Arbh eol duit?
» Is gunna Rúiseach a gabhadh i rith an chogadh Criméach os cionn 100 bliain ó shin í an chanóin atá ina seasamh ag barr na gcéimeanna ag teach cúirte Cheatharlaigh. Tá sí ann mar chomóradh ar na hoifigigh agus na fir Éireannacha go léir a bhásaigh sa Chogadh Criméach.
» Tógadh na Ceithre Chúirt ar shuíomh Prióireacht Doiminiceach Naomh Saviour (Blackfriars) ón 12ú aois.
» Is iad na cúig dhealbh atá ar dhíon na Ceithre Chúirt ná Maois, Ceartas, Trócaire, Údarás agus Eagna.
» Scriosadh taifid ocht gcéad bliana i 1922 nuair a d'ionsaigh arm an tSaorstáit na Ceithre Chúirt agus iad ag iarraidh deireadh a chur le seilbh na reibiliúnaithe frith-Chonraidh ar an bhfoirgneamh.
» Bhuaigh Teach Cúirte Shligigh Duais Timpeallachta ó An Taisce i 2003 i gcomhair 'An tAthchóiriú is Fearr de Chuid an Rialtais ar Fhoirgneamh Stairiúil'.
» Bhí na Ceithre Chúirt déanta suas as Seansaireacht, Státchiste, Binse an Rí agus Pléadálacha Coiteanna i dtús báire.