Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

DLÍ TEAGHLAIGH - leathanach baile

Ginearálta

Rochtain

Idirscaradh breithiúnach

Foréigean teaghlaigh

Idirghabháil

Cothabháil

Colscaradh

Neamhniú

Dlí comhoibríoch

Díolúintí pósta

Orduithe cúraim

Saincheisteanna pas

Coimeád

Atharthacht

Gluaiseacht cháis

Comhaontú idirscartha

Caomhnóireacht

Scaoileadh

Scaoileadh

Nasc gaolmhara
Orduithe coigeartaithe pinsin

Faisnéis faoi scaoileadh

Féadfaidh na cúirteanna páirtnéireachtaí sibhialta a scaoileadh ar bhealach atá cosúil le colscaradh a cheadú. Ceadaíonn foraithne scaoilte don dá pháirtí i bpáirtnéireacht shibhialta chun duine a phósadh nó chun páirtnéireacht nua shibhialta a iontráil.

An féidir déileáil le saincheisteanna eile i gcomhthráth?

Is féidir. Féadtar iarratas a dhéanamh ar orduithe breise (coimhdeacha) i bpróiseas scaoilte. Tá siad cosúil leis na horduithe ar féidir iarratas a dhéanamh orthu i bpróiseas colscartha agus idirscartha bhreithiúnaigh agus áirítear leo íocaíocht cothabhála agus cnapshuimeanna, aistriú réadmhaoine agus múchadh cearta comharbais agus cearta pinsin.

In aon iarratas ar fhoraithne scaoilte, féadfaidh an chúirt athbhreithniú a dhéanamh ar aon socruithe a rinneadh na páirtithe roimhe seo, ar nós comhaontú idirscartha, go háirithe má tháinig athrú ar chúinsí ceachtar páirtí.

Conas iarratas a dhéanamh ar scaoileadh

Cuirtear tús le himeachtaí sa Chúirt Chuarda trí bhunbhille sibhialta páirtnéireachta sibhialta agus mionnscríbhinn mhaoine a sheoladh ar aghaidh. Níl aon cheanglas chun mionnscríbhinn leasa a chur ar aghaidh (maidir le leanaí cleithiúnaigh) nó cáipéis a dheimhníonn gur cuireadh ar an eolas thú ar na roghanna eile ar scaoilte, amhail is gá in iarratais cholscartha. Tá an nós imeachta le leanúint cosúil le hiarratas a dhéanamh ar fhoraithne cholscartha.

Ionadaíocht

Is féidir leat aturnae a fhostú chun iarratas a dhéanamh ar do shon nó is féidir an t-iarratas a dhéanamh tú féin. D’fhéadfá bheith i dteideal cúnamh dlí a fháil.

Má roghnaíonn tú gan aturnae a fhostú, beidh ort teagmháil a dhéanamh le hoifig na Cúirte Cuarda sa chontae ina gcónaíonn tú nó do pháirtnéir nó sa chontae ina mbíonn tú féin nó do pháirtnéir i mbun gnó. Sainaithneoidh foireann na cúirte na foirmeacha a theastaíonn uait chun d’iarratas a dhéanamh ach ní féidir leo insint duit céard is gá duit a lua ar na foirmeacha. Tá tú freagrach as do cháipéisí a sheirbheáil agus ní mór duit freastal ar an gcúirt ar an lá chun d’iarratas a dhéanamh.

Foirmeacha cúirte I.R. Uimh. 510 de 2001, Rialacha na Cúirte Cuarda, 2001

  • Foirm 2S: Bille sibhialta páirtnéireachta sibhialta
  • Foirm 51: Mionnscríbhinn achmhainne

Reachtaíocht ábhartha:

  • Acht um Pháirtnéireacht Shibhialta agus Ceart agus Oibleagáidí ar Leith do Chomchónaitheoirí, 2010
  • I.R. Uimh. 348 de 2011: Rialacha na nUaschúirteanna (Páirtnéireacht Shibialta agus Comhchónaí 2010) 2011
  • I.R. Uimh. 385 de 2011: Rialacha na Cúirte Cuarda (Páirtnéireacht Shibialta agus Comhchónaí 2010) 2011