Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Taobh istigh de sheomra an ghiúiré

Tar éis don bhreitheamh achoimre a dhéanamh ar an gcás, téann an giúiré chuig seomra an ghiúiré chun an breithiúnas a phlé. Ní mór don ghiúiré cinneadh a dhéanamh an bhfuil an ionchúiseamh tar éis a chruthú thar teora amhrais réasúnta go bhfuil an té a cúisíodh ciontach as an gcion/na cionta atá curtha ina leith. Ciallaíonn 'thar teora amhrais réasúnta' má tá dhá chúis tugtha sa chás agus gur míniú féideartha an dá cheann ar an méid a tharla, ba chóir don ghiúiré buntáiste an amhrais a thabhairt don té atá cúisithe.

Is féidir le giúróirí aon nótaí a thóg siad i rith an cháis agus cóip de na cúisimh agus na foilseáin a thabhairt leo.

Ní mór cinneadh an ghiúiré a bheith bunaithe ar an bhfianaise agus ar na treoracha a thugann an breitheamh. Níl cead ag an ngiúiré a thógáil san áireamh céard a d'fhéadfadh tarlú don té atá cúisithe má chiontaítear é/í.

I rith na machnaimh, níl cead ag an ngiúiré aon chumarsáid a dhéanamh leis an domhan taobh amuigh seachas nótaí a thabhair chuig cláraitheoir na cúirte ag iarraidh ar an mbreitheamh an dlí a mhíniú nó sonraí na fianaise a chur i gcuimhne dóibh.

Nuair a bhíonn an giúiré tar éis aontú ar chinneadh, filleann siad ar an gcúirt áit a gcuirtear ceist ar mhaor an ghiúiré an cinneadh a thabhairt.