Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

An Phríomh-Chúirt Choiriúil

Nuair a bhíonn an Ard-Chúirt ag feidhmiú a dlínse coiriúil, tugtar an Phríomh-Chúirt Choiriúil uirthi. Tá sí seo comhdhéanta as breitheamh nó breithiúna na hArd-Chúirte. Suíonn an chúirt ag na hamanna agus sna háiteanna a ordaíonn Uachtarán na hArd-Chúirte agus trialann sí cásanna coiriúla atá taobh amuigh de dhlínse na Cúirte Cuarda.

Éisteann an chúirt trialacha dúnmharaithe agus éignithe den chuid is mó agus ó achtaíodh an tAcht Iomaíochta 2002, trialacha coiriúla faoin Acht sin freisin. Go traidisiúnta níor shuigh an chúirt ach i mBaile Átha Cliath.  Le blianta beaga anuas tá an chúirt tar éis suí i Luimneach, Sligeach, Inis, Corcaigh agus Caisleán an Bharraigh.

Is iondúil go mbíonn trialacha á stiúradh ag breitheamh amháin atá ag suí le giúiré de dháréag ach is féidir le hUachtarán na hArd-Chúirte ordú a thabhairt do bheirt bhreithiúna nó níos mó suí le chéile i gcomhair cás ar leith.

Féadfar achomharc in aghaidh ciontaithe nó pianbhreithe a thug an Phríomh-Chúirt Choiriúil a dhéanamh chuig an gCúirt Achomhairc.

 

 

 

_____________________________________________
Nuashonrú ar an leathanach seo ar an: 24 Lúnasa 2017.