Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Cúirt Achomhairc na nArmchúirteanna

Éisteann Cúirt Achomhairc na nArmchúirteanna achomhairc ó dhaoine a ciontaíodh trí armchúirt. Tá cinneadh an achomhairc bunaithe ar thaifead de na himeachtaí ag an armchúirt leis an gcumhacht fianaise nua nó breise a éisteacht nó aon ábhar a chur ar aghaidh chuig uachtarán nó chuig abhcóide breithiúnais na harmchúirte. Má tá an t-achomharc i gcoinne an breithiúnais agus na pianbhreithe, is féidir leis an gcúirt an breithiúnas a dhearbhú nó a fhreaschur ina iomláine nó i bpáirt, nó triail nua a ordú nó an phianbhreith a athrú. Má tá an t-achomharc teoranta don bhreithiúnas nó don phianbhreith, ní ceadmhach don chúirt ach amháin an t-ábhar atá i gceist san achomharc a phlé. Tá sé de chumhacht ag an gcúirt athbhreithniú a dhéanamh ar bhreithiúnas nó ar phianbhreith (a raibh achomharc déanta ina leith cheana féin) nuair a léiríonn fianaise nua go raibh iomrall ceartais ann. Níl aon dul siar ar chinneadh Chúirt Achomhairc na nArmchúirteanna seachas má dhearbhaíonn an chúirt nó an tArd-Aighne go bhfuil pointe dlí i gceist sa chinneadh a mbaineann leas eisceachtúil an phobail leis agus go mbeadh sé chun sochar do leas an phobail dá dtógfaí achomharc chuig an gCúirt Uachtarach.