Cúirt: Uachtarach
Ábhar: Nótairí poiblí
Catagóir: Sibhialta
SC08 - Ceapadh nótairí poiblí ag an bPríomh Bhreitheamh
De bhun na gcumhachtaí a dílsíodh dom faoi ordú 127 de Rialacha na nUaschúirteanna (Uimh. 2 de 1993) eisím leis seo na an treoir agus an rialachán seo a leanas maidir le hiarratais a dhéanann daoine lena gceapadh ina nótaire poiblí:
1. Nuair a dhéanann achainíoch iarratas go gceapfaí é/í mar Nótaire Poiblí ní bheidh sé riachtanach dó/di a chruthú nach bhfuil go leor nótairí ann chun oiread gnóthaí nótairí a dhéanamh is a shásódh riachtanais gnó agus tráchtála sa contae, sa chathair nó sa dúiche dá bhfuil sé/sí ag iarradh an ceapachán agus ní bheidh sé riachtanach tagairt a dhéanamh do chúrsaí den sórt san iarratas nó sna cáipéisí tacaíochta.
2. Beidh éifeacht leis an treoir seo ar 26 Eanáir, 2006 agus ar aghaidh.
John L. Murray
Príomh-Bhreitheamh
25 Eanáir 2006