Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Íocaíocht

Níl aon íocaíocht i gceist i gcomhair seirbhís giúiré. Ní cheadaítear costais taistil. Má tá tú ag freastal mar ghiúróir, cuirfear lón ar fáil ar an lá nó na laethanta a bhfuil an triail á éisteacht.

Má tá tú féinfhostaithe agus nuair a chiallaíonn do fhreastal ar sheirbhís ghiúiré nach féidir leat luach saothair a shaothrú, is féidir go gcáileofá chun a bheith saor ó sheirbhís ghiúiré; is faoin gCláraitheoir Contaeatá sé an cinneadh sin a dhéanamh.

Má tá tú fostaithe, cuireann alt 29 de Acht na nGiúiréithe, 1976 an dualgas ar do fhostóir cead a thabhairt duit freastal i gcomhair seirbhís giúiré. Deir an dlí freisin gur ionann an t-am a chaitear ar sheirbhís giúiré agus am a bhfuil an fostaí fostaithe. I bhfocail eile, má tá tú fostaithe agus go bhfuil tú ag freastal i gcomhair seirbhís giúiré, tá tú i dteideal íocaíocht a fháil chomh fada is atá tú imithe ón obair. Tá aon duine go bhfuil conradh fostaíochta acu (is é sin, oibrithe sealadacha, oibrithe atá ar chonradh srl.) i dteideal íocaíocht a fháil óna bhfostóir chomh fada is atá siad ar sheirbhís giúiré. Níor cheart go gcaillfeá aon chearta fostaíochta eile chomh fada is atá tú ag freastal ar ghiúiré. Cuirfidh an Cláraitheoir Contae teastas tinrimh ar fáil ach é a iarraidh.