Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Mar a d'athraigh stíleanna

Na cúirteanna ba luaithe

Is dócha gur i réimse glanta sna coillte a bhí na cúirteanna ba luaithe ar fad, láthair dála gan sonrú ar baineadh úsáid astu le haghaidh breithiúnais agus ceiliúrtha. D'fhéadfadh gur sa ráth a cuireadh Dlíthe na mBreithiún, mar a bhíodh in úsáid in Éirinn le linn an ré réamh-Normánaigh, i bhfeidhm agus sin ar an t-aon sampla de thraidisiún ársa dála nó aonaigh a lean anuas go dtí ré na hAthbheochana. I gcomhthéacs níos fairsinge ar fud na hEorpa, stoae gan sonrú a bhíodh in úsáid ag lucht daonlathais na Gréige; an basilica, halla a raibh cuas crochta le haghaidh tabhairt na breithe i mbinn nó i dtaobh-bhalla ann, a bhíodh ag na Rómhánaigh agus an leagan amach céimlathach sin ag eascairt ó thús ón halla sa phálás ina dtugadh an rí éisteacht. Suimiúil go leor, bhí leas as an leagan amach ginearálta céanna maidir leis na séipéil Chríostaí ba luaithe, an cuas (mar a mbíodh cathaoir an bhreithimh) arna athshamhlú mar chúlbhá mar a raibh an altóir suite. Mhair an leagan amach go fochoinsiasach san Eoraip go dtáinig chun cinn arís tráth ab fhaide anonn.

Aimsir na Meánaoise

Le teacht an chórais fheodaigh go hÉirinn le linn na meánaoise, thit Éire isteach, a bheag nó a mhór, leis an gcuid eile den Eoraip. Tháinig dá bharr chomh maith iomad cúirteanna, eaglasta, ríoga agus sibhialta, agus cumhacht an dlí arna roinnt idir grúpaí leasa éagsúla. Tá trácht ar an Halla Mór i gCaisleán Bhaile Átha Cliath arna úsáid le haghaidh cúirteanna, agus is furasta úsáid den chineál céanna a cheapadh leis na hallaí móra i gCaisleán Eas Géitine, Co. Luimnigh, nó i gCaisleán Bhaile Átha Troim, Co. na Mí, mar arbh leor athrú ar leagan amach an troscáin chun seomra cúirte a ullmhú. Bhíodh cúirteanna dá gcuid féin i Líobairtí Bhaile Átha Cliath (tá grianghraif ann de Theach Cúirte na Líobairtí i gCúirt Thomáis sular leagadh é). Bhíodh cúrsaí dlí agus cirt á bplé go háitiúil i mbailte móra i tholsels agus i hallaí baile.

Pátrúin nua ag teacht chun cinn

Ar nós go leor eile in Éirinn, d'fhág Plandálacha na Banríona Eilís agus an Rí Séamas rialtacht níos mó le cúrsaí agus cuireadh tús le pátrún lena raibh úsáid cúirte á leagan síos d'fhoirgnimh ar leith - na Ceithre Cúirteanna go lárnach i mBaile Átha Cliath, agus Tithe Seisiúin don chontae scaipthe ar fud an oileáin. Is díol suntais chomh mór agus a thagann scaipeadh an chórais dlí aonghné agus an forás uirbeach agus bunú na mbailte móra le chéile - is coitianta mar théama in Éirinn é teach na cúirte a bheith mar shéadchomhartha agus mar chrann taca le bailte nuabhunaithe. Is minic comparáid á dhéanamh idir cásanna luatha agus an fheidhm a bhíodh le háras an mhargaidh.

Is ón ré sin chomh maith atá cur síos ar na tithe chúirte againn. Sa bhliain 1608, aistríodh Ceithre Chúirt an Státchiste, na Seansaireachta, na gCaingean Coiteann agus Bhinse an Rí ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath go Teampall Chríost. Le teacht an Reistiréisin, tagann cuma aitheanta ar an struchtúr agus is féidir rian théama fadsaolach eile a ríomh - an ceangal idir maorgacht chúrsaí dlí agus an ailtireacht Chlasaiceach. Idir 1690 - Cath na Bóinne - agus an Gorta Mór, cúrsaí Angla-Éireannacha bun agus barr stair na hÉireann i réimse na polaitíochta agus san oidhreacht is buaine a bhaineann leis an gcultúr litríochta agus amharc-ealaíne, go háirithe an ailtireacht agus an phleanáil uirbeach. Is iondúil béim á leagan sna saothair léinn ar ailtireacht na linne sin ar ghnéithe paitríocha agus maisitheacha an tí mhóir faoin tuath agus ar an obair phláistéireachta ann. Ar chúiseanna ar féidir argóint a dhéanamh maidir leo i gcúrsaí staire, fágtar gan dóthain béime an meon feabhais i gcúrsaí eolaíochta agus innealtóireachta - ar mhaithe le brabús ach ar mhaithe le fóntas poiblí chomh maith - maidir le draenáil, bóithre, droichid, bailte móra agus tithe.

Sa chomhthéacs sin a thuigtear ionad theach na cúirte. Bhí sin á shuíomh mar fhoirgneamh poiblí sna pleananna do bhailte nua agus gnéithe den ailtireacht Chlasaiceach inúsáid sa dearadh ar bhealach folaithe agus ar bhealach follasach ? Clasaiceach de bharr gurbh shin í ailtireacht na linne ach de bharr chomh maith gur sheas sin don fhírinne agus don réasúnaíocht; cineál a sílfí gur ar chúiseanna stíle a roghnaíodh é ach a raibh sruth tréan moráltachta á chur in iúl leis dáiríre. Is tábhachtach an rud a mheabhrú gurbh annamh iad in úsáid ina gcúirteanna amháin agus go mbíodh feidhmeanna sibhialta agus rialtais eile ag baint leo chomh maith. De réir chultúr polaitíochta na linne, bhain an chumhacht riaracháin taobh istigh de gach contae le teaghlaigh áitiúla an fheod trí Ard-Ghiúiré agus seomra an Ard-Ghiúiré ? lár-ionad polaitíochta an cheantair agus é faoi thoit ? i ngach teach cúirte contae. D'imir réamhtheachta sin na gcomhairlí contae tionchar nach beag ar phlean theach na cúirte ó bhí spás agus bealach isteach foirmeálta de dhíth ar an Ard-Ghiúiré.

Réabhlóid réidh

Is féidir ceangal dlúth a ríomh idir stair ailtireacht na dtithe cúirte i rith na tréimhse agus coranna nua sa Bhreatain, bhí smaointe á malartú gan srian. D'fhéadfaí breathnú air mar éabhlóid de réir a chéile ar an mionteagasc lenar athraíodh ó chúirt shimplí amháin gan dealú go dtí dhá sheomra cúirte éagsúil do chásanna sibhialta agus coiriúla, oifigí breise, spás don bhreitheamh agus don ghiúiré, seomraí don Ard-Ghiúiré á gcur leis, móide pátrúin tráchta ar leith a thabhairt chun cinn sa phlean a d'fhágfadh soiléire fisiciúil freisin maidir leis an riachtanas moráltachta go gcoinneofaí an breitheamh, an giúiré agus an cúisí glan ar a chéile - beart tréan, deimhin le linn ré éiginnteachta i gcúrsaí caighdeán. De réir mar a chuaigh an scála i bhfairsinge, tháinig an ailtireacht in aibíocht - agus de chomharthaí sóirt air sin an t-athrú ó ingearchlóanna faoi phláistéireacht go dtí obair chloiche agus gairmiúlacht an lucht tógála agus ailtireachta idir lucht ceirde agus comhlachtaí ailtirí láncháilithe a bhain leas as an gcúram a leagadh orthu saothair shéadchomharthacha ar chaighdeán idirnáisiúnta a thabhairt chun cinn - Ceardaíocht Chlasaiceach ar dtús, Pallaidiach ansin agus, an cineál ab éifeachtaí, Nuachlasaiceach agus treise na sioméadrachta soiléire agus leanúnachas foirmeálta an phleain díreach ceart le haghaidh teach cúirte. Is tréith shuntasach de chuid na hÉireann an tsoiléire a bhaineann leo (is beag sampla a bhfuil stíl chuibhrithe na n-eiseamláirí Sasanacha agus Eorpacha ag baint leo, agus réimsí den fhoirgneamh ón meánaois in éineacht le seomraí a cuireadh leo níos deireanaí) agus an suíomh ar fhaichí loma phríomhbhailte na gcontaetha, an aghaidh chathartha atá orthu i gcodarsnacht leis an bhfoirgneamh is minic a bheith béal dorais leo, Príosún an Chontae.

Chomh maith le teach na cúirte faoin tuath, is iomaí baile beag ar cuireadh tithe do chúirt ghearr iontu, aon seomra cúirte amháin, idir na blianta 1820 agus 1840. Dhá chineál a bhí i gceist go hiondúil ? an teampall Clasaiceach le seomra na cúirte taobh thiar de (cosúil le seanteach na cúirte i Muine Mheá, Co. Cheatharlach nó i mBiorra, Co. Uíbh Fhailí) agus an 'teach' sa stíl Seoirseach le hingearchló cúig bhá agus díon gabháil éadain os cionn íoslach eisléireachta ina mbíodh cillíní agus seomra na cúirte os a gcionn (tá samplaí maithe díobh ar fáil i Lios Tuathail, Co. Chiarraí agus i gCluain Eois, Co. Mhuineacháin).

Tá tagairtí tréana íocónchomharthacha ag baint le leagan amach sheomra na cúirte  - agus an bealach timthriallach isteach ag gach rannpháirtí faoi seach: suíonn an breitheamh ar ardán crochta ag ceann amháin den seomra (de shliocht an chuasa i mbaisleac na Rómhánach) agus an pobal síos uaidh; tugtar (nó tugtaí) an cúisí aníos ón íochtar (Hades) chuig solas an lae os comhair nagcúisitheoirí agus (mar a d'fhéadfadh) os comhair thrócaire an bhreithimh agus an ghiúiré. Is iad seo na seomraí cúirte ina dtarlaíodh buaicbhuanna cúirte Uí Chonaill agus a bhímar chúlra níos deireanaí le laochra fir agus mná ag Sommerville agus Ross - tír níos míne ina raibh deireadh leis an gcoinbhliocht agus leagan áiféiseach intinne den chomhrac meánaoiseach idir tiarna talún agus tionónta ina áit.

Níor tháinig stop le tógáil thithe cúirte le haimsir an Ghorta Mhóir. Go mall sa ré Victeoiriach in Éirinn, tógadh foirgnimh mhaorga ar nós Teach na Cúirte i nDún Laoghaire (halla baile agus teach cúirte in éineacht - cé nár baineadh úsáid riamh as mar theach cúirte sa deireadh) agus Teach na Cúirte i Sligeach, sárshampla den Athbheochan Ghotach atá ina chumasc de ghnéithe éagsúla stíleanna ó réanna níos luaithe arna dtabhairt le chéile ag Rawson Carroll in 1878. D'fhág Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad go raibh seanbhallaí le hathchóiriú a dhéanamh orthu, ar nós na Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath, nó le leagan, mar a tharla i mbaile Loch Garman (dódh sa bhliain 1923); bhí damáiste go leor déanta do na Ceithre Cúirteanna agus rinneadh athchóiriú cúramach air i gcomhthéacs na mbuiséad teoranta. Bhí teorainn le buiséad an Stáit nua maidir le tógáil as an nua, agus tharla meath ag an am le díonta ag titim ó chéile agus síleálacha ag titim anuas. Le blianta beaga anuas, tá an deis tapaithe ag an tSeirbhís Chúirteanna chun leanacht den traidisiún seanbhunaithe, ag tabhairt faoi athchóiriú ar a lán foirgneamh agus ag tógáil tithe cúirte do bhailte agus do bhruachbhailte nua.