Cuairteanna scoile
Tá fáilte roimh scoileanna cuairt threoraithe réamheagraithe a thabhairt ar na Cúirteanna Breithiúnais Coiriúil.
Beidh deis mar chuid den cuairt seo feidhmiú na gcúirteanna a phlé le habhcóide atá i mbun cleachtais.
Tá súil againn go mbeidh an cuairt níos spéisiúla agus níos tairbhí trí chur chuige eagraithe a chur ar fáil.
Níl ach spás teoranta i seomraí cúirte don phobal agus d'fhéadfadh duine a thugann cuairt gan socrú a dhéanamh roimh ré a bheith an-mhíshásta leis an gcuairt. Is minic go mbíonn na cúirteanna plódaithe agus b'fhéidir go mbeadh sé deacair na himeachtaí a leanúint.
Sonraí faoi chuairt treoraithe
Tugtar grúpaí ar cuairt eagraithe faoi dhó sa lá, ar a 9.30 r.n. agus ag 1.10 i.n. ag tráthanna áirithe sa bhliain.
- Cuirtear tús leis na cuairt ag 'Schools Meeting Point' sa Halla Mór sna Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla.
- Ba chóir go mbeadh múinteoir amháin le gach 12 dalta, agus níor chóir go mbeadh thar 24 dalta in aon ghrúpa ar bith.
Déanfar gach iarracht a chinntiú go mbeidh grúpaí in ann freastal ar éisteacht chúirte. Baineann sé le nádúr imeachtaí cúirte go bhféadfadh sé go mbeadh laethanta ann nuair nach mbeadh aon chás oiriúnach á éisteacht ag am an cuairt. D'fhéadfadh sé tarlú freisin nach mbeadh na cásanna a bheadh á n-éisteacht oiriúnach - mar shampla d'fhéadfadh an fhianaise cur as do na daltaí is óige.
Sa seomra cúirte
Ní haon údar gáire iad na himeachtaí a théann ar aghaidh i gcúirt. Déileálann na cúirteanna le hábhair thromchúiseacha a mbíonn tionchar acu ar shaol daoine.
Ba chóir duit ómós a bheith agat trí bheith ciúin agus gan cur isteach ar an gcúirt ná ar aon duine eile sa seomra cúirte.
I bhfoirgneamh na cúirte
Ba chóir duit a bheith ciúin sna pasáistí agus i gcodanna eile d'fhoirgneamh na cúirte.Ní cheadaítear a bheith ag ithe ná ag ól ach amháin i limistéir ainmnithe.
Le cuairt a chur in áirithe:
Téigh i dteagmháil le hOifig Faisnéise na Seirbhíse Cúirteanna ag schooltours@courts.ie sé mhí ar a laghad sula bhfuil sé ar intinn cuairt a thabhairt. Tabharfar dáta agus am duit don turas.
Ar lá do chuairte féin, ní mór:
- Teacht chuig an ionad coinne faoi thráth nach déanaí ná 9.15 r.n. do thuras na maidine agus faoi thráth nach déanaí ná 1.05 i.n. don turas san iarnóin
- Féachaint chuige go bhfuil gach duine sa ghrúpa ag caitheamh éide scoile má tá a leithéid agaibh
- Seolfar do grúpa isteach i seomra cúirte agus tabharfaidh abhcóide cuntas gearr daoibh ar fheidhmiú na gcúirteanna agus ar na nósanna imeachta a leantar
- Thart faoi 15 nóiméad sula dtosaíonn éiseacht cúirte seolfar do ghrúpa isteach i semora cúirte eile.
Is féidir le himeachtaí cúirte a bheith fada go maith, agus molaimid duit fanacht sa chúirt go dtí a 1.00 i.n i gcás turais mhaidine agus 4.00 i.n. i gcás turais iarnóna chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil ar siúl.
Is oth linn gan a bheith in ann áiseanna páirceála a chur ar fáil.
Ábhar úsáideach a d'fhéadfaí a léamh roimh do thuras:
Leabhrán a mhíníonn imeachtaí cúirte agus cuntas ann ar chás coiriúil agus ar chás sibhialta.