Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Táillí

Ní bhaineann aon táille le hiarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Bíodh sin mar atá, bíonn táillí i bhfeidhm le haghaidh athbhreithnithe inmheánaigh i gcásanna ina mbíonn faisnéis neamhphearsanta á hiarraidh agat.

Féadfar táillí a ghearradh ar chostas fótachóipeála. Gearrfar táillí freisin ar fhaisnéis eile a chuardach agus a aisghabháil.

Míniú ar Tháillí:

Faisnéis phearsanta

I gcás go mbeadh do chuid faisnéise pearsanta á hiarraidh agat ní dhócha go ngearrfaí táillí ach amháin i gcás go mbeadh méid mhór ábhair ann, agus na céadta taifead i gceist.

Ní dócha go dtiocfadh táillí aníos i gcás iarratas a bhaineann le:

  • taifid ina bhfuil faisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarratasóir
  • leasuithe ar thaifid ina bhfuil faisnéis phearsanta
  • cúiseanna le cinntí a raibh tionchar acu ar an iarratasóir.

 

Tá rialacháin déanta ag an Aire Airgeadais maidir le táillí a shocrú faoi alt 27(1) den an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Tá siad siúd leagtha amach in Ionstraim Reachtúil Uimh. 484 de Rialacháin 2014 (Táillí) den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.