suirbhéirí Cainníochta: Comhpháirtíocht Duffy Gaffney.
Comhairleoirí Meicniúla agus Leictreacha: Delap & Waller.
Innealtóirí Struchtúir: Fahy, Fitzpatrick.
Conraitheoir: Francis Haughey
Comhairleoirí Saoirseacht chloiche: Ailtirí David Slattery
D'oscail an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an tUasal John O'Donoghue, T.D. an teach cúirte athchóirithe go hoifigiúil ar an Déardaoin 7 Márta, 2002.