Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Traidisiúin cúirte

Feisteas breithiúnach

Is ó thart ar 1660 a thagann feisteas breithiúnach mar atá sé sa lá atá inniu ann, is é sin an tréimhse inar tugadh ar ais monarcacht Shasana. Nuair a d'fhill Séarlas II ón bhFrainc, bhí an faisean i gcomhair peiriúic púdraithe ó Chúirt Louis XIV de rigeur i gcomhair na ndaoine ardnósacha i sochaí Shasana. D'fhorbair an fallaing bhreithiúnach agus fallaing an abhcóide i bhfad níos luaithe. Faoi thréimhse Edward III (1327-77), bhí fallaingeacha línithe le fionnadh agus síoda seanbhunaithe mar chomhartha de phost ard breithiúnach. D'athraigh feisteas breithiúnach leis na séasúir, glas sa samhradh de ghnáth agus corcairghorm sa gheimhridh, agus bhí dearg coinnithe siar i gcomhair ócáidí speisialta.

Thóg formhór abhcóidí an fallaing dhubh i 1685 nuair bhí an bharra in éide bróin i gcomhair báis an Rí Séarlas II. Faoi dheireadh an tséú aois déag, áfach, bhí gach ball den ghairm dlí ag caitheamh bairéad cúil chuig an gcúirt, leis na taobhanna bána den chaidhp ag sá amach faoi. Nuair a tugadh isteach na peiriúic, bhí leagan beag den bhairéad cúil agus den chaidhp fuaite isteach sna peiriúicí breithiúnacha. Lean mic léinn dlí, nach raibh i dteideal peiriúic a chaitheamh go fóill, orthu ag caitheamh bairéad cúil dlí ar feadh tamaill tar éis na peiriúicí a bheith tugtha isteach, ach bhí deireadh tagtha leis sin faoi thús an ochtú aois déag.

An giolla cúirte

Feictear an giolla cúirte go minic ag siúl os comhair breitheamh Ard-Chúirte nó Cúirte Uachtaraigh agus bachall á iompar aige/aici. Tagann a ról ó na hOifigigh luatha um Feidhmiú an Dlí a ghabhadh an duine a bhí le gabháil trí úsáid a bhaint, dá mba ghá, as bachall bharr-choróin. Bhí an bhachall déanta as adhmad nó miotal nó an dá cheann, le coróin ar a barr. Nuair a bhaintí an coróin de, bhí barántas gabhála taobh istigh den bhachall tholl. Is cinnte go raibh roinnt bachall mar mhodh cosanta agus is as seo a thagann smachtín phóilíní an lae inniu.

Tabharfaidh cuairteoirí chuig na Ceithre Chúirt i mBaile Átha Cliath faoi deara go ndéanann giolla cúirte breithiúna na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraigh a thionlacan chuig agus ón gcúirt. Cé go bhfuil an bhachall á iompar ar mhaithe le searmanas ar bhealach, agus ag leanúint as traidisiún fada, aithníonn siad siúd a oibríonn sna cúirte í agus cabhraíonn sé chun bealach a dhéanamh go furasta tríd an Halla Cruinn agus na dorchlaí a bhíonn dubh le daoine. Nuair a thagann siad go dtí an chúirt, iarrann an giolla cúirte ord sa seomra cúirte nuair a bhíonn an breitheamh ag glacadh a (h)áit ar an mBinse. Tá giollaí cúirte ag obair sna Ceithre Chúirt ón uair a d'oscail sé i 1796.

Is í an fheidhm laethúil atá ag an ngiolla cúirte ná mar chúntóir don bhreitheamh agus é nó í ag comhlíonadh a d(h)ualgais breithiúnacha - is féidir obair taobh amuigh d'uaireanta cúirte a bheith i gceist leis seo, lena n-áirítear an breitheamh a thiomáint chuig agus ó choinní éagsúla agus chuig suíonna den Ard-Chúirt ag ionaid tuaithe.

Tugann 'bolscairí' cabhair do bhreithiúna na Cúirte Cuarda agus iad i mbun a gcuid dualgas. Tá an obair chéanna acu siúd le giollaí cúirte ach ní iompraíonn siad bachall agus iad ag dul chuig nó ó na cúirteanna sna Ceithre Chúirt.