Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Na Ceithre Chúirteanna

James Gandon
Ag déanamh taiscéaladh ar Na Ceithre Chúirteanna
Turas ar na Ceithre Chúirteanna

Luathstair

Cuireadh deireadh le nádúr siúlach na gcúirteanna Éireannacha, a chuaigh siar thar na céadta blianta, nuair a rinneadh cinneadh i 1775 córas dlí na tíre a chur faoi aon díon amháin. Bhí dhá chóras dlí in Éirinn nuair a bhí sé faoi riail Shasana. Bhí dlí Shasana i bhfeidhm taobh istigh den Pháil, a raibh Baile Átha Cliath ina ceartlár. Bhí ceartas taobh amuigh den Pháil á chur i bhfeidhm faoi réir seanrialacha an Fhéineachais. Trí oideas béil a mhair rialacha an Fhéineachais ón gcéad aois R.Ch. ar a laghad, go dtí gur scríobhadh ar phár iad don chéad uair san 7ú aois A.D. ag baint úsáid as an nGaeilge scríofa nua-fhorbartha, agus leanadh á n-úsáid go dtí tús na 17ú haoise. Roimh an 17ú aois, shuigh na cúirteanna in ionaid éagsúla, ach i gCaisleán Bhaile Átha Cliath den chuid is mó.

Bhog an chúirt trasna na habhann go dtí an áit a bhfuil sé anois ar feadh tamaill ghairid i 1606, ach mar thoradh ar bhrú ó Bhardas Bhaile Átha Cliath, a bhí ag iarraidh iad a choinneáil taobh istigh de theorannacha na seanchathrach, bhog na cúirteanna ar ais trasna an Life i 1608 go dtí tailte Theampaill Chríost agus Plás Theampall Chríost in aice leis. Faoi dheireadh na 17ú haoise ní raibh an spás sách mór agus bhí oifigí na cúirte agus na taifid dlí scartha amach óna chéile. Bhí drochbhail ar na cúirteanna agus choimisiúnaíodh an t-ailtire William Robinson a chun iad a atógáil. In ainneoin an méid a rinne Robinson bhí na Ceithre Chúirt ina bhfothraigh arís faoi 1775 agus glacadh cinneadh struchtúr nua a thógáil ar an suíomh ar a bhfuil siad anois. Bhí ar chuairteoirí dul trí "Ifreann" chun dul chomh fada leis na sean-Cheithre Chúirt. Bhí coinicéar de bhealaí cúnga agus caolsráideanna timpeall ar Theampall Chríost ag tráth amháin. Bhí "Ifreann" mar ainm ar cheann de na pasáistí seo taobh thiar den ardeaglais, agus deirtear gur ó shiléar den ainm céanna a fuair sé an t-ainm. Bhí dealbh mór adhmaid den diabhal ina sheasamh ag an áirse ar an mbealach isteach chuig an gcaolsráid.

Ailtireacht

Cuireadh tús leis an obair bunaithe ar dhearaidh Thomas Cooley, ailtire an Mhalartán Ríoga (Halla na Cathrach anois), i 1776. Bhí obair thogála Cooley dírithe ar an gclós thiar agus bhí sé beartaithe Oifig na dTaifead Poiblí agus Óstaí an Rí amháin a bheith ann. Nuair a bhásaigh Cooley i 1784, ceapadh James Gandon, ailtire Theach an Chustaim, chun na cúirteanna a chur leis an bplean. Thóg sé foirgneamh Cooley isteach ina dhearadh críochnaithe, ag cur dhá chearnóg agus bloc lárnach leis. Tugadh na cearnóga do na hoifigí taifid agus dlí, an lár do cheithre chúirt na Seansaireachta, an Státchiste, Binse an Rí agus na bPléadálacha Coiteanna. Istigh sa lár atá an Halla Cruinn, le trastomhas de 64tr, le cruinneacháin taobh istigh agus taobh amuigh agus colúin Chorantacha timpeall air. Rinneadh cur síos air tráth den saol mar 'croílár fisiciúil agus spioradálta an fhoirgnimh'.

Tharlaigh damáiste cogaidh do na Ceithre Chúirt, ar nós go leor de na foirgnimh ba bhreátha i mBaile Átha Cliath. Ba bheag nár scriosadh go hiomlán é i rith an chogaidh chathartha a lean an Conradh Angla-Éireannach. Ba chaillteanas doleasaithe a bhí i scrios Oifig na dTaifead Poiblí a bhí in aice leis na Ceithre Chúirt. Cailleadh taifid dlíthiúla agus stairiúla nach féidir luach a chur orthu, lena n-áirítear taifid iomlána Pharlaimint na hÉireann, bunchóip uachta gach tiomnóir Éireannach ón 16ú aois i leith, agus cláir na gcéadta paróistí Éireannacha.

Ó thaobh an struchtúir de, tá an halla agus nacruinneacháin ann isas mar a d'fhág Gandon iad. Bhí an maisiú taobh istigh i bhfad níos saibhre roimh an damáiste a rinne an cogadh cathartha i 1922. Bhí dealbha de bhreithiúna agus dlíodóirí Éireannacha ag seasamh sna cuasáin, bhí leaca cloiche ar an urlár agus bhí obair stucó an dealbhóra Edward Smyth ar an gcruinneachán. Is iad na cúig dhealbh de chuid Smyth atá fós ar an díon ná Maois, Ceartas, Trócaire, Údarás agus Eagna.

An Cruinneachán

Bhí an cruinneachán mar ghné de spéirlíne na cathrach ar feadh os cionn céad bliana, sular scriosadh é i rith chogadh cathartha 1922. Thóg T.J. Byrne, a bhí ina phríomhailtire in Oifig na nOibreacha Poiblí, agus a fhoireann oibre córas ilchasta scafaill chun go bhféadfaí scrúdú cúramach a dhéanamh ar na tacaí agus an druma. Fuarthas amach go raibh beagnach na colúin Chorantacha ar fad a bhí timpeall an chruinneacháin pléasctha, cé go raibh an balla eibhir taobh istigh fós slán den chuid is mó. Nuair a baineadh na colúin as, (obair a raibh go leor scil ag baint leis), chonacthas go bhféadfaí iad a rothlú timpeall ionas go raibh aghaidh na dtaobhanna a rinneadh damáiste dóibh istigh, mar go raibh siad snoite ar gach taobh ó thús.

Cuireadh macasamhail déanta as cloch bhréige in áit péire de na colúin a bhí scriosta. Úsáideadh córas inmheánach frámála cruaiche chun tacú leis na ballaí seachtracha agus chun urláir choincréite treisithe a iompar. Rinne T.J. Byrne an cruinneachán a atógáil as coincréit threisithe, ag úsáid na teicneolaíochtaí agus teicnící ba dhéanaí. Rinneadh é seo in aon bheart amháin, le fiche fear ag obair tríocha uair an chloig ina iomláine, le briseadh gairid amháin.

Tar éis 1922

Níl mórán difir déanta ag na hathruithe a rinneadh ó 1922 i leith ar dhreach an fhoirgnimh níos sine. Bhí pasáiste le stuanna ag dul ar feadh aghaidh deisceartach na gcearnóg. Tá an stuabhealach seo dúnta isteach anois le hoifigí agus tá dorchla nua tógtha ar an taobh ó thuaidh díobh. Tá an leabharlann ar an chéad urlár bainte de. Táthar tar éis tógáil os cionn an phasáiste a bhí tógtha amach ón halla lárnach go dtí foirgnimh na n-aturnaetha. Is anseo atá an Chúirt Uachtarach tógtha, ina mbíonn an Príomh-Bhreitheamh agus a chomhghleacaithe ag suí. Tá an Leabharlann Dlí (leabharlann d'abhcóidí) tógtha ar chúl na Cúirte Uachtaraí.

James Gandon

Is é James Gandon an t-ailtire is iomráití i mBaile Átha Cliath, agus bhí sé freagrach as oibreacha ar nós na Ceithre Chúirt, Teach an Chustaim, Óstaí an Rí agus síneadh a chur le Teach na Parlaiminte (Banc na hÉireann anois).

Rugadh é i Londain do theaghlach de bhunadh Huguenot. Nuair a bhí sé 14 bliana d'aois cuireadh chuig Shipley's Drawing Academy é, áit a ndearna sé staidéar ar na clasaicigh, matamaitic, ealaíon agus go háirithe ailtireacht. Chas sé le go leor de na cairde a bheadh aige tríd a shaol i rith an dá bhliain a chaith sé ag Shipley's, agus ag deireadh na tréimhse seo chuaigh sé mar phrintíseach chuig William Chambers. Bhí Chambers ag an am sin ag cumadh a obair mhór, Treatise on Civil Architecture. Tá líníochtaí Gandon ann. Ar a chuid oibre eile bhí an Áirse ag Wilton agus an Casino ag Marino, Kew.

I 1765, chríochnaigh Gandon a chuid oibre le William Chambers agus thosaigh sé ag obair ar eastáit an Tiarna Samuel Hillier in aice le Wolverhampton. Is de réir a chéile a tháinig fás ar chleachtas Gandon agus níor fhás sé ró-mhór riamh. Ba é an chéad mhórphíosa oibre a rinne sé ná Shire Hall i Nottingham, i gcomhair úsáid an Ard-Ghiúiré, agus cuireadh tús leis an obair sin i 1769. Ag an am céanna, sheol sé dearadh isteach i gcomórtas i gcomhair Malartán Ríoga nua do Bhaile Átha Cliath. Roghnaíodh an dearadh a sheol Thomas Cooley agus bhí dearadh Gandon sa dara háit.

Phós sé Eleanor Smullen uasal, Covent Garden an 26 Iúil, 1770. Cheannaigh siad teach i Londainagus bhí seisear páistí acu. Ní mórán atá ar eolas faoina chuid oibre ailtireachta ó 1771 godtí 1777. I 1780 thug Banphrionsa Rúiseach cuireadh dó dul go dtí an Rúis chun tógáil i St. Petersburg. Bhí post oifigiúil le céim mhíleata mar chuid den tairiscint. Ina ionad sin, ghlac sé le tairiscint ón Ró-Onórach John Beresford, Ard-Choimisinéir Choimisinéirí Ioncaim na hÉireann, chun Teach an Chustaim nua a dhearadh i mBaile Átha Cliath. Shroich Gandon Baile Átha Cliath an 26 Aibreán 1781 ach níor cuireadh tús leis an obair ar feadh cúpla mí mar gheall ar na ceannaithe a bhí go láidir i gcoinne an athraithe ó Theach an Chustaim ag Droichead Shráid Capel. Leagadh an chéad chloch an 8 Lúnasa 1781 agus cuireadh i gcrích é i 1791. Chuaigh Gandon ar ais go Londain chun cuairt a thabhairt ar a bhean agus a chlann nuair a bhí Teach an Chustaim á thógáil. Bhí sé i gceist aige a theach a dhíol agus filleadh ar Bhaile Átha Cliath lena chlann, ach bhí a bhean tinn agus bhásaigh sí go gairid tar éis dó a theacht. D'fhill sé ar Bhaile Átha Cliath i Márta 1782 lena thriúr páistí ab óige; James a bhí ocht, Mary Anne a bhí deich, agus Elizabeth a bhí sé bliana d'aois.

I 1784 thug Gandon faoi thógáil an tí cúirte nua i bPort Láirge. I rith na 1780aidí bhí Gandon mar chomhairleoir ag Choimisinéirí Shráideanna Leathana Bhaile Átha Cliath agus dhear sé roinnt foirgneamh lena n-áirítear Droichead Carlisle agus feabhsúcháin ar ospidéal agus gairdíní an Rotun da. Ag an am céanna fuair sé coimisiún chun síneadh a chur le Teach an Pharlaimint ar Shráid Westmoreland. Cuireadh tús leis an obair i mBealtaine 1785 agus críochnaíodh é an 29 Aibreán 1789, ag costas beagán os cionn fiche míle punt.

Tar éis bháis Thomas Cooley i 1784, ceapadh James Gandon chun an obair thógála ar na Ceithre Chúirt nua a chur i gcrích. Leagadh an bunchloch an 3 Márta 1786. Leagadh an bunchloch i gcomhair sciathán thoir an chuid eile de na hoifigí i 1798. Cuireadh críoch leis an obair ar deireadh in 1802.

Ba iad Óstaí an Rí an mórfhoirgneamh deireanach a rinne sé i mBaile Átha Cliath. Tógadh é idir 1795 agus 1827, agus é seasta idir Sráid Henrietta agus Bóthar Ghlas Caonóg. Tá athchóiriú suntasach déanta air le déanaí ag Binseoirí Chumann Onórach Óstaí an Rí. Is sa seomra bia ansin atá an t-aon obair intí de chuid Gandon (seachas cúpla seomra taobh istigh den phóirséaid thoir i bhfoirgneamh Bhanc na hÉireann) atá fós slán i mórfhoirgneamh poiblí. Dódh nó buamáladh an chuid eile go léir i rith cogaí na 20ú haoise luaithe, nó tá siad athraithe go suntasach ó shin.

Tar éis saol fada torthúil, cuireadh é, ar a iarratas féin, in uaigh a dhlúthchara Francis Grose i reilig Dhroim Conrach. Deir an inscríbhinn: "Such was the respect in which Gandon was held by his neighbours and friends from around his home in Lucan that they refused carriages and walked the 16 miles to and from Drumcondra on the day of his funeral."

Ag déanamh taiscéaladh ar Na Ceithre Chúirt

An Halla Cruinn

Rinneadh cur síos ar Halla Cruinne na Ceithre Chúirt tráth den saol mar ' croílár fisiciúil agus spioradálta an fhoirgnimh'. Tagann abhcóidí, cléirigh dlí na n-aturnaetha, cliaint agus foireann cúirte le chéile anseo roimh agus tar éis trialacha. Bhí an bloc lárnach seo ag croílár na n-athruithea rinne Gandon do bhunphleananna ailtireachta Thomas Cooley i gcomhair an fhoirgnimh. Ba iad na ceithre chúirt a mba chúis leis an ainm ná Seansaireacht, Státchiste, Binse an Rí agus Pléadálacha Coiteanna. Tá trastomhas de 64 tr aige, cruinneacháin taobh istigh agus taobh amuigh agus colbha de cholúin Chorantacha. Cé go bhfuil an struchtúr mórán mar a bhí sé nuair a dhear James Gandon é (féach Luathstair) roimh an tine i 1922, bhí an maisiú inmheánach i bhfad níos ilchasta. Bhí dealbha de bhreithiúna agus dlíodóirí Éireannacha ag seasamh sna cuasáin, bhí leaca cloiche ar an urlár agus bhí obair an dealbhóra Edward Smyth ar an gcruinneachán.

An Cruinneachán

Tá cruinneachán na gCeithre Chúirt ina ghné suntasach despéirlíne Bhaile Átha Cliath, agus roimh don euro a theacht isteach bhí sé le feiceáil ar airgead na hÉireann (an nóta £20). Bhí sé i gceist ag Gandon ar dtús aghaidh bríce a chur ar an gcruinneachán taobh istigh, ach ar deireadh shocraigh sé plástar ar fhrámáil adhmaid a úsáid. Seans go raibh sé beartaithe mar leabharlann i dtús báire ach ina ionad sin ba thaisclann i gcomhair taifid an Ard-Aighne a bhí ann. Faoi 1812, bhí caoga is a dó tonna meáchain sna cáipéisí go léir agus ba ghá iad a thógáil as ionas nach ndéanfaí damáiste do struchtúr an fhoirgnimh. Cé go bhfuil an cruinneachán istigh fós cosúil le bundearadh Gandon, bhí an cruinneachán amuigh (cosúil leis an Halla Cruinn) níos maisithe le hobair stucó Edward Smyth. Dhealbhaigh sé na dealbha ar dhíon an fhoirgnimh freisin, agus d'oibrigh sé le Gandon ar Theach an Chustaim. Rinneadh damáiste suntasach dó mar thoradh ar an tine a tharlaigh nuair a ionsaíodh na Ceithre Chúirt i 1922 nuair a ghlac fórsaí frith-Chonradh a bhí faoi cheannas Rory O'Connor seilbh ar an bhfoirgneamh. Thóg T.J. Byrne, agus a fhoireann oibre córas ilchasta scafaill chun scrúdú a dhéanamh ar cé chomh mór is a bheadh an tionscadal athchóirithe. Atógadh an cruinneachán le coincréit threisithe agus rinneadh é seo in aon bheart amháin le fiche fear ag obair tríocha uair an chloig ina iomláine, le briseadh gairid amháin.

Bhí beagnach na colúin Chorantacha ar fad sna Ceithre Chúirt pléasctha, tar éis na Ceithre Chúirt a bheith ionsaithe i 1922. Bhí an balla eibhir taobh istigh fós slán den chuid is mó nuair a baineadh as iad. Mar gheall go raibh siad snoite ar gach taobh ó thús, d'fhéadfaí iad a rothlú timpeall ionas go raibh aghaidh na dtaobhanna a rinneadh damáiste dóibh istigh. Cuireadh macasamhail déanta as cloch bhréige in áit péire de na colúin a bhí scriosta go hiomlán agus úsáideadh córas inmheánach frámála cruaiche chun tacú leis na ballaí seachtracha agus chun urláir coincréite treisithe a iompar.

Príomhoifig na hArd-Chúirte

Is i bPríomhoifig na hArd-Chúirte a chuirtear tús le formhór cásanna sibhialta Ard-Chúirte. Ní dhearnadh mórán athrú uirthi ón uair a bunaíodh an Stáit go dtí go ndearnadh obair athchóirithe suntasach i 2002. Bhí timpeallacht oibre níos gile agus níos gairmiúla mar thoradh ar an obair athchóirithe sin, ach níor laghdaíodh an stair a bhí ag baint leis. Mar chuid den mhórthionscadal seo, bogadh Leabharlann na mBreithiúna (a bhí ar an gcéad urlár de sciathán Thoir an fhoirgnimh seo) go dtí an dara urlár in Áras Uí Dhálaigh. Mar chuid de na hoibreacha ar an Sciathán Thoir tógadh staighre eile ag an taobh den fhoirgneamh ba ghaire don abhainn, rud a theastaigh ar chúiseanna sláinte agus sábháilteachta chun go bhféadfaí an Sciathán a fholmhú i gcás éigeandála. Rinneadh ath-shreangú ar an Sciathán freisin chun an chumhacht a theastaigh i gcomhair soilsiú nua-aimseartha agus córais TFC a chur ar fáil.

Tá an bun-urlár ar fad tógtha suas ag an bPríomh-Oifig agus tá an chuid is mó de chláraitheoirí na hArd-Chúirte ar an gcéad urlár. Tá oifigí ag an gcuid eile acu ar an dara urlár, agus tá athmhúnlú déanta ar Chúirt 29 (an Chúirt Choiriúil Chuarda) agus a seomra giúiré agus an seomra breithiúna a théann léi chun spás a dhéanamh don staighre nua. Tá seomraí folctha foirne agus poiblí nuachóirithe agus tá caighdeáin reatha sláinte agus sábháilteachta curtha i bhfeidhm ar an ardaitheoir.

Rinneadh go leor athruithe sa cheantar rochtana poiblí freisin. Tá suíocháin atá deartha go speisialta ann le béim ar limistéar feithimh geal agus compordach a chur ar fáil agus tá na ríomhairí rochtana poiblí ann chomh maith. Tá oifigí Chláraitheoir agus Bhainisteoir na Príomh-Oifige sa rannóg seo freisin agus tá deasca an chuid eile den fhoireann oibre i rannóg dúnta. Tá na sean-chuntair ag a mbíodh custaiméirí ag suí tógtha as agus cuntar fada cuarach curtha ina n-áit atá déanta as mahagaine agus gloine le maisiú práis air. Tá monatóirí le scáileáin réidh ag na stáisiúin oibre ag an gcuntar seo chun an méid agus is féidir spáis a chur ar fáil don phobal. Tá an Seomra Liosta ar an gcéad urlár anois, in aice Oifigí na gCláraitheoirí agus le rochtain furasta don phobal.
Tuilleadh Eolais maidir leis an bPríomh-Oifig

An Leabharlann Dlí

Tá an Leabharlann Dlí ar an mbun-urlár de na Ceithre Chúirt díreach ar chúl na Cúirte Uachtaraí. Cuireann sé áiseanna gléasta agus áiseanna béile ar fáil d'abhcóidí chomh maith lena phríomh-fheidhm mar leabharlann. Tá go leor athruithe déanta air ó bhunphleananna James Gandon agus fiú ó rinneadh an obair athchóirithe in 1897. Ina phleananna i gcomhair an fhoirgnimh chuir James Gandon an seomra feistis i gcomhair abhcóidí faoin Halla Cruinn. Bhí an ceantar seo míchompordach mar go mbíodh uisce ag teacht isteach ann agus mar gheall ar sin bhí sé fuar agus tais.

Sa bhunfhoirgneamh bhí an Leabharlann Dlí os cionn an Halla Cruinn sna Ceithre Chúirt. Nuair a tugadh isteach an Four Courts Library Act i 1894, cuireadh airgead ar fáil le haghaidh leabharlann sa sciathán thoir (mar gur críochnaíodh 'sciatháin' ollionad na gCeithre Chúirt in 1803). Tá an leabharlann seo ar an dá urlár uachtarach den sciathán seo. I measc na ngnéithe breátha sa leabharlann 'nua' seo bhí dhá staighre agus trí mhórfhuinneog dhaite. Bhí leagan amach na leabharlainne cosúil le leagan amach leabharlann an lae inniu, le deasca fada agus pasáiste lárnach ach suite idir colúin mhóra. Chuir tinteáin oscailte le hatmaisféar choláisteach an leabharlainne seo.

Mar thoradh ar bhombardú an fhoirgnimh i 1922, bhog an leabharlann go Caisleán Bhaile Átha Cliath go sealadach. Roimh don Bharra é a athlonnú, bhí an áit ina bhfuil an Leabharlann Dlí anois á húsáid ag an gCumann Dlí mar halla bia agus amharclann ar urláir éagsúla. Spéisiúil go leor is é an taobh thiar den bhloc seo taobh an bharra agus an taobh thoir taobh an Chumainn Dlí.