Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

An Chúirt Uachtarach

Naisc ghaolmhara
Breithiúna na Cúirte Uachtaraí
Oifig An Chúirt Uachtarach
Láithreán gréasáin an Chúirt Uachtarach

Is í an Chúirt Uachtarach, a bunaíodh de bhun Airteagal 34 de Bhunreacht na hÉireann, an chúirt achomhairc dheiridh in Éirinn.

Comhdhéanamh na cúirte

Tá an Chúirt Uachtarach comhdhéanta de Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann, ar Uachtarán na Cúirte é, agus de naonúr Gnáthbhreithiúna. Is comhaltaí de bhrí oifige den Chúirt Uachtarach iad Uachtarán na Cúirte Achomhairc agus Uachtarán na hArd-Chúirte.

I bhformhór na gcásanna, is le comhdhéanamh triúr nó cúigear breithiúna agus, in imthosca neamhchoiteanna, le comhdhéanamh seachtar breithiúna a shuíonn an Chúirt. Nuair atáthar ag éisteacht cásanna a bhaineann le bailíocht bhunreachtúil Achta den Oireachtas (an pharlaimint), ceanglaítear leis an mBunreacht go bhfuil an chúirt comhdhéanta de chúigear breithiúna ar a laghad. Tá feidhm ag an gceanglas sin freisin i gcásanna ina n-iarrtar ar an gCúirt tuairim a chur in iúl maidir le bailíocht bhunreachtúil Bille arna ghlacadh ag an Oireachtas nuair a chuireann Uachtarán na hÉireann an iarraidh sin faoina bráid faoi Airteagal 26 den Bhunreacht.  Is gá cúigear breithiúna ar a laghad a bheith ann freisin sa chás nach mór don Chúirt breith a thabhairt, de bhun Airteagal 12 den Bhunreacht, ar cé acu a ghabh nó nár ghabh míthreoir bhuan an tUachtarán.

Féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh nó breitheamh den Chúirt Uachtarach suí leis féin chun iarratais idirbhreitheacha áirithe nó iarratais nós imeachta áirithe a éisteacht.

An tOrd Tosaíochta i measc na mbreithiúna

Foráiltear leis an Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, arna leasú, don ord tosaíochta seo a leanas idir breithiúna den Chúirt Uachtarach:

(i) an Príomh-Bhreitheamh;

(ii) Uachtarán na Cúirte Achomhairc;

(iii) Uachtarán na hArd-Chúirte;

(iv) na breithiúna den Chúirt Uachtarach a bhí ina bPríomh-Bhreitheamh roimhe sin, de réir thosaíocht a gceapacháin mar Phríomh-Bhreitheamh;

(v) na breithiúna eile den Chúirt Uachtarach de réir thosaíocht a gceapacháin mar ghnáthbhreitheamh den Chúirt Uachtarach;

(vi) na breithiúna den Chúirt Achomhairc ar breithiúna den Chúirt Uachtarach iad de bhrí oifige (toisc go raibh siad ina n-uachtarán ar an gCúirt Achomhairc nó ar an Ard-Chúirt roimhe sin), de réir thosaíocht a gceapacháin mar Uachtarán ar an gCúirt Achomhairc nó ar an Ard-Chúirt faoi seach;

(vii) na breithiúna den Ard-Chúirt ar breithiúna den Chúirt Uachtarach iad de bhrí oifige (toisc go raibh siad ina n-uachtaráin ar an Ard-Chúirt roimhe sin), de réir thosaíocht a gceapacháin mar Uachtarán ar an Ard-Chúirt.

Dlínse achomhairc

Rinneadh athruithe suntasacha ar dhlínse achomhairc na Cúirte Uachtaraí le teacht i bhfeidhm na leasuithe atá sa Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (‘an Tríú Leasú is Tríocha’) an 28 Deireadh Fómhair 2014. Bunaíodh an Chúirt Achomhairc an 28 Deireadh Fómhair 2014 (‘an lá bunaithe’) faoin Leasú sin.

Le héifeacht ón lá bunaithe, beidh dlínse achomhairc ag an gCúirt Uachtarach, faoi réir cibé rialacháin a ordófar le dlí –

(a) ar bhreith ón gCúirt Achomhairc más deimhin leis an gCúirt Uachtarach gur breith í lena ngabhann nía bhfuil tábhacht phoiblí i gcoitinne ann, nó gur gá, ar mhaithe leis an gceartas, achomharc chun na Cúirte Uachtaraí a bheith ann (Airteagal 34.5.3° den Bhunreacht), agus

(b) ar bhreith ón Ard-Chúirt más deimhin leis an gCúirt Uachtarach go bhfuil imthosca neamhchoiteanna ann a fhágann gur gá achomharc díreach chuici a bheith ann agus, chun gur deimhin leis an gCúirt Uachtarach amhlaidh, is réamhchoinníoll é gurb ann do cheachtar de na tosca seo a leanas nó dóibh araon: gur breith í lena ngabhann ní a bhfuil tábhacht phoiblí i gcoitinne ann; gur ar mhaithe leis an gceartas é (Airteagal 34.5.4° den Bhunreacht).

Aistriú dlínse chuig an gCúirt Achomhairc

Pléann an Chúirt Achomhairc anois le hachomhairc in imeachtaí sibhialta ón Ard-Chúirt ar ghnách leis an gCúirt Uachtarach iad a éisteacht roimh an Tríú Leasú is Tríocha. Eisceachtaí iad na cásanna sin inar cheadaigh an Chúirt Uachtarach achomharc chuici tar éis í a shásamh go gcomhlíonann an t-achomharc an tairseach atá leagtha amach in Airteagal 34.5.4° den Bhunreacht. Ina theannta sin, ceisteanna dlí a tharchuir an Chúirt Chuarda chuig an gCúirt Uachtarach lena mbreith (‘cás sonraithe’) roimhe sin, is féidir leis an gCúirt Achomhairc iad a bhreith anois.

Faoi na socruithe idirthréimhseacha atá sa Tríú Leasú is Tríocha, tugadh saoirse don Phríomh-Bhreitheamh, le comhaontú ó na breithiúna eile den Chúirt Uachtarach, a ordú go ndéanfaidh an Chúirt Achomhairc éisteacht agus breith ar achomhairc shonraithe ar feitheamh sa Chúirt Uachtarach a tionscnaíodh roimh an lá bunaithe agus nár éisteadh an chúirt go hiomlán ná go páirteach sa chúirt sin.

Dlínse bhunaidh

Ní dhearnadh leis an Tríú Leasú is Tríocha difear ar bith do dhlínse bhunaidh na Cúirte Uachtaraí maidir lena feidhm faoi Airteagal 26 den Bhunreacht. Foráiltear le hAirteagal 26 gur cead d’Uachtarán na hÉireann, tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, aon Bhille den chineál a ordaítear san Airteagal sin a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí féachaint an bhfuil an Bille sin nó aon fhoráil nó aon fhorálacha áirithe de in aghaidh an Bhunreachta. Sa chás go dtugann an chúirt breith go bhfuil an Bille, nó ceann ar bith dá fhorálacha, in aghaidh an Bhunreachta, ní fhéadfaidh an tUachtarán é a shíniú ná a fhógairt ina dhlí.

Tá dlínse bhunaidh theoranta ag an gCúirt Uachtarach faoi Airteagal 12.3.1° den Bhunreacht freisin. Foráiltear le hAirteagal 12.3.1° den Bhunreacht nach bhféadfaidh ach an Chúirt Uachtarach, agus í comhdhéanta de chúigear breithiúna ar a laghad, a shuí cé acu a ghabh nó nár ghabh míthreoir bhuan Uachtarán na hÉireann.

Dlínse bhunreachtúil

Foráiltear le hAirteagal 34.4.5° den Bhunreacht nach cead aon dlí a achtú a chuirfeadh ar an taobh amuigh de dhlínse achomhairc na Cúirte Uachtaraí cásanna ina mbeadh ceisteanna le réiteach i dtaobh bail a bheith nó gan a bheith ar aon dlí, ag féachaint d'fhorálacha an Bhunreachta. Mar thoradh air sin, d’fhéadfaí a rá go bhfeidhmíonn an Chúirt Uachtarach mar chúirt bhunreachtúil toisc gurb í an réiteoir deiridh maidir le Bunreacht na hÉireann a léirmhíniú. Baineann tábhacht ar leith leis an ról sin in Éirinn mar go dtugtar leis an mBunreacht cead sainráite do na cúirteanna athbhreithniú a dhéanamh ar aon dlí, arna rith roimh achtú an Bhunreachta nó ina dhiaidh, d’fhonn a fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil an dlí sin i gcomhréir leis an mBunreacht. Cé gur gá cásanna den sórt sin a thabhairt san Ard-Chúirt sa chéad ásc, féadfar achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt Achomhairc agus chuig an gCúirt Uachtarach in aghaidh gach breithe den sórt sin. Féadfar foreachtaíocht agus breitheanna riaracháin a chur faoi réir grinnscrúdú bunreachtúil den sórt sin freisin.

Breitheanna a fhógairt

Uaireanta, tugtar breith ón gCúirt Uachtarach go díreach tar éis achomharc a éisteacht i mbreithiúnas ex tempore. I bhformhór na gcásanna, forchoimeádann an chúirt a breithiúnas agus tugann sí tráth níos déanaí é.

Cúirt choláisteach is ea an Chúirt Uachtarach agus bíonn sí comhdhéanta de roinnt breithiúna i gcónaí. Is breith an tromlaigh í an bhreith ón gCúirt Uachtarach. Féadfaidh gach breitheamh breithiúnas ar leith a thabhairt, cibé acu is ag aontú nó ag easaontú atá sé (lena n-áirítear cásanna a bhaineann le bunreachtúlacht Achta den Oireachtas) . Tagann an eisceacht ón gcleachtas sin chun cinn i gcásanna ina gcuireann an tUachtarán Bille faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí lena breith faoi Airteagal 26 den Bhunreacht. I gcásanna den sórt sin, foráiltear leis an mBunreacht go bhfógróidh cibé breitheamh a ordóidh an chúirt an bhreith agus nach bhfógrófar aon tuairim eile ar an gceist agus nach nochtfar aon tuairim eile ina leith ach oiread.

Ceart a riar go poiblí

Foráiltear leis an mBunreacht go riarfar ceart go poiblí i ngach cúirt in Éirinn, lena n-áirítear an Chúirt Uachtarach, ach amháin sna cásanna speisialta teoranta sin a ordófar le dlí. Mar sin, bíonn suíonna na Cúirte Uachtaraí ar oscailt don phobal i bhformhór mór na gcásanna, ach amháin sna cásanna sin a bhaineann leis an dlí teaghlaigh agus le cionta gnéasacha áirithe.

Ina theannta sin, foráiltear leis an Acht um an gCúirt Achomhairc 2014 nach gá don Chúirt Uachtarach éisteacht ó bhéal a thionól i gcásanna áirithe. Áirítear leo sin cásanna ina bhfuil iarratas á dhéanamh ag duine chuig an gCúirt Uachtarach ar chead chun achomharc a dhéanamh in aghaidh breithe ón gCúirt Achomhairc nó ón Ard-Chúirt. Cuirtear gach breith ar fáil go poiblí, áfach.