Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Cúirteanna i mbun oibre

Fios feasa ar lucht na cúirte

Cé hiad na daoine sa seomra cúirte? - féach ár gcairt bhalla fios feasa ar lucht na cúirte.

A. Breitheamh a bhíonn i gceannas ar imeachtaí cúirte agus is iadsan a dhéanann cinneadh faoi aon cheist dlí a thagann chun cinn sa chás. Mura mbíonn giúiré ann don chás is é an breitheamh féin a thugann breith an bhfuil an cúisí ciontach nó neamhchiontach nó cé acu páirtí a bhuann caingean sibhialta.

B. Suíonn an cláraitheoir os comhair an bhreithimh chun aon ordú a thugann siad a thaifeadadh. Cuireann an cláraitheoir an giúiré agus na finnéithe faoi mhionn freisin.

C. Tá an gearrscríobhaí freagrach as gach rud a deirtear sa chúirt le linn cás a thaifeadadh go cruinn, lena n-áirítear rudaí a deir finnéithe. Athscríbhinn a thugtar ar an taifead seo.

D. Suíonn an finné ar leataobh an bhreithimh agus tugann fianaise sa chúirt phoiblí.

E. Suíonn an giúiré ar leataobh na cúirte áit a mbíonn radharc maith acu ar an mbreitheamh agus ar aon fhinné atá ann.

F. Cúntóir speisialta an bhreithimh is ea an giolla cúirte. I measc na ndualgas atá aige nó aici bíonn ar an ngiolla seo a fhógairt go bhfuil an breitheamh ag teacht chun na cúirte nó ag imeacht.

G. Bíonn an t-abhcóide os comhair an bhreithimh agus na bhfinnéithe. Is é gnó an abhcóide cás a gcliaint a chur, an dlí iomchuí a lua agus na finnéithe a cheistiú faoin bhfianaise a thugann siad. Is é an t-aturnae a fhostaíonn an t-abhcóide thar ceann a gcliaint.

H. Suíonn an t-aturnae os comhair an abhcóide agus tugann treoracha dó nó di le linn an cháis. Oibríonn an t-aturnae i gcomhar leis an abhcóide agus leis an gcliant agus iad ag ullmhú don chás agus bailiú fianaise. Tá aturnae cosúil le habhcóide sa mhéid is gur féidir leis nó léi cás a c(h)liant a chur, an dlí iomchuí a lua agus na finnéithe a cheistiú faoin fhianaise a thugann siad.

Cás coiriúil

Treoir thapa do chás choiriúil

Gabhadh Micheál agus cuireadh ina leith go ndearna sé gortú tromchúiseach do chúntóir siopa darbh ainm Linda. Deir an t-ionchúiseoir gur bhrúigh Micheál Linda síos ar an gcuntar agus gur bhuail sé a ceann ina choinne arís is arís eile sa chaoi is gur bhris sé blaosc a cinn. Tá Micheál tar éis a insint dá dhlíodóir gur chuir an cúntóir siopa ina leith go ndearna sé iarracht goid ón siopa. Deir sé gur ionsaigh Linda é, agus gur thit sí agus gurbh in é an chaoi ar gortaíodh í.

Labhraíonn abhcóide thar cheann Mhichíl. Tá treoracha faighte aigesean (nó aicise) ó aturnae. Is é an stát a thugann an t-ionchúiseamh ar aghaidh agus labhraíonn aturnae a fuair treoracha ón bPríomh-Abhcóide Ionchúisimh thar a cheann. Cúisíodh Micheál sa Chúirt Dúiche ar dtús ach cuireadh ar aghaidh go dtí an Chúirt Chuarda é lena thriail toisc a thromchúisí is a bhí an cion. Cinntíonn an Breitheamh sa Chúirt Chuarda go reáchtáiltear an triail ar bhealach cothrom cóir i gcónaí. Ní thugann an Breitheamh cead don stát fianaise a thabhairt gur ciontaíodh Micheál cheana féin de bharr ionsaí a dhéanamh. Níl cead ag abhcóide treoircheisteanna a chur. Is ceisteanna iad sin a chuireann i dtuiscint dá bhfinnéithe féin na freagraí atá ag teastáil. Níl cead ag abhcóide Mhichíl, mar shampla, ceist a chur air "Nár chuir Linda i do leith gur ghoid tú ón siopa?"

Cloiseann an giúiré an fhianaise go léir a chuirtear os a gcomhair mar aon le fianaise na bhfinnéithe súl a bhí sa siopa nuair a tharla an eachtra, agus éisteann siad le haighnis na ndlíodóirí. Labhraíonn an breitheamh leis an ngiúiré ansin. Tugann sé gearrchuntas dóibh ar na fíricí ábhartha agus míníonn na prionsabail dlíthiúla atá i gceist. Míníonn sé go háirithe nach féidir leo Mícheál a chiontú mura bhfuil siad sásta 'gan aon amhras réasúnach' go bhfuil sé ciontach. Imíonn an giúiré leo ansin go seomra eile chun an fhianaise go léir atá cloiste acu a mheas. Nuair a fhilleann siad ar an gcúirt insítear don bhreitheamh go bhfuair siad Micheál ciontach as an gcoir a cuireadh ina leith. Caithfidh an breitheamh cinneadh a dhéanamh ansin an pionós a ghearrfaidh sé air ach gan an méid a cheadaítear don choir sin a shárú.

Cás sibhialta

Treoir thapa do chás choiriúil

D'fhostaigh Máire comhlacht tógálaithe darbh ainm Fab Construction chun a teach nua a athchóiriú agus a mhéadú. Dúirt sí nach raibh sí sásta le caighdeán na hoibre nuair a chríochnaigh siad í. Dhiúltaigh sí íoc as, agus thug na tógálaithe treoir dá n-aturnaetha dul chun dlí léi sa Chúirt Chuarda chun an € 20,000 a fháil a deir siad atá ag dul dóibh faoi théarmaí an chonartha thógála a rinne siad i scríbhinn léi. Is é Fab Construction an gearánaí sa chás seo agus is í Máire an cosantóir.

Ullmhaíonn aturnaetha Fab Construction cáipéis ar a dtugtar bille sibhialta sula dtéann an cás chun cúirte. Míníonn sé seo an bunús atá lena n-éileamh agus déantar é a lóisteáil in oifig na Cúirte Cuarda. Déanann aturnaetha Mháire díospóid in aghaidh an éilimh, agus ullmhaíonn siad cáipéis ar a dtugtar cosaint is a deir nár chríochnaigh na tógálaithe an obair de réir sonraíochtaí Mháire agus nach bhfuil aon airgead ag dul dóibh dá bharr sin. Shocraigh Máire agus Fab Construction roimh éisteacht na cúirte go ndéanfadh a n-innealtóirí foirgníochta féin an teach a iniúchadh le chéile.

Bhí a n-abhcóide féin acu freisin lá na héisteachta le labhairt ar a son sa chúirt. Ghlaoigh Fab Construction ar a n-innealtóir mar fhinné saineolach le cuntas a thabhairt ar an obair a rinneadh ar theach Mháire agus le fianaise a thabhairt go raibh an obair sin sásúil. Thug innealtóir Mháire fianaise nach ndearnadh taisdíonadh ar an áit i gceart de réir na dtreoracha a thug sí. D'éist an breitheamh le fianaise an dá thaobh agus leis na hargóintí dlíthiúla. Ghlac sé le fianaise Fab Construction go ndearnadh formhór na hoibre de réir an chonartha thógála. Ghlac sé le fianaise Mháire freisin go raibh fadhb fós ann maidir le taise. Ar an ábhar sin ceadaigh sé lacáiste de €5,000 ar an méid a bhí ag dul do na tógálaithe agus d'ordaigh sé di €15,000 a íoc. D'ordaigh sé freisin go n-íocfadh Máire costais dlíthiúla na dtógálaithe maidir leis an gcaingean.

Ní gá don ghearánaí a chur ina luí ar an mbreitheamh i dtriail shibhialta go bhfuil an ceart aige nó aici 'gan aon amhras réasúnach'. Is leor an cás a chruthú ar chothrom na dóchúlachta ? ciallaíonn sé seo go gcaithfidh an gearánaí a chruthú go bhfuil a leagan féin den scéal níos cosúla nó níos inchreidte ná leagan an chosantóra.